Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Is léir anois, áfach, go gcreideann an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, nach raibh na leasuithe a bhí beartaithe ag an aire a bhí ann roimhe, John O'Donaghue, sách leathan.
leis an dlí a chur i bhfeidhm to enforce the law
" In 2002, cruthaíodh dúinn nach bhfuil reachtóirí ár stáit ná na daoine atá ceaptha leis an dlí a chur i bhfeidhm le trust ach oiread.
ag sárú an dlí violating the law
" Is éard atá ann ná daoine ag sárú an dlí.
ag géilleadh do dhlí an tslua giving in to mob rule
" Dúirt na hOráistigh, áfach, go mbeifí ag géilleadh do dhlí an tslua dá ndéanfaí é sin.
ag sárú an dlí breaking the law
" Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an Gharda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an bhóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i mbaol.
de thairbhe an dlí nua due to the new law
" Ach má bhíonn dlí Westminster i réim, beidh tábhairneoirí a dhíolann bia faoi láthair ag déanamh cuntais agus éireoidh siad as an bhia i bhfábhar tobac má chailleann siad airgead de thairbhe an dlí nua.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
ag sárú an dlí breaking the law
" Dála go leor acu siúd a bhí gníomhach i gConradh na Talún, níl taithí ag an chúigear fear Gaeltachta seo ar bheith ag sárú an dlí.
an Aire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Tá moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm to implement the law of this State
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
ag sárú an dlí breaking the law
" Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm to implement the law of this State
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" ” Is léir go bhfuil an-drochmheas aici ar an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell.
an tAire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Cúpla lá i ndiaidh dó éirí as, bhí deis iontach acu an craiceann is luachmhaire sa chomhaireacht a fheannadh – an tAire Dlí is Cirt, Michael McDowell.
riail an dlí the rule of law
" Tá croí na faidhbe i bhfad níos simplí - baineann sé le riail an dlí.
in aghaidh an dlí against the law
" Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stad leosan fosta.
an córas dlí the legal system
" Sa scrúdú eile, beidh ar dhaoine tuairim is 30 ceist a fhreagairt a bhaineann le cúrsaí na hAstráile, ina measc an córas dlí, toghcháin agus dúchasaigh.
an léachtóir le dlí the law lecturer
" I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF.
tá an dlí á chur i bhfeidhm! the law is being implemented!
" Anois tá an spriocleibhéal íslithe go mór agus tá an dlí á chur i bhfeidhm! Tá sciar den locht, mar sin, ar na Gardaí as cuid den phobal bheith ar nós cuma liom maidir le bheith ag ól agus ag tiomáint.
ag iomardú an dlí seo anois, challenging this law now,
" Faraor, is deacair duine ar bith a shamhlú ag iomardú an dlí seo anois, ós rud go bhfuil sé sa mbunreacht.
cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí. the implementation of due process of law.
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
an dlí diaga the divine precept
" Scríobh sé gur cheart do dhaoine an dlí diaga a leanúint: “in doing to others, as we would wish others do unto us.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
Mhol siad gur cóir an dlí a leasú the recommended that the law should be ammended
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil something which violates constitutional law
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
cion de réir an dlí an offence under law
" Ní féidir le *Beo!* breithiúnas a thabhairt maidir le cé acu an bhfuil coir – ceann morálta nó cion de réir an dlí – déanta ag Ó Searcaigh, nó nach bhfuil.
fir de réir an dlí, men according to the law
" Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.
gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe that the planning pressure group Airdeall had to threaten legal action against Galway County Council
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
an socrú dlí a shíniú, to sign the legal arrangement,
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
ag sárú an dlí breaking the law
" Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.
aghaidh an dlí against the law
" Tháinig na sluaite amach ar shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers).
ní shárófar an dlí the law shall not be over-ruled
" B'shin "ní shárófar an dlí as seo amach ar mhaithe le slándáil.
sáraíodh an dlí the law was thwarted
" " Ba theachtaireacht do lucht cosanta Mheiriceá seo freisin: gur shíl rialtas Obama gur sáraíodh an dlí faoin réimeas deireannach.
i muinín an dlí resorted to law
" Mar a dhéantar go minic nuair a fhulaingítear éagóir, chuathas i muinín an dlí.
i muinín an dlí to law
" Chuathas i muinín an dlí, leis, agus ag deireadh na nóchaidí rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go gcaithfidh an comhlacht Urrá S.
gcuirfear an dlí air he’ll be charged
" Cé gur bhris Cantor dlí SAM – Achta Logan – ní móide go gcuirfear an dlí air.
An gcabhróidh na leasuithe dlí shall the law reforms help
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
de chóras an dlí of the legal system
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
de réir an dlí according to law
" "* Tugann siad aird ar aimhrialtacht sa Ríocht Aontaithe mar seo: de réir an dlí anseo, níl tú i do dhuine fásta go dti go mbaine tú 18 bliana d'aois amach.
dlí uathúil an ghasúir special law relating to juniors
" Roimhe sin, is gasúr thú agus beidh tú faoi réir dlí uathúil an ghasúir.
dlí an Bhunreachta constitutional law
" Ba é Troy Davis an 1,269ú duine a cuireadh chun báis sna Stáit Aontaithe ó 1976, nuair a thug na cúirteanna cead do na stáit agairt an bháis a úsáid arís, tar éis sos ceithre bliana nuair a rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go raibh sé in aghaidh dlí an Bhunreachta.
an dlí coiteann common law
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
i réimse an dlí is an riaracháin in the area of law and admistration
" Réiteach amháin ar cheist na n-inimirceach lasmuigh den dlí ná stádas dleathach a thabhairt dóibh, nó san nath teicniúil a úsáidtear i réimse an dlí is an riaracháin, iad a thabhairt chun rialtachta.
an tAire Dlí is Cirt the minister for justice
" Ag tús na mílaoise, agus 12,000 iarratas ar chead cónaithe ó thuismitheoirí a raibh a leanaí ina saoránaigh Éireannacha, thosaigh an tAire Dlí is Cirt ag eiteach na n-inimirceach seo agus ag ordú dóibh imeacht ó Éirinn.
dlí an mhargaidh i réim the law of the market is in charge
" Fad is a bheidh éagothroime dhomhanda agus dlí an mhargaidh i réim, beidh an gháinneáil ar dhaoine linn.
an Roinn Dlí is Cirt Dept. of Justice
" Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann, de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin.
ach an dlí a thabhairt faoi when the law attempts to do something about it
" Ba cheart deireadh a chur le córas an ainm chleite agus sílim go gcuirfear, ach an dlí a thabhairt faoi go hidirnáisiúnta.
Is treise an Dlí Canónta Canon Law is uppermost
" Is treise an Dlí Canónta, agus araile.
Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach of the thin mantle of international law only
" Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd.
Tá an dlí seo ina údar achrainn this law is a cause of dispute
" Tá an dlí seo ina údar achrainn anois de bharr seanbhean as Nua-Eabhrac, a thug dúshláin an Achta um Cosaint an Phósta, ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi.
Dá scriosfaí an dlí úd should that law be negated
" Dá scriosfaí an dlí úd, chuirfí iachall ar gach stát sa tír póstaí aeracha a aithint, cuma cá dtarla siad.
tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le the law in Spain operates in a different way entirely to
" Ó thaobh ceart slí de, tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le dlí na hÉireann - is é sin, tá cead spaisteoireachta agat ar thalamh oscailte de ghnáth agus cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat fosta.
géilleadh do dhlí an Stáit submit to the laws of the ‘land’
" Anuas ar sin, ar ndóigh, ní mór don bpolaiteoir géilleadh do dhlí an Stáit i gcónaí.
ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm law ought to be enforced
" Leanfaidh scéal ghuagacht chórais airgid an domhain ar aghaidh go ceann cúrsa, ach in Éirinn agus in gach tír, ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm gan bheann ar leithscéalta faoi ‘a culture of x nó y’.
Maítear go mbeadh feidhmiú an chórais seo it’s claimed that the operating of this system would ag teacht leis an dlí conform with the laws
" Maítear go mbeadh feidhmiú an chórais seo ag teacht leis an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta, ach tá cúiseanna maithe le déanaí, san Eoraip is sna Stáit, le hamhras maidir le hiompar na n-údarás i leith sonraí pearsanta.
an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta the law in the empire’s second city
" Tugann *City of Gangs* le Andrew Davies (Hodder & Stoughton) léargas ar an dóigh a raibh tionchar nach beag ag fadhbanna a bhí fós gan réiteach in Éirinn ar fhadhbanna sóisialta agus ar an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta.
dá gcuirfí an dlí um were the law in relation to
" Ní bheidh a fhios againn go deo cén toradh a bheadh ar an Ghéarchéim Rialtas Dúchais dá gcuirfí an dlí um Rialtas Dúchais (1914) i bhfeidhm.
mar gheall ar an dlí seo due to this law
" Seo ceann de reachtanna na Géarleanúna atá fós i bhfeidhm agus mar gheall ar an dlí seo a cuireadh Maolra Seoighe chun báis mar ní raibh Béarla ar bith aige agus ní raibh Gaeilge ar bith ar an Bhreitheamh nó ag coiste na cúirte ina thriail.
nach gcuirfí an dlí orthu they wouldn’t be charged with an offence
" Ach is í an cheist mhór ná an bhfuil an tUasal Panti Bliss ag fáil céatadáin den airgead a thugann RTÉ amach do dhaoine a mhothaíonn go bhfuil Miss Panti i ndiaidh iad a mhaslú? Ní gá don Uasal Bliss ach dul ar chlár teilifíse ar feadh cúpla bomaite agus a rá go bhfuil a leithéid seo nó a leithéid siúd hómafóbach, agus bíonn RTÉ sásta airgead mór a íoc lena leithéid seo nó a leithéid siúd chun nach gcuirfí an dlí orthu.
poblachtachaí in ann an dlí a sheachaint republicans able to avoid the law
" Má bhí poblachtachaí in ann an dlí a sheachaint, nár chóir go bhfaigheadh Paratrúpaí Dhomhnach na Fola deis an rud céanna a dhéanamh? An Sprioc: Síth do Shaighdiúirí Shasana ================= Níorbh fhada go raibh Peter Hain ar an teilifís agus ar an raidió ag rá an rud ceannann céanna.
Chuir siad an dlí air they took him to court
" Chuir siad an dlí air agus rialaigh an breitheamh gur sháraigh Bolt alt 18C thuas sna colúin.
an dlí úr a rith to enact the new law
" Níl FÁS ann níos mó, ach beidh tithe fáis ann a luaithe is a gheobhaidh mise deis an dlí úr a rith.
fiú amháin más gá an dlí náisiúnta a bhriseadh even if we must break the national law
" Is é sin, mar a bhfuil gníomhartha coiriúlachta á ndéanamh ag an stát, go luíonn dualgas orainn mar shibhialtaigh, fiú amháin más gá an dlí náisiúnta a bhriseadh, go gcaithfidh tú iarracht a dhéanamh an choiriúlacht a stad.
Is féidir go gcuirfear an dlí ar an gceathrar the four may be charged
" Is féidir go gcuirfear an dlí ar an gceathrar, agus ar an dochtúir a thug comhairle do Bromson, de bharr gur coir é cuidiú le duine é féin a ídiú.
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Creideann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil a fhios ag an Aire Dlí agus Cirt agus ag ceannasaíocht an Gharda Síochána níos mó faoi bhás Eddie Fullerton i nDún na nGall ag tús na nóchaidí ná mar atá siad sásta a admháil.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Léiríonn eolas nua atá faighte ag Breandán Delap go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Dlí agus Cirt faoina chomhrac le Frank Connolly.