Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uile-aimseartha all weather
" Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga.
uile-aimsire all weather
" Leagadh béim san treoirphlean ar an ngá a bhí le páirceanna den scoth le haghaidh na hiomána (faoi mar atá sna contaetha láidre iomána) ach, cé gur fíor go bhfuil roinnt clubanna tar éis cur go mór lena gcuid áiseanna féin, idir pháirceanna maithe, pháirceanna uile-aimsire agus áiseanna taobh istigh, is tearc iad na páirceanna atá oiriúnach don iomáint agus níl lárionad ná acadamh tógtha fós.
uile bréan bailithe dubh dóite den doineann all completely fed up with the bad weather
" B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.