Mo mháistir *renku* (saghas nascvéarsaíochta atá gaolmhar leis an haiku) i mo theannta, an tOllamh Shinku Fukuda - is ball mé de Chumann Renku Bhealach na Bó Finne, dála an scéil - agus ball eile den ghrúpa idirnáisiúnta renku, Fusako Matano, inár dteannta.
B’ionann sin agus tréas i súile lucht leanúna Man Utd mar, de bharr an “cheangail stairiúil” leis an tír seo, ceapadh go “seasfadh” McManus agus Magnier an fód ar son gnáthlucht leanúna Man United i gcoinne an “namhad” ón taobh amuigh.
Gan trácht fiú ar ráiteas cáiliúil Oliver Wendell Holmes gurbh ionann focal ann le *“the skin of a living thought”*, níor shásaigh dearbhuithe oifigiúla an Choiste Slándála gach éinne.
Ná fiafraigh díom cén cainéal a raibh na cluichí sin á gcraoladh orthu áfach!
I gcoinne thuairim Ui Ruairc, deir John Greene ar an bpáipéar céanna nach bhfuil an CLG ag tabhairt cúl le muintir na hÉireann agus nach bhfuil sa mhargadh atá déanta acu le Sky ach dul chun cinn ar an dul céanna le craoladh na gcluichí Gaelacha ar Theilifís Éireann sna 1960í.