Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ainmniú denomination
" Is é $100 an t-ainmniú is mó den dollar, ach toisc go bhfuil nóta €500 le fáil anois, tá sé níos éasca méideanna móra airgid a iompar in euro.
ainmnithe as called after
" Tá sé ar oileán atá ainmnithe as Mochaoi agus tá cabhsa ann anois go dtí an mórthír.
ainmnithe named
" Is é seanadóir Fhianna Fáil, Don Lydon, an duine is deireanaí atá ainmnithe ag Frank Dunlop.
Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat name some singers that you like
" AÓF: Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat agus cad iad na saghsanna ceoil a thaitníonn leat? DNíS: Is breá liom na hamhránaithe Meiriceánacha cosúil le Emmylou Harris, Dolly Parton agus Alison Krauss, ach fós is breá liom Kate Rusby ó Shasana, Niamh Parsons ó Bhaile Átha Cliath agus Mairead Ní Mhaonaigh ón ngrúpa Altan.
ainmnithe nominated
" Tá Mundy ainmnithe le haghaidh dhá cheann de na gradaim seo: an tAmhránaí Fir Éireannach is Fearr agus an tAlbam Éireannach is Fearr (*24 Star Hotel*).
ainmnithe named
" Tá foireann sacair, Mac Dara, a bunaíodh i 1981, ainmnithe i ndiaidh phátrún an bhaile.
ainmnithe as named after him
" Cad é an dóigh a raibh a fhios agam seo? Mar go raibh sráid ainmnithe as cúpla bloc ón áit ar mheas mé a raibh sé ina chónaí.
ainmnithe as lus named after a plant
" Tá teaghlach s'aici uilig ainmnithe as lus.
an duine as ar ainmníodh an leathinis the person after whom the peninsula was named
" Bhíodh Niall Naoi nGiallach ina rí anseo - b'athair Eoghain é, an duine as ar ainmníodh an leathinis.
ainmníodh é as it was called after
" Tús ======= Cuireadh tús le Taispeántas Turner chóir a bheith 20 bliain ó shin agus, go híorónta, ainmníodh é as duine de na péintéirí móra Sasanacha, JMW Turner.
ainmnithe nominated
" Rinneadh athsheoladh air i 1991 agus cuireadh teorainn aoise (50 bliain) i bhfeidhm i gcás na n-ainmnitheach.
a ainmniú to name
" Ach, dár ndóigh, tá an fear céanna an-chúramach gan aon bhall ar leith de Shinn Féin a ainmniú.
ainmnithe as named after
" Mar thoradh air sin, chuas i dteagmháil le hOndrej Pilný, stiúrthóir ar Ionad Léann na hÉireann i Karlova Univerzita (atá ainmnithe as Cathal IV, a bhí mar Impire Naofa na Róimhe sa cheathrú haois déag).
ainmnithe as named after
" Tá an teach pobail seo ainmnithe as Elizabeth Ann Seton, an chéad naomh a rugadh i Meiriceá.
a ainmniú to name
" Lena chois sin, caithfear cur go mór leis na háiseanna athchúrsála atá ar fáil, oideachas níos fearr a chur ar mhuintir na hÉireann, idir óg agus aosta, maidir leis an chomhshaol, agus leathnú a dhéanamh ar an pholasaí atá ag údaráis áitiúla áirithe daoine atá ciontach as cion bruscair a ainmniú go poiblí.
a ainmníodh as which was named after
" Chuaigh mé suas sráid darbh ainm Nerudova, a ainmníodh as an scríbhneoir Seiceach Jan Neruda.
na saothair ainmnithe the nominated works
" “Seolann an tAcadamh breis is 30 scannán chugam sa bhliain ar eagla nach bhfuil na saothair ainmnithe feicthe agam,” a deir sé.
ainmnithe as named after him
" Tierney Place, ainmnithe as chomh maith.
ainmnithe as an úinéir named after the owner
" Tá an teach tábhairne teaghlaigh, atá ainmnithe as an úinéir a tháinig chun na Stát Aontaithe lena bhean agus ceathrar páistí i 1957, suite díreach trasna ó acadamh míleata an *West Point*.
go n-ainmneofaí é that he be named
" In alt a scríobh Rachel Zoll, agus a foilsíodh go forleathan i nuachtáin Mheiriceá ag deireadh na míosa seo caite, luaigh sí oifigeach de chuid na Vatacáine, nach raibh sásta go n-ainmneofaí é, a dúirt go mbeadh treoir ag teacht go luath ó Chomhairle Oideachas Caitliceach na Vatacáine ag dearbhú nár cheart go ndéanfaí homaighnéasaigh a oirniú as seo amach.
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú the person whom the party is expected to nominate will not be nominated
" Ligfear do Callely rith arís agus ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.
Ainmneofar spiairí eile other spies will be named
" Ainmneofar spiairí eile sna míonna atá le theacht, gan amhras.
ainmnithe as named after
" É féin a chuir amach é – Seven Towers Press (ainmnithe as Baile Munna).
ainmneofar an Béarla English will be named
" Mar chuid den bhille seo, ainmneofar an Béarla mar "Theanga Náisiúnta na Stát Aontaithe".
ainmnithe as named after
" Tagann buíonta eile atá ainmnithe as James Connolly agus ceannairí Éirí Amach 1916 anall le bheith ag seinm i bparáidí poblachtánacha agus tá Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile mar thoradh ar dhea-obair Cholmcille (nó Iomairt Cholmcille, mar a tugadh air).
go n-ainmneofaí duine acu that one of them be named
" Bheadh siad ag súil, ar an rud is lú, go n-ainmneofaí duine acu mar Cheann Chomhairle – Tony Gregory, b’fhéidir.
ainmnithe nominated
" D’fhéadfaí, cuir i gcás, na himreoirí a bheadh ainmnithe ina n-ábhair Réalta a roghnú le himirt ar na foirne cúige agus go roghnófaí na Réalta díreach i ndiaidh na gcluichí idirchúige, a d’imreofaí thar dhá dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, coicís nó mí, abair, i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann.
ainmnithe named
" Is cosúil go bhfuil a fhios go maith aige go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, go háirithe agus an Iaráin ainmnithe aige san “axis of evil”.
foireann na ré órga sin a ainmniú to name the team of that golden era
" An fhoireann is fearrDá mbeadh orm foireann na ré órga sin a ainmniú níl aon dabht orm ná gurb í foireann Uíbh Fhailí ab fhearr ar fad, b’fhéidir an fhoireann iomána is fearr a chonaic mé riamh.
ainmnithe as an gcathair san Ísiltír named after the city in the Netherlands
" Harlem, ainmnithe as an gcathair san Ísiltír ar ndóigh, is ea an chéad cheantar eile.
deichniúr seanadóirí a ainmniú, to name ten senators,
" Dá n-iarrfá ar chéad duine ar shráid ar bith in Éirinn deichniúr seanadóirí a ainmniú, ní bheadh tuairim ag an chuid is mó acu.
na chéad trí suíochán a ainmniú. to name the first three seats.
" Faoi leathuair tar eis a naoi, tar éis dhá sheáp a thabhairt timpeall an halla, tá ar mo chumas na chéad trí suíochán a ainmniú.
a ainmniú. nominate
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
a ainmníodh as which was named after
" Is é Bennelong an t-ainm atá ar thoghcheantar Howard, a ainmníodh as fear bundúchasach áitiúil.
duine amháin a ainmniú to nominate one person
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
a ainmníodh in ómós which was named in honour (of)
" Ní haon ionadh é go raibh an leabhar seo le feiceáil ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló 2007, duais an Oireachtais a ainmníodh in ómós don bhleachtaire ildánach agus uileláithreach a chruthaigh Cathal Ó Sándair.
ainmniú name
" De réir shuíomh gréasáin na heagraíochta, déanann SPNF "Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfCS) a ainmniú agus a chosaint.
ainmníodh was named
" Is urbhreith é an bhliain seo don fhoireann, tharla gur ainmníodh traenálaí nua na foirne.
nár ainmníodh was not named
"nár ainmníodh an t-oifigeach i Roinn an Stáit san alt sin dar teideal “*For sale: West’s deadly nuclear secrets*,” is léir ó fhoinsí inchreidte eile - Antiwar.
Ainmníodh was named, proclaimed
"Ainmníodh 26 Eanáir mar ‘Lá na hAstráile’ go hoifigiúil sa bhliain 1946, agus ceithre bliana déag ní ba dhéanaí, Ainmníodh an chéad duine mar ‘Astrálach na Bliana’ ar an lá.
ainmniú name
" Tá cúirt uachtarach in Éirinn, agus an ról ceanann céanna aici agus atá ag ceann Mheiriceá (ar ndóigh, tá codanna go leor de Bhunreacht na hÉireann bunaithe ar Bhunreacht Mheiriceá), ach is annamh é i mbéal na ndaoine mar atá ceann Mheiriceá, agus is beag Éireannach, fiú iadsan atá ardoilte, a d'fhéadfadh baill na Cúirte Uachtaraí a ainmniú.
ainmniú to name
" Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis.
ainmnithe named
" Tá an t-ionad ainmnithe i gcuimhne Sheáin Uí Chanáin, fear a chaith saol fada ag obair ar son na Gaeilge i nDoire agus a bhí ina chathaoirleach ar an choiste fhorbartha a d’oibir leis an Chultúrlann a thabhairt ar an saol.
ainmníodh were nominated
" Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor.
n-ainmnítí used to be nominated
" Bhíodh sé de nós, mar shampla, go n-ainmnítí gach ball den chomhaireacht ag na dronganna éagsúla, agus ní raibh le déanamh ag an gceannaire ach a bpunann a roghnú.
Ainmníodh was nominated
" =========== Ainmníodh an leabhar seo ar Ghearrliosta Ghradaim Leabhair na Bliana do pháistí a eagraíonn Leabhair Pháistí Éireann agus Bisto.
ainmní subject
" Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na habairtí ann a bheith roinnte ina ainmní-briathar-cuspóir.
ainmnithe nominated
" Don chéad uair riamh tá spéis ar leith agam ann: tá mo phodchraoladh, The Rosie View, ainmnithe agus curtha ar aghaidh chuig an mbabhta deireanach moltóireachta.
Ainmníodh í she was nominated
" Ainmníodh í mar Dhornálaí an Chomórtais ag deireadh Chraobhchomórtas an Domhain agus aithníodh mar Dhornálaí an Domhain í in 2008, ach is aisteach nach bhfuil aitheantas níos fairsinge tugtha dá cuid gaisce ina tír dhúchais.
d'ainmnigh nominated
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
ainmníodh was nominated
" Tá stair ag Duais Turner i gcathair Dhoire cheana féin nó ainmníodh an t-ealaíontóir áitiúil Willie Doherty don duais i 1994 agus 2003 chomh maith le iarchoimeádaí an Orchard Gallery i nDoire, Declan McGonagle, i 1987, atá anois ina stiúrthóir ar an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh i mBaile Átha Cliath.
d’ainmnigh nominated
" 
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.
ainmniú to nominate
" Nuair a toghadh Jimmy Carter mar uachtarán i 1976, deirtear gur theastaigh uaidh Ball a ainmniú mar Rúnaí Stáit, ach chuir cairde Iosrael i Meiricéa deireadh leis an smaoineamh sin.
Ainmnigh name
" com/) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Ainmnigh an baile mór i Maigh Eo ina bhfuil Cló Mhaigh Eo? ===================== Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
n-ainmnítear duine a person is named
" Is gné neamhghnáth de shochaí na hAstráile é go n-ainmnítear duine go hoifigiúil gach bliain mar Astrálach na Bliana.
Ainmníodh was named
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
ainmnithe named
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
ainmníodh named
" Ar ndóigh, thug an Captaen James Cook, arbh as Albain a athair, cúpla cuairt ar na hoileáin seo sna 1770í agus is as féin a ainmníodh an t-oileánrach.
ainmníodh nominated
" Tá an scéal ag gabháil thart gur ainmníodh Baltimore Maryland as ‘barúnacht’ i gContae Liatroma/Longfoirt sa bhliain 1625 nuair a bronnadh talamh agus teideal, ‘Barún Baltimore’ ar George, ach níl barúntacht den ainm sin ann.
ainmniú to name
" Ní hamháin sin, ach níl sé ceadaithe tuairisciú a dhéanamh ar an iarratas don urghaire ná an té atá á lorg a ainmniú.
ainmniú na mná naming the woman
" * Níl aon chosc ar ainmniú na mná a bhí páirteach sna caidrimh sheachphósta, áfach, rud nach bhfuil sásúil ná cothrom.
Ainmníodh was appointed
" Iomlánú an duine – nach sin bun agus barr an oideachais? Ainmníodh Cearbhall Ó Dálaigh mar uachtarán sa bhliain 1974, tar éis do Erskine Childers bás a fháil, de thaom croí, gan ach bliain go leith dá théarma curtha isteach aige.
ainmníodh was nominated
" Bhuaigh sé duais ag an bhFéile Scannán in Cannes sa bhliain 2006 agus ainmníodh é don duais Oscar mar an scannán is fearr i dteanga iasachta sa bhliain chéanna.
ainmniú to nominate
" Ar roinnt cúiseanna, rinne Fine Gael éagóir ar an dtír, nuair a dhiúltaigh siad ainmniúchán d’iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox.
seisear ainmnithe six nominated
" Trí chomhalta dhéag a bhí ar an chéad bhord, seachtar tofa agus seisear ainmnithe.
sular ceapadh na baill ainmnithe before the nominated members were appointed
" I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn 'vehemently opposed to the appointment' agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe.
ainmnithe go díreach directly nominated
" ) - Aon duine dhéag atá ainmnithe go díreach ag an Taoiseach.
ainmníodh tusa you were nominated
" **CF: Agus ainmníodh tusa do ghradam an Irish Times ESB Theatre Award an bhliain sin i 2003 dod ról.
Ainmníodh was named
" Ainmníodh an áit as Chathair Orléans na Fraince, ar ndóigh, ach freisin i ndiaidh Pilib, Diúc Orléans.
shaothar ainmnithe nominated work
" Ar an 6 Iúil, 1994 nocht Uinsionn sa cholún Tuarascáil go raibh an leathchos eile san uaigh ag Peig Sayers bhocht mar go raibh a dírbheathaisnéis le baint mar shaothar ainmnithe de shiollabas na hArdteiste.
ainmnithe ag named by
" Tar éis Eilean a’ Chalmain a fhágaint ar dheasbhord, stiúradh an bád idir Bogha nam Ramfhear agus Ruadh Sgeir: is mar sin atá an dá charraig ainmnithe ag an British Admiralty ar an gcairt mhara.
ainmnithe do na gradaim ailtireachta nominated for the architectural awards
" Tá Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar na foirgnimh is suntasaí sa chathair, é ainmnithe do na gradaim ailtireachta *The Stirling Prize* agus *The Venice Biennale*.
ainmnítear are named
" Ar a laghad ar bith ainmnítear na naoscairí go minic agus is dóigh gur cosaint de shaghas éigin dúinn uilig a fhios a bheith againn cé hiad – Colm Cúipéir, Bearnárd Ó Brógáin, Annraoi Ó Sibhleáin is araile.
a ainmníodh who was named
" Fionraí trí chluiche a leag údaráis an Chumann Lúthchleas Gael d’éiric ar an imreoir a ainmníodh.
ainmnithe de bharr nominated as a result
" Tá an scannánadóir Laure Prouvost ainmnithe de bharr na suiteálacha atmaisféaracha atá cruthaithe aici agus Tino Sehgal de bharr an tsaothair atá seiftithe aige bunaithe ar dhaoine ag bualadh le chéile i suíomhanna institiúideacha.
ainmnithe i gcuimhne an ealaíontóra named in memory of the artist
" Thosaigh an comórtas, ainmnithe i gcuimhne an ealaíontóra J.
Ainmneofar an buaiteoir the winner shall be named
" Ainmneofar an buaiteoir ar an 2 Nollaig 2013.
ainmniú to nominate
" Cá bhfuil Sarah Palin, a raibh cáil dhomhanda uirthi cúig bliana ó shin, agus nach bhfeictear í ar chor ar bith níos mó? Is é taoiseach neamhoifigiúil na gluaiseachta faoi láthair ná Ted Cruz, seanadóir a toghadh anuraidh, nuair a bhuaigh sé ainmniúchán a pháirtí in aghaidh leasghobharnóir Téacsas.
ainmnithe in ómós do name in honour
" com/watch?v=gHZvbluadIQ> Chuaigh muid síos Swirral Edge ansin agus ar ais go Patterdale, atá ainmnithe in ómós do Naomh Pádraig.
ainmnithe i ndiaidh mo mhuintire féin named after my own people
" Droichead na Dothra agus Bóthar Shíol Bhroin, ainmnithe i ndiaidh mo mhuintire féin.
Ainmníodh was nominated
" Ainmníodh an t-albam The Incident ar ghearrliosta ghradam na Grammys sa bhliain 2010, agus bhíomar an-bhróduil as sin.
ainmniú to name
" Tá sé fíor-riachtanach córas ainmniúcháin geografach a thagann faoi chúram údarás amháin a chur i bhfeidhm in Éirinn chun gnéithe fisiceacha agus áiteanna pobail a ainmniú.
ainmníodh was nominated
" ‘Is Tír Í Québecois’ ======== Tháinig an crú ar an tairne agus fuair lucht na gceisteanna an freagra a bhí uathu nuair a ainmníodh Pierre-Karl Péladeau mar iarrthóir an Páirtí Québecois roimh an toghchán.
n-ainmneodh would nominated
" *' Lena chois sin, mhaígh an tAire Stáit Mc Ginley go mbeadh gné thofa ann i dtólamh sa mhéid is go n-ainmneodh na Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéir cúigear ball eile.
ainmnithe nominated
" Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.
in-ainmnithe a possible nomination
" An-inmholta agus in-ainmnithe d’Oscar a bheadh scannán seo Malik, ach ní saothar gan locht é dar le Pat Butler.