Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
goilleadh orthu affecting them
" Ba bhreá liom an lár a fheiceáil agus é faoi bhláth, ach caithfear a admháil gur fearr lenár seanchoirp, agus an t-airtríteas ag goilleadh orthu, compord an mhóstáin nó an ionaid saoire ná cruatan an champa.
a bheith ag gabháil dóibh affecting them
" Lean imreoirí áirithe ag imirt in ainneoin gortú a bheith ag gabháil dóibh, ach ní fhéadfaidís leanúint leo go brách.
ag goilleadh ar thuairim is affecting about
" Dar le taighde a rinneadh sa bhliain 2007, tá SAD ag goilleadh ar thuairim is 20% de bhunadh na hÉireann, agus léirigh an staidreamh gurb iad na mná a bhíonn thíos leis níos mó ná na fir.
atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine which is affecting people
" Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
ag goilliúint ar fhir óga affecting young men
" Tá go leor díospóireachtaí inniu in Éirinn faoi conas ár gcuid seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú, go háirithe agus fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe ag goilliúint ar fhir óga na tíre ach go háirithe.
ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae affecting more men each day
" Ach sna laethanta seo, leis an méid béime atá curtha ar an aclaíocht agus ‘*six packs*’ i measc na bhfear tá an galar seo ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae” a dúirt Simon.
gan cur as don amchlár teagaisc without affecting the teaching timetable
" Bheadh sé i gceist go n-úsáidfí an t-am sin le go bhféadfadh muínteoirí freastal ar chruinnithe éagsúla, ar chúrsaí oiliúna, cruinnithe le tuismitheoirí agus seasamh isteach do mhúinteoir a bheadh tinn nó gafa le hobair eile, gan cur as don amchlár teagaisc.
ag cur isteach ar aerthaisteal affecting air travel
" Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010.
fadhbanna meabhrach ar psychological problems affecting
" Le cois na heitinne, is léir go bhfuil fadhbanna meabhrach ar Alina, galar na scitsifréine san áireamh.