Creideann Stephen Rowen, stiúrthóir an Rutland Centre, ionad ina dtugtar cabhair d'andúiligh, gur ar dhaoine óga idir 18-25 atá an chuid is mó den mhargaíocht seo dírithe.
Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.
Ach bí san airdeall sna míonna atá romhainn: beidh cúrsaí fuinnimh agus an fhorbairt inbhuanaithe ag éirí níos tábhachtaí i measc an phobail – anseo in Éirinn (agus olltoghchán ag druidim linn), san Eoraip go léir, agus fiú amháin i gcás an andúiligh fuinnimh is mó ar domhan, na Stáit Aontaithe.