Is maith liom a bheith ag siúl, agus siúlaim an t-am ar fad nuair a bhím thall (diomaite de chúpla tacsaí nuair a bhím ró-ólta le mo bhealach féin a dhéanamh go dtí an t-óstán), ach an chrágáil fánach seo thart ar shiopaí gan sprioc ná aidhm – bheir sé cráphian mhillteannach in íochtair mo dhroma – síceasómatach, gan amhras, ach fós do mo chraplú.
Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.