Léirigh an ministir Preispitéireach, John Dunmore Lang, an cineál meoin a bhí ag cuid de na coilínigh áitiúla nuair a scríobh sé chuig Rúnaí na gCoilíneachtaí i Londain ag impí air “virtuous and industrious Protestants” a chur amach ar inimirce seachas mná Caitliceacha Éireannacha, ar eagla go ndéanfaí an choilíneacht “Tipperarified”!
Mar gheall ar na hailt sna nuachtáin, ar na gearráin a rinne mionlach beag de na fostóirí agus ar na litreacha agus
achainíocha a scríobh daoine ar nós Lang chuig na húdaráis sa Bhreatain, cuireadh deireadh leis an scéim inimirce sa bhliain 1850.