Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bundúchasach aboriginals
" Píosa é a dhéanann iniúchadh ar an dearcadh coilíneach a bhí ag an Chaptaen James Cook agus a chuid fear i leith na mbundúchasach nuair a bhain siad an Astráil amach.
bhundúchasach aboriginal
" Bhí Chipawa, teanga bhundúchasach Cheanadach, ina príomhtheanga agus an Ghaeilge sa dara háit.
bundúchasach aboriginal
" Is anseo a bhí an náisiún bundúchasach ar a dtugtar na Kaurna.
bundúchasaigh aboriginals
" Tá teoiric eile ann freisin - gur bunaíodh é ar chluiche a bhí á imirt ag bundúchasaigh na hAstráile le tamall maith, b'fhéidir na céadta bliain, sular leagadh síos rialacha dó sa naoú céad déag.
bhundúchasaigh aboriginals
" Thuig mé an focal "dúchas" den chéad uair, agus go leor againn de bhunadh an domhain thuaidh anseo san Astráil inár gcónaí sna cathracha móra, agus sinn scartha go hiomlán ó dhúchas agus ó bhundúchasaigh na tíre seo.
na ndúchasach of the aboriginals
" Beidh béim ar mhargaí nideoige - éiceathurasóireacht, bia is fíon, agus turasóireacht bunaithe ar stair agus ar chultúr na ndúchasach.
bhundúchasaigh aboriginals
" Bhí sí ina hiarrthóir do na Liobrálaigh sa toghchán sin ar dtús go dtí gur díbríodh í nuair a dúirt sí rudaí maslacha faoi bhundúchasaigh na hAstráile.
bundúchasaigh Aboriginals
" AÓF: An raibh mórán de theagmháil agat le bundúchasaigh na hAstráile nó ar tháinig tú ar aon tuiscint faoina dtraidisiúin siúd ó thaobh na hamhránaíochta de? MÓS: Táim an-cheangailte agus an-mhór leo, agus lena dtraidisiún, agus is minic a chanaimid inár dteanga féin dá chéile.
sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre in the way the aboriginals of the country were treated
" Ar ndóigh, tá sé le feiceáil le fada sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre ar chuile bhealach agus níl deireadh tagtha leis sin go fóill.
teanga bhundúchasach aboriginal language
" Tugtar an “Gabba” ar an staid seo toisc go bhfuil sé suite sa bhruachbhaile Woolloongabba, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cainte agus troda” i dteanga bhundúchasach na háite.
bundúchasach aboriginal
" Is é Bennelong an t-ainm atá ar thoghcheantar Howard, a ainmníodh as fear bundúchasach áitiúil.
páistí Bundúchasacha aboriginal children
" Sa tuarascáil seo, tugadh “na glúnta goidte” ar na páistí Bundúchasacha a aistríodh go hinstitiúidí agus go teaghlaigh eile in éadan thoil a muintire.
Bundúchasaigh áitiúla, local Aboriginals
" Thug an Ngunnawal, Bundúchasaigh áitiúla, an logainm Canberra ar an gceantar, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cruinnithe”.
bundúchasacha native, aboriginal
" Gheall Howard agus an t-aire a bhí freagrach as gnóthaí bundúchasacha, Mal Brough, go gcaomhnófaí ord poiblí sna comhphobail agus caitheadh baill an airm chuig comhphobail áirithe le cuidiú leis na póilíní áitiúla.
mBundúchasach aboriginal(s)
" Rinne a scoileanna dianiarracht oideachas a thabhairt do pháistí na mBundúchasach freisin, tionscnamh ceannródaíochta faoin am sin.
muintir dhúchais aboriginal people
" Tá cead ag muintir dhúchais an tuaiscirt crogaill inbhir fhásta a mharú ina ndúiche traidisiúnta má mheastar go bhfuil siad á mbagairt.
an mhuintir dhúchais the Aboriginal people
" Tá oidhreacht Bhriotanach láidir san Astráil gan amhras, ach is tír ilchultúrtha í anois agus bhí an mhuintir dhúchais anseo le daichead míle bliain sular tháinig an Chéad Loingeas i dtír.
seanbhunadh aboriginal people
" De réir Arm na nIosraelach a mharaíonn daoine le ladrainn i nGaza, is iad muintir Ghaza an lucht sceimhle nuair nach bhfuil iontu ach seanbhunadh na tíre a cartadh as a dtithe agus as a dtailte féin agus a sáinníodh isteach ar mhullach a chéile, 1,657,155 duine i gceantar atá níos lú ná leath de Chontae Lú.
an chine dúchais the Aboriginal people
" PB Scripsit, san aer ag 39,000 troigh, agus ar ball i Parramatta ins na Bruachbháilte Thiar, Sydney – fearann atá naofa ag An Burramatta - iascairí agus caomhnóiri na nEascann domhain in insint álainn an chine dúchais.
ar caitheadh le bundúchasaigh aboriginals were treated
" Tugtar le fios freisin go ndéanann na húdair seo ionannú idir cruachás an chultúir Ghaelaigh agus an chaoi ar caitheadh le bundúchasaigh na hAstráile go stairiúil.
mhuintir dhúchais aboriginal people
" Is gnó-eagraí rathúil é Brim agus is ceannaire é ar mhuintir dhúchais an cheantair.
cúlra bundúchasach aboriginal background
" Anuas ar sin, mhol an tuarascáil go mbeadh maoiniú sa bhreis ar fáil do na scoileanna ina mbeadh mic léinn faoi mhíbhuntáistí éagsúla, eadhon míchumas, cúlra bundúchasach, bochtaineacht agus cúlra neamh-Bhéarla.
focal Bundúchasach an Aboriginal word
" Is focal Bundúchasach é Galong a chiallaíonn má seascainn (swamp plain).
dúichí an mhuintir dhúchais Aboriginal territories
" Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais.
mbundúchasaigh aboriginals
" Scríobh Bolt sna colúin go raibh na ceannairí seo ag maíomh go raibh siad ina mbundúchasaigh le tairbhí a bhaint as an ionannas.
ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh treating the Aboriginals badly
" Tá na rialtais stáit san Astráil fós ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
páistí Bundúchasacha aboriginal children
" Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970.
Mhuintir Dhúchais Aboriginal People
" Tá trácht ag Bearnaí Ó Doibhlin anseo ar an ‘sit down money’, nó an dól, a thugtar do Mhuintir Dhúchais na hAstráile.
sochaí an mhuintir dhúchais Aboriginal society
" Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil taighde as úire agus foilsiú i réimsí den léann acadúil ag oscailt súile daoine san Astráil i leith sochaí an mhuintir dhúchais thar mar a tuigeadh a scéal le cúpla glúin anuas.
muintir dúchais Cheanada Canada’s aboriginal people
" Deir Eoine Keane go bhfuil muintir dúchais Cheanada ag corraí is ag labhairt os ard, agus teastaíonn uathu go gcloisfear iad.