Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Breatnaigh the Welsh
" Ní mór dúinn dearcadh soir chuig ár gcairde, na Breatnaigh (< Breatain+nach = Prydeinig / Cruithin+neach), gur Cymry (= comh+brú) ó cheart iad! (Céard fúinn féin; an Gaeil gur Éireannaigh sinn, nó an Éireannaigh gur Gaeil sinn?) Ar chuma ar bith, fóireann focal dá gcuid siadsan, Breatnaigh, orainn go seoigh.
fogha an Bhreatnaiseora the Welsh speaker's quick effort
" Sin, nó arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi **ro**-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an lá, más ea, ó tosaíodh dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair! Ní fheadair mé cé mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas le 'Y Life' mar shanasaíocht.
an mBreatnais Welsh
" Beidh teastas nó céim ar fáil dóibh, leis an Ghaeilge mar phríomhábhar, agus deis taighde acu a dhéanamh ar an mBreatnais, ar Ghàidhlig na hAlban, ar an gCornais agus ar Ghaeilge Oileán Mhanann.
Bhreatnaigh Welsh people
" Daoine a raibh gaolta acu sa champa a bhí iontu den chuid is mó agus ba léir go raibh suim ag a lán acu, idir Éireannaigh agus Bhreatnaigh, sa tréimhse sin d'ár stair.
an Bhreatnais Welsh
" Bíonn thart ar chaoga mac léinn i ngach bliain agus cuirtear ar an eolas iad faoi na tíortha Ceilteacha agus a mbaineann leo sa chéad bhliain agus i ndeireadh an dara bliain roghnaíonn siad an Ghaeilge nó an Bhreatnais, chun í a dhéanamh sa dá bhliain amach rompu.
Breatnach Welsh
" Is fada an lá ó d'éirigh mé as mo chuid iarrachtaí cairdeas mná a chuartú ar an idirlíon, ach thit mé i ngrá faoi dheireadh le glór binn Breatnach.
Bhreatnais Welsh
" Sa seanam, bhí an Bhriotáinis an-chóngarach don Bhreatnais, ach anois ní féidir le duine as an Bhriotáin Breatnach a thuigbheáil.
Breatnach a Welsh person
" Sa seanam, bhí an Bhriotáinis an-chóngarach don Bhreatnais, ach anois ní féidir le duine as an Bhriotáin Breatnach a thuigbheáil.
Breatnais Welsh
" Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart.
fógraí Breatnaise Welsh signs
" Chuir Gwyn in iúl dom go raibh trioblóid sa cheantar le cúpla mí, go raibh duine nó daoine ag scrios fógraí Breatnaise, agus mar sin de.
an Bhreatnais Welsh
" Is ó mhiontheanga Cheilteach eile, an Bhreatnais, a thagann ceann de na cinn is faide: www.
Breatnaise Welsh
" Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc.
in éad leis na Breatnaigh jealous of the Welsh
" " Fiafraím de ar cheart do na Gaeil a bheith in éad leis na Breatnaigh.
rac-cheol na Breatnaise Welsh rock music
" Spreag muintir Cymdeithas yr Iaith Gymraeg mé, chuir mé an-dúil i rac-cheol na Breatnaise agus, níos faide anonn, d'amharc mé ar an stáisiún S4C ar bhonn laethúil.
bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise Welsh rock music was thriving
" Nuair a bhí sé ina dhéagóir sna 1970í, bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise, agus bhí leithéidí Barry Llewellyn agus Huw Jones i mbéal an phobail.
na Breatnaigh the Welsh
" Tá na hÉireannaigh agus na Breatnaigh ag teacht go Learpholl le blianta fada, ach tá ceangal láidir idir an chathair agus Oileán Mhanann fosta, agus tá bád farantóireachta gasta ag dul idir an dá áit.
Breatnaise Welsh
" Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc.
chuir na Breatnaigh an ruaig orthu the Welsh drove them out
" Chuaigh siad go hInis Mon ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu.
an Bhreatnais Welsh
" Dár ndóigh, is mór ag McLaughlin go bhfuil gné thrítheangach ag baint leis an tionscadal, is é sin go bhfuil an Ghaeilge, an Bhreatnais agus an Béarla i gceist.
na Breatnaigh the Welsh
" Ní dóigh liom go mbíonn na Breatnaigh mar sin," a deir sé.
grúpa Breatnach a group of Welsh people
" Ag triall ar Frongoch atá grúpa Breatnach an mhí seo, mí na saoirse d'Éireannaigh atá bródúil fós as Éirí Amach na Cásca 1916, agus tréimhse na saoirse fosta do mhuintir na Breataine Bige atá bródúil fós as Éirí Amach Owain Glyndwr 600 bliain ó shin ((www.
óráid i mBreatnais a speech in Welsh
" Thug Gwyn Sion Ifon óráid i mBreatnais ag an ócáid i bhFrongoch in 2002 agus tá sé ag obair i siopa leabhar Awen Merion Cyf ar phríomhshráid Bala.
an Bhreatnais Welsh
" De bharr uirlisí logánaithe nua a bheith tagtha chun cinn, is féidir linn leaganacha dár dtáirgí a sholáthar ar bhonn eacnamaíoch i dteangacha áitiúla breise, mar shampla an Íoslainnis, Maori, an Bhreatnais agus an Chatalóinis.
na Breatnaigh the Welsh
" Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod.
Breatnais Welsh
" Lena chois sin, tá altanna scríofa i réimse an-leathan teangacha, ina measc, an Ghiúdais, Éisbéiceastáinis, Breatnais, *Cherokee*, Háitis, Afracánais, Sicilis, Briotáinis, Téalainnis, agus fiú *Klingon*, gan ach dornán a lua.
Breatnais Welsh
" Dála na plaice féin ar an leacht, is dráma trítheangach é seo, i nGaeilge, Breatnais agus Béarla, agus tá sé ar camchuairt an mhí seo sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn (dátaí le fáil thíos).
an Bhreatnais the Welsh language
" Gné an-tábhachtach de shaol Aberteifi is ea an Bhreatnais, atá iontach láidir ansin.
Bhreatnaigh Welsh people
" Ach tá fíormheascán i gceist sa cheantar, idir Éireannaigh, Shasanaigh, Bhreatnaigh, agus daoine ón Afraic agus ón Áise.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.
i gcroílár cheantar Breatnaise na Breataine Bige in the heart of the Welsh language area of Wales
" Tá Caernarfon i gcroílár cheantar Breatnaise na Breataine Bige, agus beidh an-fháilte roimh phobail na nGaeltachtaí uilig ann.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.
an Bhreatnais Welsh
" Níor labhair an fear óg seo Béarla go dtí go raibh sé sé bliana d'aois, a d'inis sé dom, agus chaith muid seal ag déanamh comparáide idir an Ghaeilge agus an Bhreatnais.
seirbhís na Breataine Bige the Welsh service
" An chomparáid is sláine is féidir a dhéanamh ná comparáid le seirbhís na Breataine Bige agus an t-ioncam atá acusan i mbliana, idir an soláthar ón rialtas agus an soláthar ón BBC, a thugann 550 uair an chloig, dála an scéil, in aghaidh na bliana dóibh.
na Breatnaigh, the Welsh,
" Bhí Milford Haven oscailte d'ionsaithe ó na Breatnaigh, agus bhí deacrachtaí polaitiúla ag baint le Chester.
léiritheoir Breathnach Welsh producer
" “Bhí sé chomh simplí sin; bhí Channel Four ag an am ag cuartú ábhair agus thug léiritheoir Breathnach darbh ainm Karl Francis cuireadh dom dul chun na Breataine Bige le bheith mar léiritheoir cúnta ar scannán dá chuidsean.
tionchar Breatnaise agus Albanach influence of Welsh and of Scotch
" Ba chosúil gur ar an mBéarla a bhunaigh sé an córas litrithe ach d’fhéadfadh tionchar Breatnaise agus Albanach a bheith ann chomh maith.
Bhreatnais Welsh
" B’amhlaidh an cás sa Bhreatain Bheag, áit ar chinn an tAire Oidhreachta, Rhodri Glyn, le déanaí nach mbronnfaí an &pound;600,000 sa bhliain a bheadh de dhíth le nuachtán laethúil sa Bhreatnais a bhunú.
Cuimreach Welsh
" 'S e N&ograve;s &Ugrave;r an t-ainm a th' air an fharpais agus tha cuireadh a' dol a-mach gu luchd-ci&ugrave;il le na c&agrave;nanan a leanas: G&agrave;idhlig na h-Alba, Albais, Albais Ulaidh, G&agrave;idhlig na h-&Egrave;ireann, G&agrave;idhlig Mhanainneach, Cuimreach, C&ograve;rnach agus Breton.
Breathnaigh Welsh
" Mheas sí go misneodh sé na hAlbanaigh agus na Breathnaigh a bheadh ag iarraidh rialtas dá gcuid féin, ach chreid sí gur thábhachtaí cúrsaí slándála agus an bua a fháil ar an IRA.
lán-Bhreatnaise Welsh medium
" Freastlaíonn a cheathrar páiste scoil lán-Bhreatnaise agus sheas sé sa toghchán don Tionól i gCaerdydd i 2007.
Breatnaise of Welsh
" Measadh fear na Rúraíochta, Lugh Lámhfhada (agus Llew Llawgyffes na Breatnaise faoina leagan thoir) le dia na gealaí, éarlamh nimhe do Chú Chulainn.
mBreatnais (the) Welsh language
" Bhí sé le fáil i mBreatnais agus ar ndóigh i nGaidhlig na hAlban agus sa Chornais fiú amháin, teanga atá caillte le dhá chéad bhliain ar a laghad,.
Breatnaise Welsh language
" Ba chóir go mbeadh muid ag comhoibriú le lucht Ghaeilge na hAlban agus le muintir na Breatnaise fosta, ach arís, ní tharlaíonn sin ach anois is arís.
Modh na Breataine Bige the Welsh method
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru &ndash; Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
Bhreatnais Welsh
" “Dáiríre, bhí suim níos mó agam sa Bhreatnais ach tharla go bhfuil Gaeilge níos fearr agam.
Cymdeithas yr Iaith Gymraeg the Welsh Language Society
" Cymdeithas yr Iaith Gymraeg =============== Ní raibh Cymdeithas yr Iaith Gymraeg sásta le sin ar chor ar bith.
seandálaí Breatnach Welsh archaeologist
" D’fhoilsigh an seandálaí Breatnach, Rhys Maengwyn Jones, staidéar sa bhliain 1969, fágaim, inar thug sé *“firestick farming”* ar an dóigh a riaraidís a ndúiche.
chleacht na Breatnaigh the Welsh used to use
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
monabhar Breatnaise a murmur of Welsh
" Inár suí dúinn sa gcúlsheomra ag ól an tae tar éis an cheoil, bhí monabhar Breatnaise agus monabhar Béarla le cloisteáil againn timpeall na mbord.
muintir na Breataine Bige the Welsh people
" Dúirt mé leis go raibh Rialtas na Breataine ag cabhrú le muintir na Breataine Bige atá ina gcónaí sa Phatagóin agus iad ag iarraidh teanga s’acu a theagasc.
chuir na Breatnaigh an ruaig orthu the Welsh hunted them
" Chuaigh siad go Ynys Môn ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu.
Modhaigh na Breataine Bige the Welsh Methodists
" Anglachánaigh Chorn na Breataine, Modhaigh na Breataine Bige, Preispitéirigh, agus Saor-Phreispitéirigh go háirithe, na hAlban, is céim idé-eolaíoch ar leith ar shiúl iad ó chreidimh Londain, Protastúnachas Anraí viii.
Breatnaigh in aghaidh na nGael Welsh people against Irish
" Táimid ag amharc go bunúsach ar athimirt cluiche garbh Arverni na Gaille in aghaidh na nEilbhéiseach – Helvetti - in am Chéasair, Breatnaigh in aghaidh na nGael in Éirinn, Gaeil na hÉireann in aghaidh na mBreatnach sa Bhreatain Bhig (‘Fedlimid h.
Chreach na Gaeil teanga na Breatnaise the Irish robbed wholesale from the Welsh
" Chreach na Gaeil teanga na Breatnaise agus thóg a n-ainm féin, más fíor, ó Gwyddel na teanga sin – oiriúnach go leor nuair a chuirtear san áireamh gurbh é ceann de bhunbhríonna an fhocail sin ná creachadóirí.
an Bhreatnais, idir shean agus nua Welsh, both old and new
" Blianta beaga ó shin más ea, bhí an Ghaeilge agus an Bhreatnais, idir shean agus nua, á saothrú in ollscoileanna go leor ar fud na Gearmáine: Freiburg, Ollscoil Humbolt i mBeirlin, Wuppertal, Marburg, Potsdam, Halle agus Bonn cuir i gcás.
Breatnaigh Welsh people
i mBreatnais in Welsh
" Llandudoch ==== An dara fód ar casadh mo chois ann an lá sin, St Dogmaels is ainm dó nó Llandudoch i mBreatnais.
thóg na Breatnaigh built by the Welsh
" Má tá dhá ní ann a thóg na Breatnaigh tar éis bhunú an tSeanaid i 1999 le haird an tsaoil a tharraingt ar an tír, sin iad an Milennium Stadium don rugbaí agus Canolfan y Mileniwm don cheol iad.
lucht labhartha na Breatnaise of Welsh speakers
" Seachas oíche ar bith d'oícheanta an tsaoil, bhí lán a' tí de lucht labhartha na Breatnaise tagtha i láthair don Schubertiade.
sliocht i mBreatnais a piece in Welsh
" Tharla leathbhliain roimhe sin agus mé i mo shuí sa halla céanna ag éisteacht le ceol gur scríobh mé sliocht i mBreatnais in ómós d'áilleacht na háite.
pulcadh Breatnaise a stuffing of Welsh
" Fuair mé pulcadh Breatnaise oíche faoi Nollaig in Aberteifi.
ach rabharta Breatnaise just a flood of Welsh
" Focal Béarla ní raibh á labhairt san áit ach rabharta Breatnaise.
an Bhreatnais Welsh
" Bhí agus tá Gaeilg in Arm Shasana, chomh maith le Gaeilg na hAlban agus an Bhreatnais.
ritheadh a leithéid don Bhreatnais such was enacted for Welsh
" Is maith leis an Bhanríon Eilís an cúpla focal Gaeilge a labhairt in Éirinn, ach an mbeidh deacracht aici má dhéanann sí amhlaidh sa Tuaisceart? Is é Tuaisceart Éireann an t-aon chuid den Ríocht Aontaithe (taobh amuigh de Shasana féin) nach bhfuil dlí ann chun an teanga dhúchais a chosaint – ritheadh a leithéid don Bhreatnais i 1993 agus do Ghaeilg na hAlban i 2005.
Llwybr Arfordir Cymru the Welsh coastal path
" Tá feachtas poiblíochta in Éirinn ag Rialtas na Breataine Bige faoi láthair chun daoine a mheallú don tír sin, áit a bhfuil Llwybr Arfordir Cymru ann.
Bhreatnais Welsh
" Bíonn Blas ar an Bheagán ========== Mar aon leis na himeachtaí ceoil bhí blaschúrsaí teanga ann a thug deis d’fhoghlaimeoirí beagán de Ghaeilge na hAlban, na hÉireann, den Mhanannais agus den Bhreatnais a fhoghlaim chomh maith le sraith léachtaí ar ghnéithe de bhéascna agus de theangacha na gCeilteach.
ngleannta guail na Breataine Bige Welsh coal valleys
" Déanann Campbell cur síos gairmiúil sonrach ar shaol Jenkins, saol a tosnaíodh i ngleannta guail na Breataine Bige tar éis an Chéid Chogaidh Mhóir.
Arfordir Cymru of the Welsh coast
" com* ar an téad chéanna le béim mhór ar shiúl sléibhe agus ar an chosán chósta atá acu anois, Llwybr Arfordir Cymru.
shean-nósanna na Breataine Bige old Welsh traditions
" Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.
bpríomhchathair na Breataine Bige the Welsh capitol
" Bhí an World Music Exposition i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caedydd, faoi Shamhain i mbliana.