Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ón tsícé on psyche
" Chum sé an téarma *Art Brut*, ealaín amh, mar gur mhothaigh sé gur shaothar é a tháinig díreach ón tsícé agus nach raibh truaillithe ag gnáis an phobail.
shícé psyche
" Ar cheart dúinn, mar sin, maithiúnas a thabhairt do McCarthy as a chuid peacaí agus dearmad a dhéanamh go ndearna sé damáiste an-mhór do shícé Mheiriceá.
sícé psyche
" Tá an séanadh fréamhaithe go domhain i sícé na n-aontachtach.
i sícé na bhfear. in the psyche of men
" Tá rud iontach domhain i sícé na bhfear.
saol agus sícé life and psyche
" Stiúrthóirí ar suim leo saol agus sícé na ndéagóirí caillte a mhaireann ar faobharimeall shochaí bhriste, dhíluachaithe na linne seo.
a fuair greim docht ar aigne na hÉireann which took a firm grip on the Irish psyche
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
bhfuil sé bainteach leis an aigne seo is he connected to this psyche
" Meas tú, an gceapann sé go bhfuil sé bainteach leis an aigne seo nó an bhfuil sé ag iarraidh éalú uaidh mar fhear Gaeltachta? Tar ar ais go Camus ======== D'fhág sí mé go uaigneach in sa ngleann, uaigneach gan chairde ná gan chlann, chuaigh sí anonn, go Boston Mheiriceá Tar ar ais go Camus sin mo phaidir chuile lá Tar ar ais go Camus, tar ar ais go Camus, tar ar ais, nuair a bhíonn an féar ag fás Tá saol an bhaitseailéara anseo i gCamus i gcruachás.
i sícé na nÉireannach in the Irish people’s psyche
" “Sílim go bhfuil rud éigin i sícé na nÉireannach a ghlacann le rudaí” arsa Róisín.