Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scoil na nÍosánach the Jesuit school
" Fuair Pádraig a chuid bunscolaíochta go háitiúil ach chinn sé ar a dhul go cathair na Gaillimhe le freastal ar an mheánscoil de bharr go raibh cara dá chuid, Máirtín Ó Domhnaill, ag dul go scoil na nÍosánach ansin, Coláiste Iognáid.
Íosánach Jesuit
" Tá buíochas tuillte ag an Athair Diarmuid Ó Péicín, Íosánach, a chuidigh le haird an phobail agus an rialtais a dhíriú ar an eagóir a bhí á déanamh ar Thoraigh agus na seirbhisí cuí a bhaint amach do phobal an oileáin.
scoil Íosánach Jesuit school
" Tar éis a chuid oideachais a fháil i scoil Íosánach i Learpholl, fuair Béaslaí post mar iriseoir gairmiúil agus bhí sé ina eagarthóir ar an *Catholic Times *ar feadh tamaill.
meon casta Íosánach Dev Dev's complicated Jesuit mind
" Cáipéis chlasaiceach is ea í, a bhfuil meon casta Íosánach Dev le léamh ar gach siolla, consan, focal, abairt, fochlásal agus alt.
Íosanach Jesuit
" php?page=ff&tid=17) Faoi láthair tá Brian ag obair ar chlár faoin Athair Joe Mallin, Íosanach agus mac le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach.
Íosánach Jesuit
" Chuaigh an tAthair Mallin mar Íosánach ar na misin chuig an tSín i 1948.
Iosánach a Jesuit
" Thóg Frank Browne (1880-1960), Iosánach a bhí ar bord Titanic go díreach roimhe sin, an grianghraf seo.
Íosagánach Jesuit
" “Is cuimhin liom mé féin ag cur ceiste ar an Aire Oideachais, Fernando Cardenal, sagart Íosagánach, cén fáth go raibh siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chúrsaí oideachais agus dúirt sé liom ‘el education es muy importante”.
Ionad Cumarsáide na nÍosánach Jesuit Communication Centre
" Nuair a bhunaigh Alan Mac Eochagáin, SJ, agus a chomhghleacaithe in Ionad Cumarsáide na nÍosánach suímh urnaithe (ceann i nGaeilge ina measc) i 1999 ba bheag a shíl siad go mbeadh trí mhilliún cuairteoir acu taobh istigh de thrí bliana.