"Ceann de na pictiúir is gáirsiúla, is mímhorálta agus is scannalaí dá bhfaca mé riamh …"
Ráiteas é sin a tháinig ó bhéal an pholaiteora den eite dheas Giorgos Karatzaferis nuair a chonaic sé saothar de chuid an ealaíontóra Bheilgigh Thierry de Cordier darb ainm "Asperges Me (Dry Sin)" in *Outlook*, an taispeántas nua-ealaíne is mó a bhí riamh le feiceáil sa Ghréig.