óna Rúnaí Roinne
from his Departmental Secretary
Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo
óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
tarraingthe óna chuimhne
drawn from his memory
Tá comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad
tarraingthe óna chuimhne.
teacht slán óna thuras féin
to survive his own journey
Ar a laghad, d'éirigh le Jerry McAuley
teacht slán óna thuras féin as Éirinn go Nua-Eabhrac.
muid a scaradh óna chéile
to separate us
"Tá siad ag iarraidh
muid a scaradh óna chéile, mar go raibh muid in ann acu.
nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile
when the two sides will split from each other
Tá tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am
nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile.
óna bhrat néalta
from its covering of clouds
Dúirt Denise go bhfuil Cnoc Bréanainn taobh thiar dá teach, ach níl mé féin ábalta a rá go cinnte go bhfuil sé sin fíor mar nár tháinig sé amach
óna bhrat néalta an tseachtain ar fad.
óna gcomhoileánaigh
from their fellow islanders
D'aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na *mash tubs*, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d'ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha
óna gcomhoileánaigh.
óna shaothar
from his work
Bhí seanchara Kelly, colúnaí an *New York Times *Maureen Dowd, i measc na ndaoine a labhair faoin chuimhne a bhí acu air agus a léigh
óna shaothar.
óna cholainn fhearga fheiceálach
from his conspicuous virile body
I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire fá choinne cúpla seachtain a chaitheamh ar a shuaimhneas, a bholg bhiata bhlonagach le grian gheal an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla a bheith lena thaobh, scaifte péas armtha i bhfáinne thart air le cailíní na háite a choinneáil amach
óna cholainn fhearga fheiceálach.
óna ghlúin féin
from his own generation
Chuir Emmet Stagg i gcuimhne don rialtas na hÉireannaigh
óna ghlúin féin arbh éigean dóibh dul go Sasana chun obair a fháil sna 1950í agus 1960í, dream atá anois sean, agus go minic ina n-aonar agus bocht, in áiteanna mar Londain, Manchain, Birmingham agus Learpholl.
níos deighilte óna chéile
more separated from each other
De réir gach taighde - agus tá sé soiléir do dhuine ar bith atá ina chónaí sa taobh seo tíre - tá daoine
níos deighilte óna chéile ná mar a bhí siad riamh.
óna ghairm
from his calling
Ach is cuma cén caitheamh aimsire atá aige, ní féidir duine a scaradh i gcónaí
óna ghairm.
óna chuid stocaireachta
from his lobbying
Tá cearta agamsa fós ar an ainm sin!”
Ag breathnú siar anois air, áfach, tá an fear ag a bhfuil an t-ainm "Teilifís na Gaeilge" beagán míshuaimhneach faoin stáisiún a tháinig
óna chuid stocaireachta.
óna heaspa gnímh féin
from her own lack of action
B’fhíor di ach, arís eile, bhí sí ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile le haird a tharraingt
óna heaspa gnímh féin maidir leis an ghné seo den fhadhb.
óna shean-naimhde
from his old enemies
D’oibrigh gach rud amach dó, cé go raibh na gnáthionsaithe i gceist
óna shean-naimhde i nuachtán an *Sunday Independent*.
ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte
to get rid of the Iranian accent from his speech
Mhúin siad cúpla focal Gaeilge dó, chomh maith leis an Ghréigis agus an Laidin
ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte.
leis an dá dhream a scaradh óna cheile
to separate both sides from each other
Ach mar thoradh ar na cainteanna idir Kelly agus an PSNI, ní raibh saighdiúirí na Breataine le feiceáil ar na sráideanna, níor tógadh na fálta móra a bhíonn ann
leis an dá dhream a scaradh óna cheile agus bhí an mórshiúl síochánta.
óna chomharsa bhéal dorais
from its next-door neighbour
Chomh luath is a bhí an teorainn trasnaithe agam, bhraith mé go raibh an tírín beag seo go hiomlán difriúil
óna chomharsa bhéal dorais.
a bhogadh óna bogha
to move from her bow
Uaireanta croitheann sí a ceann siar lena gruaig fhada chatach
a bhogadh óna bogha agus uaireanta eile tagann meangadh áthais chun a béil ach, tríd síos, dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol a bhíonn sí.
óna chara charthanach chomhbhách
from his charitable and sympathetic friend
Chuir an priompallán sin Éamonn Ó Doornail, *an t-eagarthóir*, mar a thugann sé air féin, chuir sé mé ar fionraí as siocair gur shíl sé nach dtiocfadh le *<ainm ag an eagarthóir>* cur suas le scigireacht bheag chairdiúil
óna chara charthanach chomhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
óna lucht aitheantais féin
from is own acquaintances
Cuimhneoidh sé gur beag buíochas a fuair Dick Spring
óna lucht aitheantais féin i 1992 as dul i bpáirt le FF nuair ba léir ag an am sin gur dhiúltaigh an toghlach d’Fhianna Fáil.
óna chéile comhraic
from his rival
I Nua-Gheirsí, mar shampla, tá an t-iarrthóir Daonlathach, Bob Menendez, go mór faoi bhrú
óna chéile comhraic Tom Kean, a bhfuil stair fhada pholaitiúil ina mhuintir.
óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht
from which you could borrow records
Bhain sé post amach mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam!
“Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann
óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.
de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais.
because of lack of support from his government colleagues.
Theip ar iarrachtaí an Aire i ndeireadh na dála,
de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais.
óna chuid cúraimí
from his responsibilities
Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige
óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
ba léir óna iompar
it was obvious from his behaviour
Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus
ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
Chuaigh Krauss ar scor óna phost
Krauss retired from his job
”
Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad.
óna gceantar dúchais,
from their native area,
Thug Coimisiún na Talún talamh i mBaile Ghib sa chontae céanna sin dá hathair mór agus a máthair mhór sna tríochaidí agus bhog siad ansin
óna gceantar dúchais, Gaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill.
óna mbainisteoir,
from their manager,
”
Chomh maith le bheith ag ceol, tá sí féin agus Tríona, le cuidiú mór
óna mbainisteoir, Tom Sherlock, ag cur le chéile bailiúchán de na hamhráin is fearr a rinne Mícheál a thaifeadadh thar na blianta.
óna fheachtas leasuachtaránachta
from his vice-presidential campaign
Breathnaítear go fairsing air mar pholaiteoir ionraic cumasach, agus ar ndóigh tá aithne air cheana féin
óna fheachtas leasuachtaránachta in 2004.
óna macasamhail
from their counterparts
Tá na hionaid fíona an-éagsúil
óna macasamhail san Eoraip sa chaoi is go bhfuil siad an-nua-aimseartha ar fad.
toghthóirí óna dtoghlach féin
constituents from their own constituency
htm)
Cúis imníIs é an “líon marbh laethúil” is mó atá ag cur imní ar na Feisirí, go mór mhór nuair is
toghthóirí óna dtoghlach féin atá i gceist.
de réir cara óna óige,
according to a friend from his youth
Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus,
de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
óna shaothar féin
from his own work
Is maith le daoine *happy endings*! Sin an fáth go bhfuil ráchairt ar an léann Éireannach in áiteanna mar Phrág nó Lodz nó Gdansk nó Cluj
sa Trasalváin féin!”
Ainneoin gur Corcaíoch go smior é Bob Welch, is saoránach den domhan é fosta, atá tar éis léamh
óna shaothar féin i dtíortha mar an tSeapáin, an Ungáir agus an Pholainn.
ag séideadh an deannaigh óna rothair
blowing the dust from their bicycles
Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach
ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh!
Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile
that they would separate the parents from each other
Shocraigh na mic
go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
i bhfad óna muintir is óna ngaolta,
far from their people and their relatives,
Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine,
i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
deora ag titim go fras óna súile.
tears cascading from their eyes.
Buidéal beorach as Wisconsin i ngach lámh, rug gach éinne greim ghualainne ar an duine in aice leis ag leath-am agus chanadar amhrán na hollscoile,
deora ag titim go fras óna súile.
óna gcuid iomaitheoirí,
from their competitors,
Is faoi úinéireacht phoiblí atá RTÉ, TG4 agus RTÉ RnaG agus táthar éagsúil go maith
óna gcuid iomaitheoirí, atá faoi úinéireacht chomhlachtaí iasachta den chuid is mó.
scartha óna chéile.
separated from each other
Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an gcruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá
scartha óna chéile.
ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
on which an account was given of two Irish slaves to escaped from their owner.
Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn
ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
óna gcuid eachtraíochta,
from their adventuring,
Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh
óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach.
na séasúir a aithint óna chéile,
to distingush the seasons from each other
Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra
na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
óna phost
from his job
D’imigh beirt an tseachtain seo, duine amháin
óna phost sa rialtas agus an duine eile ón saol seo.
óna áit dhúchais,
from his native place
Guímid gach beannacht air agus é sa tóir ar dheiseanna nua sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Ghaeltachta
óna áit dhúchais, Muscraí.
i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile
after they have split up
Tá carachtar Hansard croíbhriste mar gheall ar go bhfuil a chailín imithe chun na Breataine
i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile.
an-deighilte amach óna bhanna.
very cut off from his band.
Agus ceithre shamhradh ó shin roinneamar stáitse leis in Ortegueira i dtuaisceart na Spáinne agus bhí an chuma air go raibh sé
an-deighilte amach óna bhanna.
an-éagsúil óna chéile.
very different from each other
Tá an sliabh is airde san Afraic Láir, Mount Mulanje, suite i ndeisceart na tíre, agus fiú ó thaobh Malawi Lake de, tá tuaisceart agus deisceart an locha
an-éagsúil óna chéile.
ag stánadh amach óna n-árasáin
staring out from their flats
Tá 25 pictiúr sa tsraith seo, ina léirítear daoine
ag stánadh amach óna n-árasáin ar an fhoréigean atá ar siúl sna sráideanna thíos fúthu.
atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid.
which are designed to part people from their money
Le cois na striapach (nach raibh mórán acu ann, pé scéal é), tá aonaigh shiamsaíochta ar na piaraí go léir, le rollchostóirí, raoin lámhaigh, agus na scórtha rud eile
atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid.
leis an fhuacht a choinneáil óna gcuid cos.
to keep the cold from their feet
I rith agóid na mblaincéad, agus na príosúnaigh i gcillín fuar, lom – iad cosnochta gan éadaí ar bith orthu ach blaincéad amháin – ba ghnách leo seasamh ar bhíobla
leis an fhuacht a choinneáil óna gcuid cos.
óna ucht
from his chest
Fiafraíonn sé di, ar mhaith léi go ngearrfadh sé a chroí
óna ucht (leis an scian a chaith sí leis!) Gan aisteoireacht chumasach, d’imeodh líne mar seo amú agus theipeadh ar an radharc ar fad.
óna chuid cainte
from his speech
Cé go gcreideann go leor daoine gur tháinig na muirthéachtaí sa taobh sin domhain aniar aduaidh ar na Stáit Aontaithe, ba léir
óna chuid cainte gur ócáid cheiliúrtha a bhí ann.
ar teitheadh óna cháil
fleeing form his fame
”*
Tá Cheyenne - ollréalta glamrac na n-ochtóidí -
ar teitheadh óna cháil is ó thaibhsí mhothúchán na ciontachta.
Le cabhair óna chara
with the assistance of his friend
Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara.
B'fhada é, fágaim, óna réamhtheachta
it was well ahead, for example, of its predecessor
B'fhada é, fágaim, óna réamhtheachta, Bunreacht an tSaorstáit, a bhféadtaí a athrú trí Acht Pharlaiminte.
ag ceol amhrán óna díolaim
singing songs from her album
"D'iarr Strollers Touring Network orm camchuairt a dhéanamh, mé féin agus duine eile b'fhéidir, ach mhol mise go ndéanfainn coirmeacha in deich gcinn d’ionaid le 10 gcór áitiúla" agus sin an rud a rinne sí,
ag ceol amhrán óna díolaim Pages curtha in oiriúint go húrnua do chóir ó Bhaile an Chollaigh go dtí an Uaimh.
agus í ag ceol amhráin óna dúchas
as she sings songs from her tradition
Ar an díolaim seo, cloistear binneas aoibhinn i nglór Eithne
agus í ag ceol amhráin óna dúchas.
iarracht éalú óna chathair thnáite
an attempt to escape his exhausted city
Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann
iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
scoite amach óna chéile
cut off from each other
Cothroime don Aonteangachas Bhéarla
================
Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra
scoite amach óna chéile.
a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís
which tries to put people in contact who have be estranged from each other
Searc nach Searcfar
=======
I ndiaidh blianta fada agus Luigi anois ina bhaintreach, shocraigh sé scríobh chuig an chlár teilifise Rúiseach, ‘Zhdi Menya’ (‘Fan Liom’),
a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís.
ar scaradh óna chéile
apart from each other
Geall le 1Iú Aithne é go gcoinneofar an pholaitíocht agus an Ghaeilge
ar scaradh óna chéile.
an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch
the youth have with their linguistic inheritance
Dí-nascann an Denglisch
an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis.
dréimire an airm óna óige
the army ladder from his youth
Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez
dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
clúdaithe óna bhun aníos
covered from top to bottom
Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é
clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir *Miss Panti* (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí: comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh
who were snatched away from their families
Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach
a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
nach dtiteann an saol óna chéile ar fad
that life doesn’t come apart at the seams
Ar bhealach, nuair a chuirtear gach rud a deir sé san áireamh, is iontach
nach dtiteann an saol óna chéile ar fad.
bhí cúrsaí imithe óna smacht
matters had become intractable
Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin
bhí cúrsaí imithe óna smacht.
scaipthe óna chéile
separated from each other
Ní hamháin go raibh níos lú ábhar ann, bhí siad
scaipthe óna chéile.
a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna
you could separate a lot of Americans from their guns
Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh
a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.
é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.
to take it from their cold dead hands
Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná
é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.
óna méarchlár
from her keyboard
Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn sé bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge
óna méarchlár.
i bhfad óna muintir
away from kith and kin
Is iomaí bean, roinnt milliún acu, a chaill a cearta
i bhfad óna muintir ar shaol leochaileach na himirce, mar a fhuair Alan Desmond amach.
óna sclábhaíocht ag sclábhaithe
from their slavery of slaves
Tháinig mná aníos ar aistear fada
óna sclábhaíocht ag sclábhaithe in imeacht céad bliain.