éirí as
stop
'
An éiríonn sí tinn de bheith ag canadh na n-amhrán céanna arís is arís eile? Deir sí gur tharla sé seo i gcás an amhráin 'Dúlamán' agus gurbh éigean di
éirí as é a cheol ar feadh cúpla bliain.
éirí as an agóid
abandon their protest
Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí
éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.
éirithe as
retired
Tá siad
éirithe as anois.
éireoidh muid as na toitíní
we'll give up cigarettes
Sochaí fholláin?
Ach beidh Nollaig mhaith againn arís, agus rachaidh muid chuig an *gym* agus
éireoidh muid as na toitíní ar feadh coicíse go dtí go dtosóidh muid arís.
thairg mé éirí as
I offered to resign
Ansin
thairg mé éirí as (sin an leagan oifigiúil) agus b'in é.
d'éirigh sé as an uachtaránacht
he resigned from the presidency
Ní raibh de hÍde sásta rud mar seo a chur isteach sa bhunreacht agus
d'éirigh sé as an uachtaránacht.
éirí as
give it up
Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae "bíodh an deabhal aige seo mar obair" agus
éirí as.
ba bheag nár éirigh mé as
I nearly gave up
Ní hé sin le rá nár chuir sé agus nach gcuireann sé frustrachas mór orm go minic, agus
ba bheag nár éirigh mé as cúpla uair.
Gan éirí as
not to give it up
Nuair a thagann an cnag ar an doras is ansan a bhím cantalach!
AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar cheoltóir óg?
CDeB:
Gan éirí as, is cuma cad a tharlaíonn, más aoibhinn leat a bheith ag seinnt.
Éirigh amach as sin leat
Get up out of there
Chuir Méabh a ceann thart ar dhoras na cisteanadh agus scairt sí síos an halla: "
Éirigh amach as sin leat.
Éirigh amach as sin leat!
Get up out of there!
"
Éirigh amach as sin leat! Ná bí do shuí ansin ag amharc uait agus an obair ag éirí thuas orainn.
Nuair ab éigean dó éirí as an gcolún
when he had to give up the column
Nuair ab éigean dó éirí as an gcolún de dheasca breoiteachta, do chuaigh mórán léitheoirí i dteagmháil leis an nuachtán féachaint cathain a bheadh sé ar ais.
atá éirithe as a gcuid oibre
who are retired
Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine
atá éirithe as a gcuid oibre.
Bhí air éirí as a phost
he had to resign his position
Bhí air éirí as a phost le Rangers.
éirí as a shuíochán
give up his seat
Teachta Dála agus polaiteoir áitiúil araon is ea Pádraig MacCormack, ach bhí air
éirí as a shuíochán ar Chomhairle Chathrach na Gaillimhe faoin reachtaíocht nua a chuireann cosc ar an *dual mandate*.
nuair a éiríonn siad as
when they retire
Tar éis an tsaoil, ba é Setanta an laoch nua óg i gCorcaigh - an t-iománaí ab fhearr b'fhéidir ó chroch Jimmy Barry Murphy féin a chamán faoin staighre (nó cibé áit ina gcrochann sean-iománaithe a gcuid camán
nuair a éiríonn siad as!).
d'éiligh siad go n-éireodh el Goni as
they demanded that Goni resign
D'éirigh an pobal níos radacaí nuair a chonaic siad mar a caitheadh leo go foréigneach, leathnaigh an stailc go cathracha eile sa tír agus
d'éiligh siad go n-éireodh el Goni as.
éirithe as an obair
retired
Ach go minic ní bhíonn fhios ag na freastalaithe go bhfuil ailse orthu go dtí go mbíonn siad sean agus
éirithe as an obair.
éirí as
give up
Popcheol Angla-Mheiriceánach atá á chraoladh an t-am ar fad, agus caithfidh tú cur suas leis nó
éirí as a bheith ag éisteacht leis an raidió.
ag éileamh go n-éireodh sé as oifig
demanding that he resign
Is ar éigean a bhí an ráiteas déanta aige go raibh ionadaithe ó Bhord Chontae Chorcaí
ag éileamh go n-éireodh sé as oifig.
gur éirigh sé as an mhúinteoireacht
until he retired from teaching
Bhí sé ansin
gur éirigh sé as an mhúinteoireacht i 1986.
ag iarraidh éirí as
trying to quit
"Ní chaitheann 71% de muintir Learphoill tobac agus tá 70% de na caiteoirí tobac
ag iarraidh éirí as," a dúirt sí.
D'éirigh sí as an pholaitíocht
she retired from politics
D'éirigh sí as an pholaitíocht anuraidh agus caitheann sí i bhfad níos mó ama lena pléisiúir féin: a clann, galf agus, ainneoin nach gcreidim í, ag tabhairt tacaíochta do Manchester United!
*Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
ag éirí as a phost
giving up his job
Mar a tharla, an lá a d'fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Breataine fiosrúcháin phoiblí a bhunú, d'fhógair an Coimisinéir John Stephens é féin go mbeadh sé
ag éirí as a phost mar choimisinéir i gceann bliana ach go leanfadh sé air ag fiosrú líomhaintí claonpháirteachais.
déan iarracht éirí as an nós
try to give up the habit
Pointe eile faoin tsláinte: Má chaitheann tú,
déan iarracht éirí as an nós.
b’éigean dom éirí as
I had to give it up
Sa deireadh,
b’éigean dom éirí as de bharr cúrsaí oibre.
a d’éirigh as go tobann
who suddenly resigned
“Ar ndóigh, bhí ráflaí ag dul thart faoi Mhiceal Ledwith (iaruachtarán an choláiste
a d’éirigh as go tobann sna nóchaidí) ag an am freisin.
éirí as an scríbhneoireacht
to give up writing
”
Níl aon rún ag Éilís
éirí as an scríbhneoireacht.
go n-éireoidh mé as
that I'll give it up
“Ach b’fhéidir
go n-éireoidh mé as an bhliain seo chugainn.
chinn sí ar éirí as an obair sin
she decide to give up that work
”
Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh,
chinn sí ar éirí as an obair sin.
éirí as a phost
to give up his job
Chomh maith leis sin, thairg sé
éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
éirí as
to give it up
Dála chuile dhuine eile, rinne mé go leor leor dearmad agus bhí neart deacrachtaí agam agus mé ag foghlaim (go háirithe leis an tuiseal ginideach) ach bhí an fonn foghlamtha agus an grá don Ghaeilge chomh láidir ionam nach raibh sé riamh i gceist agam
éirí as.
Nuair a d’éirigh sé as
when he resigned
Nuair a d’éirigh sé as, luaigh Diarmuid cúrsaí taistil agus brú ama mar chúiseanna lena imeacht, ach measaimse go raibh níos mó ná sin i gceist.
éirí as a phost
to give up his job
Chomh maith leis sin, thairg sé
éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
éirithe as an obair
retired
Roinnt eile
éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
ag éirí as an fhoréigean
giving up violence
Le cois iriseoirí, bhí daoine eile i láthair ar shuim leo an scannán, Danny Morrison, Jim Gibney agus Seana Walsh, an fear a d’fhógair don saol mór go raibh an IRA
ag éirí as an fhoréigean, ina measc.
éirithe as
retired
”
Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é
éirithe as.
ar choinníoll go n-éireoidís as
on condition that they'd give up (farming)
Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh
ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile.
éirí as an tseafóid leanbaí
to give up the childish nonsense
Bhí rún agam
éirí as an tseafóid leanbaí sula mbeinn tríocha bliain d’aois agus ba é sin an spreagadh deireanach a bhí uaim.
éiríonn siad as an spórt ar fad
they give up sport entirely
I gcás daoine ar ioncam íseal, áfach,
éiríonn siad as an spórt ar fad de ghnáth.
éirithe as a phost
having resigned his position
”
An locht á chur ar BlairTugann na saighdiúirí “Blair’s War” ar an chogadh agus tá an chuid is mó de na Feisirí sásta leis sin mar, anois agus Blair
éirithe as a phost mar Phríomh-Aire, is féidir leo an locht a chuir air.
go n-éireoidh siad as an nós gránna sin
that they'll give up that ugly habit
Tá súil agam
go n-éireoidh siad as an nós gránna sin feasta.
shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc
I decided to give up the job in the bank
Agus leis sin
shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc agus bhog mé go hÉirinn le cabhair ó na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu.
cén uair a d'éireodh sé as a phost,
when he would resign from his job,
Nuair a fiafraíodh de
cén uair a d'éireodh sé as a phost, chuir sé in iúl go leanfadh sé ar aghaidh “*for* *a long time*”.
d'éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana
some clubs left the Football Association in England
Sa bhliain 1871,
d'éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana mar agóid in aghaidh rialacha a thoirmisc láimhsiú na liathróide.
go bhfuil sé thar am di éirí as post.
that it is time for her to retire
Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh
go bhfuil sé thar am di éirí as post.
atá éirithe as ó shin.
who has since retired
Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O'Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh
atá éirithe as ó shin.
ar tí éirí as
about to give up
Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua!
Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas
ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
éirí as a phost,
to resign,
Iarradh ar Teddy
éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
ag éirí as a phost
resigning from his job
Bhí Kenny mar a bheadh páiste ann agus é ag cur fáilte roimh an nuacht go mbeadh Ahern
ag éirí as a phost mar Thaoiseach ag tús mhí na Bealtaine.
léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
his decision to resign shows this
Tuigeann an chéad fhear a luadh mothúcháin agus tuairimí an phobail –
léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad
that he will manage to come through this whole predicament
D’fhéadfadh sé tarlú
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
he has no intention of retiring from music
”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
éirithe as an pholaitíocht
having retired from politics
Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith?
*****************
Anois agus Ian Paisley
éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
sular éirigh sé as
before he retired
Fear gnó as Contae Mhaigh Eo é, John Kennedy, a rinne na milliúin i Sasana
sular éirigh sé as.
éirí as a gcúram
to give up their jobs
Thairg aon dhuine dhéag acu
éirí as a gcúram nuair a bhí a líon á gceistiú sna meáin, i dtús na bliana, dá gceapfaí gur ar leas na tíre a bheadh sé.
éirí as a phost
resign from his job
Spreag an clár sin fiosrúcháin rialtais chomh maith le fiosrachán ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac agus mar gheall air seo, b’éigean d’Arnie Geller, príomhfheidhmeannach Premier Exhibitions
éirí as a phost.
ag éirí as
retiring
Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá
ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
éirí as
to end
Tús na n-ochtóidí cuireadh deireadh le AMÁRACH, lean INNIU ar feadh tamall eile, ach sa deireadh, baineadh an deontas den pháipéar agus bhí ar lucht a fhoilsithe
éirí as, tar éis seirbhís iontach a thabhairt do lucht na Gaeilge in imeacht na blianta.
éirí as
giving up
Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag
éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat.
éirí as
quit
“Tá rún agam
éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
sular éirigh sé as
before he left
Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee
sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
éirí as
retire
An aontaíonn tú gur chóir do réiteoirí
éirí as ag aois 50 bliain?**
A.
uilig éirithe as
all retired
An seachtar a thoisigh, tá siad
uilig éirithe as agus tá siad i mbarr a sláinte, buíochas do Dhia.
ag éirí as i mbliana
retiring this year
Sampla maith den choimhlint is ea Wisconsin, áit a bhfuil an Seanadóir ceithre théarma Herb Kohl
ag éirí as i mbliana.
n-éireodh sé as a phost
he’d quit his job
Dúirt Peter Robinson go
n-éireodh sé as a phost dá n-athrófaí an mana a bhí ar hataí na n-oifigeach príosúin.
tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach
having retired as an Irish diplomat
Tadhall le Naimhde
=======
Mhínigh O Brien ina leabhar
tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
i ndiaidh éirí as a phost
has retired
Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas,
i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
mba chóir dó éirí as
he ought to retire
Focal Comhairle le Barr Measa
=============
Bheinnse den tuairim go
mba chóir dó éirí as ag an bpointe sin.
rith liom agus mé ag éirí as an leaba
occurred to me as got out of bed
Sin a
rith liom agus mé ag éirí as an leaba ag am nuair a ba cheart dom a bheith ag teacht abhaile ón teach leanna.
d’éirigh sé as an aireacht
he left the ministerial position
Cé gur thaitin sé go mór leis a bheith ag bualadh le ceannairí mór le rá agus é ag taisteal fud fad na cruinne,
d’éirigh sé as an aireacht tar éis bliain go leith le seasamh i gcoinne Gillard don cheannaireacht.
ag éirí as gné áirithe
finishing one aspect
Tá mé
ag éirí as gné áirithe agus as tréimhsé áirithe de mo shaol.
d’éirigh sí as
she packed it in
Bhí sí le feiceáil ina lán cláracha tar éis sin, agus ansin
d’éirigh sí as.
ag éirí leo éirí as
succeeding in packing it in
Sa chlár, bhí mná ag caint ar conas mar atá
ag éirí leo éirí as agus, b'fhéidir, ar an gcaoi sin go mbeidh muid in ann cuidiú le duine nó beirt amuigh ansin atá ag dul fríd am an-chrua leis an ól agus atá ag streachailt.
tar éis dóibh éirí as an imirt
after retiring from playing
Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana
tar éis dóibh éirí as an imirt.
ag éirí as oifig
giving up his office that day
‘Slán le Seán’
======
Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí
ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
B’éigean dó éirí as an imirt
he had to retire from playing
B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
ag éirí as
retiring from
Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil céatadán níos airde d’imreoirí óga
ag éirí as na cluichí Gaelacha ná mar atá i gcás spórt eile in Éirinn.
d’éirigh as an bpost
retired from his position
D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a
d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.
Go fiú ní chaithfear éirí as
one doesn’t even have to get up
Go fiú ní chaithfear éirí as chun an clár a athrú” a deir an Dochtúir Ní Anluain.
a éiríonn amach as chuile chearn
which is presented to us from every angle
‘Coinnigh do lámh i do phóca’ an moladh atá ag Muiris Ó Meara duit an chéad Lá Vailintín eile, nó tá an iomarca measa, agus airgead dá réir, caite ar an ‘it’
a éiríonn amach as chuile chearn an tráth sin bliana.