ar mire linn féin
annoyed with ourselves
Bheadh muid
ar mire linn féin muna rachadh muid le comhlacht níos mó nuair a bhí an deis againn sin a dhéanamh.
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha
in competition with one another for gigs
Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
báúil léi
sympathetic with it
Ait go leor, de réir fhigiúirí an daonáirimh dheireanaigh, is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne! Cé gur deacair é a chreidiúint, léiríonn an t-eolas seo go bhfuil na Déisigh bródúil as an nGaelainn agus
báúil léi.
ghréasáin le bandaraon leathan
networks with wide bandwidth
Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar
ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann "broadband" atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.
go snaidhmfí a shloinne riamh le
that his surname would ever be linked with
Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid:
James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian)
Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie)
Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun)
Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne)
Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern)
Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín,
go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
i gcomhar le
in conjunction with
Bord Oideachais don Ghaeltacht agus don Ghaeilge faoi Alt 31 den Acht Oideachais bainte amach
i gcomhar le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
tógtha le
taken with
Bhí mé iontach
tógtha le hóstán an bhaile ó tharla coicís chrua a bheith caite agam ar an bhóthar.
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí
I'm really fed up with the doctors
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.
ag déanamh tríligh le chéile
twittering away with one another
Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí
ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
gona fhleiscín
with a hyphen
Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar an 'Liphechair':
a Liphu dia m*áthair*
(= don/ón Life dá m*háthair?*)
ara mbét rochar Liphe, nó **il**-Liphe a m(h)áthair
(= ar an méid a ghráigh sé an Life, nó a mháthair, 'il-Liphe')
Amhail sin,
gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dán 'A Brigit **il**-Life Luirc'.
lena n-anamchairde
with their soulmates
Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria
lena n-anamchairde san LVF.
chomh tógtha sin
so taken with
Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Sinn Féin
chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais.
i ngleic le
fighting with
Tá grúpaí eile ar fud na tíre
i ngleic le comhairlí contae atá ag iarraidh loiscneoirí a thógáil ina gceantar.
steall sé amach
he poured with gusto, lashed out
Ach níor éist an fear fada léi agus
steall sé amach gloine eile.
dubh fána súile
with black circles under the eyes
"Bhí sé féin breá
dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
steall sé amach
he poured with gusto, lashed out
Ach níor éist an fear fada léi agus
steall sé amach gloine eile.
dubh fána súile
with black circles under the eyes
"Bhí sé féin breá
dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
le dul in iomaíocht le
to compete with
B'fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce
le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile.
ag dingeadh as
grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
"Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é
ag dingeadh as nó é ina stad glan.
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil
she could barely lift her head with the embarrassment
"
"Rita," arsa an bhean eile
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
tá mé ar an dé deiridh agat
I'm at the end of my wits with you
"Treabh fríd an chomad sin anois," arsa seisean, " nó
tá mé ar an dé deiridh agat.
ar mhian leo clarú leis
that they would want to register with
Roghnódh na vótóirí féin an toghlach
ar mhian leo clarú leis.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin
I fell out with the people there
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
a d'fhóirfeadh don chearc
that would go with the chicken
Go hádhúil, bhí neart *pasta* sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht
a d'fhóirfeadh don chearc.
le clic nó dhó luiche
with one or two mouse clicks
Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu
le clic nó dhó luiche.
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair
we can't wait to continue with the work
Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair.
réitíonn daoine le chéile
people get on with each other
Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go
réitíonn daoine le chéile.
mar a bheadh cearc éillín
like a hen with a clutch i.e. fussing mother
"Beidh tú ag inse domh an chéad rud eile go mbeidh mé
mar a bheadh cearc éillín ann fá cheann cúpla mí eile.
Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian
His face was contorted with pain
Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian.
a thaiscidh
Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
"Anois,
a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
Cá bhfuil an bolg buí
used when tickling (the stomach) while playing with a baby
"
Cá bhfuil an bolg buí, cá bhfuil? An bhfuil cigilt ionat go fóill, an bhfuil?" ar sí sa ghuth ard éadrom sin a úsáideann mná le páistí beaga.
bainteach leis an stáisiún
involved with the station
Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh
bainteach leis an stáisiún cheana.
ag streachailt leis na ceisteanna seo
struggling with these questions
Agus iad ag tabhairt aghaidhe ar bhliain an chéid sa chumann, tá na baill
ag streachailt leis na ceisteanna seo agus ag iarraidh freagraí a fháil.
conáilte
perished with the cold
Is dócha go bhfuil sibh
conáilte.
Agus an moladh glórach sin faighte agam
with that ringing endorsement
"
"
Agus an moladh glórach sin faighte agam, an bhfuil sibh uilig ar an rum?" arsa Tadhg.
Ná buair linne
Don't bother with us
"
"
Ná buair linne .
lucht na cumhachta
those with the power
Measaim féin go bhfuil na caimiléirí is mó le fáil i measc
lucht na cumhachta.
in iomaíocht le
competing with
" - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw
Bhí triúr eile
in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
nach raibh tú mór leo
that you weren't friends with
* Ach i ndiaidh tamaill ba chuma leat cad é a déarfadh daoine
nach raibh tú mór leo ar scor ar bith.
réitíonn siad go maith le chéile
they get on well with each other
Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go
réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
a thiomnú d'athair Chiain
associate with Cian's father
Ní "foighid" focal a d'fhéadfá
a thiomnú d'athair Chiain.
thug sé sciord ghasta daofa le bréid
he gave them a quick wipe with a cloth
Thug sé faoi deara go raibh na scátháin chliatháin chomh dubh le súiche agus
thug sé sciord ghasta daofa le bréid a bhí sa charr aige.
Ní dhearna Cian ach moladh leis
Cian agreed with him (to keep the peace)
"
Ní dhearna Cian ach moladh leis.
Murar scar sé le pingin mhaith
if he didn't part with a fair amount of money
Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
comhobair
working with others
Saibhríonn
comhobair sa phobal an saol dúinn ar fad.
bréan de
sick of, bored with
Seo fear as Éirinn ag labhairt Ghaeilge na hÉireann liomsa agus mise ag labhairt Gàidhlig leisean agus tá muid in ann a chéile a thuiscint'!"
"Ros na Rún"
=======
Tar éis a thréimhse in Albain, fuair Diarmuid deis eile a bheith ag obair ar "The Morbegs" ach thosaigh sé ag éirí
bréan den chlár.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm
whether a green shirt goes with blue trousers
Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil
my mouth is watering with craving
Agus mé ag suí chun boird le mo rogha de bhéile a phiocadh ón gclár leathan atá ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge
tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil! Ach ní fhéadfainn gan an choirm cheoil mhór in Break for the Border (i lár chathair Bhaile Átha Cliath) a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 13 Márta a lua libh.
dlúthcheangailte
closely tied with
Tá muid
dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé ag diúltú don fhírínne go fóill.
ar phinginí
with very little money
Bhíomar ag feidhmiú ar feadh blianta fada
ar phinginí agus ar an ngannchuid ó thaobh foirne agus ó thaobh airgead forbartha de.
le béal ar leathadh
with an open mouth
"Cén béal? Cén druid? Cén chúis?" a fhiafraíonn Balor
le béal ar leathadh.
an-chaifeach ar airgead
very extravagant with money
Bhíodh cáil orainn mar phobal a chuireadh airgead i dtaisce go rialta, ach le blianta anuas táimid
an-chaifeach ar airgead.
róghafa
to taken up with
Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe
róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin!
Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
lena bhfód dúchais
with their native soil
Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu
lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
Beidh sí ag ceastóireacht
she'll be pestering/annoying you (with questions)
Beidh sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort.
a croí ag brúcht le feirg
raging/bursting with anger
Níl inti ach tachrán," arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste a raibh
a croí ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh béil poiblí a fháil ó Lillian.
a ghalrú
to infect with disease
Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh,
a ghalrú agus a ghoin le goimh.
chomh gafa sin lena chéile
so taken up with one another
Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad
chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
róthógtha le
too taken with
Ní bhím
róthógtha le tithe tábhairne de ghnáth, mar is annamh a ólaim, agus ní maith liom an méid toite a bhíonn iontu.
A dhálta sin
that's the case with
A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
in adharca a chéile
locking horns with each other
Tá na mílte clubanna haiku sa tSeapáin agus bíonn siad i ngleic lena chéile nó
in adharca a chéile go minic.
de phreib
with a start
Dúisíonn sé
de phreib.
de rúid
with a rush
Tháinig Áine aníos an halla
de rúid.
breac
covered with
Bhí an balla ar a gcuimhnítear ar na póilíní a chaill a mbeatha agus iad ar dualgas
breac le nithe pearsanta: grianghraif, litreacha agus go leor eile.
i gcomórtas lena chéile
in competition with one another
Samhlaím sa chás seo an pictiúr sin a fheicimid ar an teilifís den éan beag ar dhroim an tsrónbheannaigh - níl siad
i gcomórtas lena chéile.
pioctha go paiteanta
chosen well/with care
Tomhaiste go tuisceanach,
pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach
his penis makes contact with the electric wire
Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh
teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin.
le teann ríméid
with sheer joy
Na deora léi
le teann ríméid go mbeadh saoirse aici féin is ag Dónal ón réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré acu ón lá a phós siad.
sonc de m'uillinn
nudge with my elbow
Le
sonc de m'uillinn a chuir mé in iúl do Susan go n-ólfadh muid deoch amháin eile go sciobtha tar éis thob ann agus thob as a bheith againn éirí agus imeacht nuair a d'fholmhódh muid an chéad cheann.
Moladh léi
Just agreed with her to please her
Moladh léi nó bhí a fhios ag gach duine dá suífeadh sí bomaite go ligfeadh sí le sruth agus nach mbeadh ceansú le déanamh uirthi.
ag dul in iomaíocht le
competing with
Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d'aois, daoine a bheas
ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.
ag dul i ngleic leis
coming to grips with
Tá an chathair ag dréim le City of Culture 2008 a bhaint amach, ach an bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt réidh dá leithéid? D'admhaigh Ciarán Mackel, atá ina bhall den choiste Imagine Belfast 2008 Creative Team agus atá nuathofa mar uachtarán ar an Royal Society of Ulster Architects, nach bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt
ag dul i ngleic leis na hathruithe atá ag tarlú sa chathair.
Caithfear a theacht leis
we'll have to live with it, accept it
Caithfear a theacht leis.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd
Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
"
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir
too taken with ice hockey
Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite
róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann sé roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi.
bacadh leis
bother with
Tá mé féin den tuairim nach mba chóir don fhoghlaimeoir
bacadh leis an chineál sin leabhartha ach i ndiaidh dó dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta - na clasaicigh, ar nós shaothar mhuintir Ghrianna, Mháirtín Uí Chadhain, Pheig agus an dream sin uilig - agus thairis sin, caithfidh sé roinnt mhaith díolamaí béaloideasa a léamh.
agus a bheith réidh leis
and to be done with it
Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu
agus a bheith réidh leis.
tugtha go hiomlán don chluiche
totally taken with the game
Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé
tugtha go hiomlán don chluiche.
seo isteach an bhrídeog
with that, the bride arrived
Go hádhúil do Thadhg agus do go leor eile,
seo isteach an bhrídeog go doras theach an phobail.
le hoiread fíricí
with as many facts
Cha raibh ionainn ach soithigh bheaga agus chaithfí na soithigh sin a líonadh
le hoiread fíricí is a thiocfaí a chur isteach iontu.
le duine inteacht áitiúil
with someone local
Bhí orm a bheith cúramach de bharr gaol láidir a bhí agam
le duine inteacht áitiúil.
D'fhoghlaim mé ceacht io
taken with
D'fhoghlaim mé ceacht io seilbh a fháil ar rudaí.
fear an chroiméil raithní
the man with the fern-like moustache
'A Bhaloir, a chara mo chléibh,' arsa
fear an chroiméil raithní liom, agus é ag stánadh go drochmhúinte isteach i mo shúil.
an-tógtha
very taken with
I rith an tsamhraidh, chuaigh mé go dtí áit a bhfuil mé
an-tógtha léi, Dún Chaocháin in iarthuaisceart Mhaigh Eo.
ag teacht salach ar
disagreeing with
Tá sé deacair go leor an Ghaeilge a theagasc ach is measa arís é nuair a bhíonn na hoidí múinte agus na foinsí údarásacha tagartha ag bréagnú nó
ag teacht salach ar a chéile.
dul i gcomhpháirtíocht leo
to go into partnership with them
Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach
dul i gcomhpháirtíocht leo.
mé féin a ionannú le
to identify myself with
B'fhearr liom
mé féin a ionannú le mo thír dhúchais ná le haon chomhlacht mór ar nós Microsoft Hotmail.
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé
he doesn't court with his money anyway
"Sin an rud fá Frank," arsa sise léi féin, "
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.
tógtha leo
taken with them
Chuala mé an ceol agus an sean-nós chomh maith le linn an turais sin agus bhí mé
tógtha leo ón nóiméad sin.
bréan de
bored with
Nuair a éiríonn fir óga sna fichidí agus sna tríochaidí
bréan de na tithe tábhairne agus de na clubanna, agus nuair a bhíonn fonn orthu rud éigin difriúil a dhéanamh don oíche, tiománann siad timpeall agus labhraíonn siad leis na striapacha, ag cur i gcéill go bhfuil suim acu a gcuid seirbhísí a úsáid (rud a bhíonn, uaireanta).
teagmháil a dhéanamh leo
make contact with
An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú,
teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo.
fite fuaite i dteanga eile
inextricably linked with another language
Ansin, chuireas spéis i litríocht na hÉireann agus cé gurbh as Béarla a léigh mé an chuid is mó de na leabhair, ba léir dom go raibh an Béarla a bhí á úsáid
fite fuaite i dteanga eile - le teanga dhúchais na tíre.
Tagaim féin leis an tuairim seo
I agree with this opinion
Tagaim féin leis an tuairim seo.
bhí mé an-tógtha leis
I was very taken with it
Ba é *The Colour of Paradise* an chéad cheann, agus
bhí mé an-tógtha leis fosta.
i gcuideachta oibrithe
along with workers
Baran an teideal atá air agus scéal grá atá ann a bhaineann le déagóir atá ag obair ar shuíomh tógála
i gcuideachta oibrithe as achan pháirt den Iaráin, teifigh ón Afganastáin ina measc.
d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart
I'd leave you with your head spinning
'
"Dá mbeadh seans agamsa," arsa Dónall leis féin, "
d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart.
las aghaidh Áine
Áine blushed with embarrassment
Chonaic Dónall gur
las aghaidh Áine agus ní nach ionadh, nó is cosúil gur imir an t-athair an cleas gach iarraidh dá ndeachaigh sé amach.
Mhol Áine lena hathair
Áine agreed with her father just to please him
"
Mhol Áine lena hathair agus í ag smaointiú go gcaithfeadh dóigh inteacht a bheith thart air seo.
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn
to coax them with us as best we can
Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
ag roinnt tí liom
sharing a house with me
Beo!: An gcaitheann tú formhór do shaoil trí mheán na Gaeilge?
AH: Labhraím Gaeilge leis an fhear atá
ag roinnt tí liom.