Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad the pursuit of Western things really terrible
" Ach an fada eile a leanfaidh an traidisiún sin? An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad.
ceoltóir tuaithe agus iarthair country and western singer
" Cúpla oíche ó shin, áfach, b'in ansin romham é, David Trimble ina shuí *side-saddle *ar thábla mar a bheadh ceoltóir tuaithe agus iarthair ann, ag inse dúinn cén fáth gur cheart vótáil don UUP sna toghcháin, dá gceadófaí iad.
an chuid thiar the western part
" Is é Papua Thiar an chuid thiar den oileán ollmhór An Nua-Ghuine, atá suite in aice le cósta thuaidh na hAstráile.
aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair the ugly face of Western mass business
" Ar thaobh amháin, ba é seo aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair ar cuma leis faoi nósanna nó cultúr aon dream eile.
sna h-Eileanan Siar in the Western Isles
" Sgoil Lionacleit ar Bheinn na Faoghla a bhí mar cheann scríbe deireanach sna h-Eileanan Siar.
an Fronta Thiar the Western Front
" Ceapadh Orpen ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh agus thaisteal sé go dtí an Fronta Thiar i 1917.
Chonair Iarnróid an Iarthair the Western Rail Corridor
" Ach, cé go ndúirt an Taoiseach sa Dáil go bhfuil “airgead sa bhuiséad do Chonair Iarnróid an Iarthair” dúirt sé freisin - agus go cúramach - nach dtabharfar faoin tionscadal iomlán ar dtús, ach go ndéanfar an fhorbairt céim ar chéim, ag brath ar chúinsí geilleagracha.
sna h-Eileanan Siar in the Western Isles
" Thaistil grúpa amhránaithe salm ó Eilean Leòdhais sna h-Eileanan Siar agus thug siad ceolchoirm in Iarsmalann Uladh.
Chonair Iarnróid an Iarthair Western Rail Corridor
" Tá rath ar Chonair Iarnróid an Iarthair, ó Chorcaigh go Clár Chlainne Mhuiris, agus tá nasc maith bus freisin idir Clár Chlainne Mhuiris, Sligeach agus cathair Dhún na nGall, ar ceangal maith é leis na traenacha.
Conair Iarnróid an Iarthair Western Rail Corridor
" ” Tá baint lárnach ag Colmán le West on Track, an feachtas atá ar bun in iarthar tíre chun an t-iarnród ar a dtugtar an Conair Iarnróid an Iarthair a athoscailt.
na h-Eileanan Siar the Western Isles
" Ansin bhunaigh sé séipéil eile ar na h-Eileanan Siar agus ar an mhórthír.
cósta thiar na hAstraile the western coast of Australia
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thosaigh mé ar thuras síos cósta thiar na hAstraile – mé féin agus na mílte cúlphacálaí eile! Is cinnte go raibh a draíocht féin ag baint leis an Astráil, ach dar liomsa nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú.
tír Iartharach Western country
" Níl tír Iartharach ar bith eile chomh hard sa liosta sin, ámh, agus is aisteach do dhaoine san Iarthar a fheiceáil chomh hard is atá na Stáit Aontaithe sa liosta i gcomparáid le tíortha eile an Iarthair.
sna h-Eileanan Siar in the Western Isles
" Tá cónaí ar an chuid is mó acu san iarthar – ar Uibhist a Deas agus ar Bharraigh sna h-Eileanan Siar agus thart ar Ghlaschú, áit a ndeachaigh roinnt mhaith Éireannach.
ar an gceann thiar at the western extremity
" Tá muide ar an gceann thiar agus iadsan ar an gceann thoir agus is féidir go bhfuil iarsmaí de na seanstruchtúir sin fágtha le fada agus gur féidir linn iad a chur i gcomparáid lena chéile.
Iarthar na Rúise western Russia
" Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth ar thíortha éagsúla ar fud na hEorpa, ach ba iad na ceantair bá mhó a d’fhág sé a rian uafásach orthu ná an Bhealarúis, an Úcráine agus Iarthar na Rúise.
in Iarthar Chorcaí in Western Quagmire
" ” Mhaígh Pól Ó Muirí: “Chaith mé seachtain in Iarthar Dhún na nGall uair dá raibh agus bhí mé in Iarthar Bhéal Feirste lá amháin ar mo rothar, ach cha raibh mé riamh in Iarthar Chorcaí.
Ghaeil Mheiriceá western zealots
" Tá an cháin cáinte fosta ag na heagraíochtaí a chuireann fógraí isteach, agus ag scór de Ghaeil Mheiriceá a léann an iris go rialta.
córas daonlathach iartharach western democracy
" “Bhuel, tá tagairt sa leabhar do rud a dúirt Kofi Annan tráth a dtáinig deireadh leis an chóras Sóivéadach gurbh é “deireadh na staire” a bhí ann agus nach mbeadh ach sprioc amháin ag tír ar bith - córas daonlathach iartharach (western democracy) agus an caipitleachas gan srian i bhfeidhm.
cheol tíre country and western
" An bhfuil Cathy Jordan san aicme chéanna den traidisiún le Dervish a d’fhiafraigh mé dí ansin? Deir Cathy go mbíodh a tuismitheoirí agus a muintir go léir tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá.
Iarthair na hAstráile Western Australia
" Bhí preasagallamh ag príomhaire Iarthair na hAstráile, Colin Barnett - atá ina bhall den Pháirtí Liobrálach - ar an lá céanna inar mhaígh sé gur tharla an pléascadh de dheasca gur steall daoine ar bord peitreal d’aon turas ar fud an bháid.
Iarthair western
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
Iarthar western
" com/watch?v=4K2w0YY1SR8) “Ní bheidh Nollaig ar bith ann i mbliana!” a d’fhógair sé, agus é ag seoladh céad díle an gheimhridh in Iarthar agus i nDeisceart na hÉireann.
Domhain Thiar western world
" Tá cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
imeallbhord thiar western periphery
" Ba iomaí teanga a bhí san ollscoil sin fad a mhair sí, ach bíodh go samhlaítear teanga na Gaeilge anois leis an imeallbhord thiar go háirithe, ba i lár na hÉireann a bhí nead gach canúna, ba ansin a theagmhaigh gach fuaim, gach foghar is gach focal lena chéile.
rialtais an Iarthair western governments
" Is cosúil gur coinníodh Keenan agus daoine eile ar nós Terry Anderson, Terry Waite agus John McCarthy ina ngialla chun brú a chur ar rialtais an Iarthair, an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go príomha, agus ar Iosrael scaoileadh le cuid de na príosúnaigh Mhoslamacha a bhí cuibhrithe acu.
mhórtheaghlach an iarthair the large western family
" Cuirfidh a cheapachán an-olc ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach is tábhachtaí dá shaoiste an riachtanas atá ann freastal ar mhórtheaghlach an iarthair.
an Domhain Thiar of the western world
" Tá Rí an Domhain Thiar agus Banríon an Domhain Thoir ar shiúl chun an bhaile, agus a gcúpla focal Gaeilge fágtha ina ndiaidh acu.
chontaetha an iarthair the western counties
" Bhí an scéal amhlaidh ar fud chontaetha an iarthair agus chontaetha cois teorann.
tíortha móra an Iarthair the large western countries
" Ón Iodáil go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe, tá tíortha móra an Iarthair ag streachailt le fiacha móra.
sochaithe an Iarthair western societies
" Céard iad na tréithe is mó atá chun cinn i sochaithe an Iarthair sa lá atá inniu ann? An tomhaltas, an t-ábharachas, an t-indibhidiúlachas, an mhífhoighne.
teorainn thiar western border
" Níl teorainn thiar Abruzzo ach 50 míle soir ó chathair na Róimhe, rud a d’fhágfadh, cheapfá, ina cheantar mór turasóireachta é.
fimíneacht an Iarthair Domhain Western hypocrisy
" Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.
domhan iartharach western world
" Tá Teach Uachtarach i mbunús na dtíortha daonlathacha sa domhan iartharach go deimhin.
iarthar na Brasaíle ar fad way out in western Brazil
" Marbh le Tae is Marbh gan É ========= Leathbhliain ina dhiaidh sin, táim i mo shuí i dteampall an Barquinha in Rio Branco, ardchathair Acre, an stáit as a dtagann an tae, in iarthar na Brasaíle ar fad.
Iarthar na hAlban western Scotland
" Logainmneacha na Gaeltachta in Éirinn: ================= Cén fáth a bhfuil feidhm oifigiúil ag logainmneacha i nGaeilg ghlan ghramadúil in Albain nuair nach raibh in Éirinn go dtí le gairid? Cén fáth ar caomhnaíodh cuid mhaith de na logainmneacha Gaeilge in Iarthar na hAlban, ach in Éirinn is a mhalairt a deineadh? Ar an cairt mhara d’Oileáin Árann, i gCuan na Gaillimhe, tá dhá charraig ar chósta thoir theas Inis Mór atá ainmnithe mar Carrickamimeraughy agus Illaunanaur.
le heolas a chur ar na farraigí siar to discover the western seas
" Chroch an naomh úd a chuid seolta le heolas a chur ar na farraigí siar.
buntéacsanna is tábhachtaí in oidhreacht an iarthair most important basic texts in western culture
" Cuirtear béim ar leith sna hollscoileanna, fiú sa lá atá inniu ann, ar ‘dhíospoireachtaí’ seachas ar thuairimí, agus múintear ‘conspóidí’ seachas na buntéacsanna is tábhachtaí in oidhreacht an iarthair.
d’achainí na dtíortha Iartharacha the western countries request
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair they had yielded to Western pressure
" Ní raibh Moscó ná Béising sásta go mbeadh an chuma ar an scéal go rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair.
iarthar western
" Tá na ceantair seo sna cathracha móra, in iarthar Sydney ach go háirithe, na ceantair cheannanna chéanna ina bhfuil toghcheantair imeallacha go leor.
drad an Iarthair nochta western teeth are bared
" Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa at the western and eastern extremity of Europe
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
chósta iardheisceart na Tuirce the Turkish south western coast
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.
hairm an iarthair to western armies
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
ní dual do mheáin an Iarthair western media doesn’t have the habit of
" Ar an drochuair ní dual do mheáin an Iarthair an dea-scéala a thabhairt dúinn ón Afraic.
sna bruachbhailte thiar in the western suburbs
" Ní raibh aon fhoireann sacair sna bruachbhailte thiar i bPríomhsraith na hAstráile, mar shampla.
tíortha daonlathacha an Iarthair the western democracies
" Feictear domsa go bhfuil tíortha daonlathacha an Iarthair leath ina gcodladh, ag suansiúl i dtreo na tubaiste.
le freagra na dtíortha iartharach ar the western countries answer
" Ach léiríonn an neamh-éifeacht a bhaineann le freagra na dtíortha iartharach ar an ghéarchéim úd a laige is atá siad.
luachanna an iarthair western values
" Tá siad ann a mhaíonn go bhfuil “an t-iarthar” chomh dona leis an Rúis nó le tír ar bith eile nach nglacann le “luachanna an iarthair”.
Bochtanas an Iarthair western poverty
" Bochtanas an Iarthair ========== Cé nach mínítear an scéal ina iomláine riamh, tuigtear dúinn nach bhfuil “útóipe” de shaghas éigin amach roimh Alina agus Voichita má shocraíonn siad ar imeacht chun na Gearmáine.
easurraim an iarthair the western arrogance
" Ghlac roinnt d’iascairí an taoibh sin, an tSomáil, de fhreagaireacht orthu féin, easurraim an iarthair a agairt ar loingeas an iarthair, ar ais nó ar éigean.
loingeas an iarthair the western armada
" Ghlac roinnt d’iascairí an taoibh sin, an tSomáil, de fhreagaireacht orthu féin, easurraim an iarthair a agairt ar loingeas an iarthair, ar ais nó ar éigean.
nach dteilgeann airm an iarthair that the western armies don’t shoot
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
Dá strómhaire é saol iarthar domhain no matter how stressful the western world may be
" Dá strómhaire é saol iarthar domhain, dar le Ciarán Mac Aonghusa, ar a laghad ar bith is féidir labhairt amach go neamhfhaiteach is le feirg faoi.