sothuigthe
easily understood
Chomh maith leis an chúis sin atá luaite agam, shíl mé i gcónaí go bhfuil gá le leabhar tagartha gramadaí ina bhfuil na rialacha gramadaí leagtha amach go deas soiléir
sothuigthe.
nach dtuigfí mo chuid Gaeilge
that my Irish would not be understood
Bhí mé neirbhíseach faoi dhul go háit nua, agus bhí mé buartha freisin
nach dtuigfí mo chuid Gaeilge, a d'fhoghlaim mé i dtuaisceart na hÉireann.
thuig siad go gcaithfí ligean lena n-athair corruair
they understood that their father would have to be humoured sometimes
Óg agus eile a bhí na páistí,
thuig siad go gcaithfí ligean lena n-athair corruair agus shuigh siad beirt siar, ach ní le croí mór maith a rinneadh é.
sothuigthe
easily understood
Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm mar bhí an Ghaeilge ann go réadúil agus bhí sé
sothuigthe.
nár thugas féin ach blúirí liom
that I only understood bits and pieces
Tháinig an chaint go réidh chuige agus bhí an-spórt ar fad againn, mar ba léir dó
nár thugas féin ach blúirí liom.
thuig chuile dhuine
everyone understood
“Nuair a glacadh an cinneadh go mbeadh cainéal nua ag teastáil agus gur ghá cainéal nua a thógáil, bhí sé le tuiscint –
thuig chuile dhuine agus ghlac chuile dhuine leis – go mbeadh an cainéal seo neamhspleách lá is faide anonn.
tuigthe
understood
Bhí sé
tuigthe ag an chuid is mó de phobal na cathrach go raibh athruithe de dhíth agus bhí dóigheanna éagsúla ann leis na hathruithe sin a thabhairt i gcrích.
sothuigthe
easily understood
Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh
sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
sothuigthe
easily understood
Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh
sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
níos sothuigthe
more easily understood
An bhfuil a dhath níos simplí,
níos sothuigthe ná an coincheap go gcaithfidh saoránaigh bheith dílis don stát ina bhfuil siad beo? Dá mhéad daoine atá dílis don stát, is amhlaidh is buaine a bheidh sé.
thuig dream áirithe
a certain group understood
*******
Le bunú an Stáit
thuig dream áirithe go raibh an seansaol Gaelach ag imeacht.
nach féidir í a thuigbheáil.
that it can't be understood.
Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go mbíonn dea-Ghaeilge bhlasta na Gaeltachta Gaelaí chomh saibhir sin agus
nach féidir í a thuigbheáil.
óir thuigeamar
for we understood
D’ólamar deoch air go cúthaileach –
óir thuigeamar nach domhain a bhí a phócaí an oíche úd.
thuigeas
I understood
An-smaoineamh, b’fhéidir, ach amaidíocht agus
thuigeas go gcuirfeadh sé an-stró orainn.
Thuigeas ansin
I understood then
Thuigeas ansin cén fáth gur eagarthóir é ar cheann de na hirisí is rathúla sa tír.
Thuig sé mo chás,
He understood where I was coming from,
Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
thuig gach duine
everyone understood
“Thaispeáin mé an scannán i nGaillimh agus
thuig gach duine ar an toirt é.
Thuig muid uilig dó.
We understood where he was coming from.
Thuig muid uilig dó.
thuig sé.
he understood
D’éisteamar leis an gceol agus
thuig sé.
a thuig siad ár gcás.
when they understood our predicament
***Tacaíocht:*** Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is gá dúinn ár mbuíochas a chur in iúl do na gníomhaithe Gaeilge agus do na polaiteoirí a ghníomhaigh go sciobtha nuair
a thuig siad ár gcás.
thuig sí láithreach
she understood immediately
Cé nach raibh mórán taithí aici go fóill ar obair theilifíse,
thuig sí láithreach go dtaitneodh sé go mór léi tabhairt faoin tionscadal áirithe sin.
ní mór a thuiscint
it must be understood
Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist,
ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.
Tuigeadh go forleathan
it was widely understood
Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais!
Croí an scéil
Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.
Tuigeadh
(it) was understood
Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste.
Tuigtear
it's understood
Tuigtear go bhféadfaidh an t-ardú ar líon na ndaoine atá dífhostaithe a bheith ina údar leis an mborradh atá faoin robáil armtha, suas 15.
Thuig
understood
Thuig an té a chreid an scéal agus
Thuig an scéalaí féin nár chreid éinne eile dá raibh i láthair a raibh cloiste againn.
Thuig
understood
Cosaint an Tionscail
Thuig Príomhaire na hAstráile a thábhachtaí is atá an tionscal do gheilleagar na tíre agus an dochar a bhí na hionsaithe a dhéanamh do chlú idirnáisiúnta na tíre.
tuiscint
understood
Tá 15 acu siúd ina dteangacha oifigiúla agus is iad an Béarla agus an Hiondúis an dá theanga is mó a bhfuil
tuiscint orthu go forleathan.
thuigfí
would be understood
Tá na Uígir ar na ngrúpa eitneach is mó i Xinjiang, mar a
thuigfí ó ainm oifigiúil an réigiúin, agus tuairim is 9 milliún díobh ann.
tuigtear
it is understood
Is ann a fuair sé bás chomh maith in 1701 agus
tuigtear gur sa séipéal áitiúil atá sé curtha.
tuigeadh
was understood
Dar ndóigh, ní déarfadh Seán Bán Breathnach ná Micheál Ó Sé a leithéid!
Ar feadh 100 bliain, deir Ó Cuinneagáin, ba é an seachadadh leis an dorn a bhí in úsáid don chuid is mó agus
tuigeadh an riail agus cuireadh i bhfeidhm í.
Thuig
understood
Thuig mé an tionchar a bhíonns ag teilifís ar dhaoine óga le Echo Island, rud nár
Thuig mé roimhe sin.
tuigfear
shall be understood
I measc critéir an chomórtais, tá cothú pobail agus ní gá ach roinnt de na tráchtaireachtaí a léamh agus
tuigfear gan mhoill go bhfuil pobal cothaithe ar an mblag seo, pobal a phléann leis an mblagadóir gach a bhfuil faoin spéir.
Tuigtear
it's understood
Tuigtear gur ag an bhFrainc atá ceann de na rátaí is ísle ar an aonad aibhléise (kWh) san Eoraip.
tuigeadh
was understood
Mura raibh clog ann gach áit,
tuigeadh gur le Protastúnaigh lár na cathrach agus lár na mbailte fud fad an tuaiscirt.
thuig
understood
com/watch?v=op-lX8B9iMk)
Bhí fear ar an raidió a rá gur
thuig sé an fáth gur tharla an t-achrann i bPort an Dúnáin agus gur eascair achrann an deireadh seachtaine as aighneas Bhóthar Gharbh Achaidh.
Tuigtear freisin
it’s understood also
Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero!
Criogair na hÉireann agus na Gréige
================
Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean.
thuig
understood
Is léir gur
thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
thuig
understood
Is léir gur
thuig bunaitheoirí Quora go raibh daoine ag úsáid an idirlín chun ceisteanna a fhreagairt agus ba léir ó leithéidí *Twitter* agus *Facebook* go raibh siad ag cur níos mó muinín i bhfreagraí ó dhaoine in ionad a chur sna freagraí a fuair siad ó chuardach Google.
thuig
understood
De réir an scéil bhéaloidis,
thuig an dáréag cliste nárbh fhiú a bheith cliste a thuilleadh agus a bheith leo féin, mar a bhí, agus chuadar amach faoin mbáisteach is d’iompaígh ina ngealt ar nós gach éinne eile.
thuigeas
I understood
Is ansin a
thuigeas go raibh deis faighte agam nach raibh ag gach éinne eile.
thuig
understood
Bhíodh Learpholl sa nuacht go rialta ag an t-am sin, leis an chonspóid idir Comhairle na Cathrach agus Rialtas Thatcher agus mar mhac léinn ó chúlrá an lucht oibre,
thuig Jacques an teachtaireacht a bhí i scéal Noonan: *"Tressell is often seen as a rite of passage if you're involved with politics of a Leftist slant.
thuig sé
he understood
Tar éis dúinn an t-óstán breá sócúil a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an-díomá ar m’fhear céile nuair a
thuig sé nach raibh teilifís ar bith sa seomra.
Thuig
understood
Cad é a chuaigh contráilte?" -
Thuig Caitríona Ruane gur ag magadh a bhí mé - ar an dea-uair - ach is féidir a rá go bhfuil saol as an choitiantacht caite ag an bhean seo 49 mbliana d'aois as Contae Mhaigh Eo.
Tuigtear anois
it’s now understood
Tuigtear anois go ndearna na himreoirí sin agus bainistíocht na foirne botún nuair a ligeadh dóibh imirt, ach mar a dúirt duine amháin, níl íobairt ar bith nach ndéanfadh duine chun imirt i gcluiche ceannais an chontae, ní áirím cluiche ceannais na hÉireann.
thuig
understood
Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a
thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
mura dtuigtear é ar dtús
if it isn’t first understood
Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé,
mura dtuigtear é ar dtús.
Thuig
understood
”*
Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
Níor tuigeadh go forleathan
it wasn’t understood widely
Níor tuigeadh go forleathan ag an am, ach ba chor tábhachtach é sin i stair mhaoiniú na scoileanna abhus.
Caithfear a thuiscint
it has to be understood
Láimh leis an Bhás
=======
Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
a thuig tátal
who understood H’s conclusion
Agus tháinig sé isteach fé dheireadh i dtearmann James Joyce, ball uasal eile des na breacdhaoine- *“Between two roaring worlds where they swirl, I”*, an tÉireannach
a thuig tátal Hugo níos fear ná éinne eile.
gur thuig rialtais éagsúla
that various governments understood
Tá Údarás na Gaeltachta ann mar
gur thuig rialtais éagsúla i gcaitheamh na mblianta gur cheart aitheantas faoi leith a thabhairt don Ghaeltacht mar cheantar sainiúil.
le fios
leaves to be understood
Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe
le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo.
ní thuigtear cad chuige
it’s not understood why
Léirigh Blue Raincoat an dráma seo i Sligeach ar dtús, ach
ní thuigtear cad chuige nach ndéarna siad na hathruithe riachtanacha scripte agus ba cheart fad ama an dráma a ghiortú.
thug mé liom
I caught, understood
Aon fhocal amháin Máltaise a
thug mé liom; żwiemel, capall.
Tuigeadh
it was understood
Tuigeadh nach raibh sa reifreann an uair sin ach cleas polaitíochta ag Rialtas na Breataine, le feiliúnt do na hAondachtóirí.
Sin an t-adhmad atá le baint
that’s to be understood
Sin an t-adhmad atá le baint dar liom as taighde a d'fhoilsigh an Irish Times ar na mallaibh ar na grádanna a tugadh in ábhair Ardteiste le trí bliana anuas.
Is maith a thuig dream an bhrabaigh
the capitalists understood that much very well
Is maith a thuig dream an bhrabaigh an tualang luachmhar a bhí ag an ngrá seo don mhargadh domhanda.
Ní léir ar thuig sé riamh
we don’t know if he ever understood
Ní léir ar thuig sé riamh go raibh sé ag scríobh ar a shon féin nuair a mhaígh ceann dá phearsantachtaí sa scéal Westward the course of empire takes its way: “*you are loved*”.
bíodh is gur minic nach dtuigtear é sin
although that’s not often understood
Léiríonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar faoin teideal céanna le Juan González, go bhfuil formhór na Laidin-Mheiriceánach atá sna Stáit tagtha ann as tíortha a bhí chomh mór sin faoi scáil is faoi anáil SAM gurbh ionann agus coilíneachtaí de chuid SAM iad,
bíodh is gur minic nach dtuigtear é sin.
Dá dtuigfí i gceart
were it to be properly understood
Dá dtuigfí i gceart na rudaí is cúis leo a bheith sna Stáit, bheifí níos báúla lena gcás.
Tugtar le fios
it’s given to be understood
Modh Oibre an Oireachtais a Leasú
================
Tugtar le fios sna meáin chumarsáide nach bhfuil sa Seanad ach fóram cainte gan feidhm.
Tuigeadh ar feadh na mblianta
it has been understood for years
Tuigeadh ar feadh na mblianta i dtaobh páistí a bhfuil luaidhe ina gcuid fola, ar leibhéal íseal go fiú, gur dóichí go mbíonn siad fogha foréigneach.
ach ní tost gan tuiscint a bhí ann
but we both understood
”
Bhí tost beirte arís ansin ann,
ach ní tost gan tuiscint a bhí ann.
Trí ní a thuig mé i gceart
three things I understood properly
Trí ní a thuig mé i gceart i Trier na Gearmáine i mí Lúnasa ag an *First European Symposium in Celtic Studies*: an cúlú mór atá i saol an léinn; an saibhreas ollmhór a bhí ag cuid de na Sean-Cheiltigh fadó; an Ghaeilge mhaith atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn.
Ba chóir go dtuigeadh seisean an priacal
he ought to have understood the peril
Ba chóir go dtuigeadh seisean an priacal a raibh tú ann nuair a d’fhoilsigh sé d’alt.
D'fhás Úna aníos i dteaghlach a thuig
Una grew up in a household which understood
D'fhás Úna aníos i dteaghlach a thuig cad é bhí tábhachtach sa tsaol seo.
thuig sé éilimh
he understood the demands
An Fhírinne a Chodail Amuigh
===========
Sna hagallaimh sin le Mallie, dúirt sé gur drochrud a bhí sa chlaonroinnt a bhí i réim i nDoire Cholmcille agus gur
thuig sé éilimh Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta ó thuaidh.
Níor thuig an-chuid daoine
not many people understood
Níor thuig an-chuid daoine cad ina thaobh gur bheartaigh bainistíocht an BBC an clár a chur ar ceal tar éis dhá shraith a úsáideadh chun Giúdachas agus fiú feachtas na bhFiníní i Londain a chur trína chéile.
tuigeadh
was understood
I Mí Feabhra i mbliana,
tuigeadh gurbh é Happisburgh, 17 míle soir ó thuaidh as Norwich an suíomh rúnda.
d’aithin
recognised, understood
Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus
d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
a thuig cás na nGormach
who understood the side of the Black People
Maíodh ann gur ciníoch í, go raibh sí ag teacht salach uirthi féin agus nach feimineach ceart í
a thuig cás na nGormach ar chor ar bith.
Tuigtear go forleathan
it’s widely understood
Tuigtear go forleathan go bhfuil na feachtais riachtanach agus tacaíonn muintir na tíre leo dá bharr.
le barr tuisceana
because they understood
Bhí dáréag glic a d'fhan in uaimh
le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine.