Lé linn cluiche ceathrú ceannais Chiarraí idir An Ghaeltacht agus Eiméid Lios Tuathail, is amhlaidh a bualadh Marc Ó Sé i dtosach agus Tomás ansin agus gurbh é deireadh an scéil gur tugadh Tomás chuig an oispidéal agus giall briste aige! Cé a cheapfadh go dtarlódh a leithéid, coicís i ndiaidh Chraobh na hÉireann? Ní aisling é ach tromluí! Ar bhealach, is scéal
dochreidthe é go leagfaí ar lár le buille fealltach beirt de laochra an chontae chomh luath i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint agus Corn Sam Mhic Guidhir a bhreith ar ais go dtí "An Ríocht".