Dúirt Peadar liom: "An bhfaca tú na héin sna crainn sa reilig?" D'amharc mé suas agus chonaic mé a lán éan beag sna craobhacha agus iad ag déanamh tríligh gan stad, gan staonadh.
ag déanamh tríligh le chéiletwittering away with one another
Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
Is Meiriceánach í a dhéanann an-chuid taistil ina cuid oibre le comhlacht mór idirnáisiúnta teicneolaíochta – nach méanar di!
Thug mé faoi deara giolc áthais uaithi lá amháin ag rá go raibh Foursquare tagtha go Baile Átha Cliath.
Ní dhéanaim mórán poiblíochta ar “*The Rosie View*” ach fós tá éisteoirí dílse againn nach gcailleann clár riamh agus a fhágann tráchtaire nó a chuireann giolc chugam nó chuig Rosemary chun chur in iúl dúinn gur éist siad agus gur éist siad go géar.