Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag roinnt sharing
" Is cabhair atá ina leithéid de sheirbhís phearsanta ó am go ham ach teipeann ar an gcóras nuair a bhíonn daoine éagsúla ag roinnt an ríomhaire chéanna.
fágadh roinnt na dí ag Féilim sharing out the drink was left to Féilim
" Chuir Máire thart na glasraí agus an t-anlann agus fágadh roinnt na dí ag Féilim.
ag roinnt sharing
" "Ag cruthú dúshraithe d'aos ealaíne an cheantair atá muid," a deir Conall, "agus ag roinnt le healaíontóirí eile chomh maith.
ag roinnt na cumhachta sharing power
" Labhair leascheannaire an pháirtí, Reg Empey fán "aincheist mhorálta" a bhí ag céasadh a pháirtí de dheasca iad a bheith ag roinnt na cumhachta le Sinn Féin.
córas roinnte cumhachta a power-sharing system
" Mhol siad bunreacht scríofa do Thuaiscert Éireann, córas roinnte cumhachta idir na páirtithe polaitíochta a bhfuil macallaí de i gComhaontú Aoine an Chéasta.
ag roinnt tí liom sharing a house with me
" Beo!: An gcaitheann tú formhór do shaoil trí mheán na Gaeilge? AH: Labhraím Gaeilge leis an fhear atá ag roinnt tí liom.
ag roinnt amhrán sharing songs
" AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de? ÉÓD: Bhí sé d'ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas.
roinnt cumhachta power-sharing
" Agus an UUP as an bhealach, thig leis an DUP guth a thabhairt don tromlach i measc na n-aontachtach atá in éadan roinnt cumhachta, ainneoin trí ghníomh díchoimisiúnaithe, ainneoin scoir altanna a dó is a trí de bhunreacht na hÉireann, ainneoin go bhfuil "prionsabal an tola" glactha ag poblachtánaigh, ainneoin an tsosa (neamhfhoirfe) cogaidh a thosaigh 10 mbiana ó shin.
ag roinnt cumhachta sharing power
" Ní féidir a shamhlú go mbeidh an DUP agus Sinn Féin ag roinnt cumhachta taobh istigh d'achar gearr.
ag roinnt árasáin sharing an apartment
" Bhí muid ag roinnt árasáin agus chruthaigh muid ár nGaeltacht fhíorúil féin.
gníomhartha roinnte acts of sharing
" Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile.
ag roinnt do chuid saineolais leo sharing your expertise with them
" Is iontach an deis í freisin do na scoláirí thall a bheas ag éisteacht leat ag roinnt do chuid saineolais leo.
roinnt na cumhachta. the sharing of power.
" B’fhéidir nach bhfaigheadh bunadh na Sé Chontae ach stoca lán guail mura n-aontaíonn na páirtithe ar dhul chun cinn i gcúrsaí póilíneachta agus cirt agus ar roinnt na cumhachta.
ag roinnt seomra, sharing a room,
" Tá an t-uafás Éireannach lonnaithe i Sydney (tugtar County Bondi go minic ar cheantar Bondi Beach), agus d’éirigh liom fiú caife a aimsiú a dhíol Barry’s Tea! Faoin am seo, bhí mé réidh le dul abhaile, codladh i mo leaba féin, comhrá bheith agam le mo chairde agus gan bheith ag roinnt seomra, cistine agus seomra folctha le strainséirí.
roinnt na cumhachta the sharing of power
" *B’ann a bhí moltaí, den chéad uair, go mbeadh roinnt na cumhachta i dteannta diminsin Éireannaigh mar eochair a d’fhuasclódh fadhb an tuaiscirt go deo.
suíomh comhroinnte comhad é, file-sharing site
" Tá Limewire, ar suíomh comhroinnte comhad é, agus eile mar é anois ar fáil ónar féidir leat aon phíosa ceoil is maith leat a íoslódáil saor in aisce.
ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí sharing the private information of its users
" Tá súil agam nach mbeidh eolas níos tábhachtaí agus níos pearsanta – ar nós cúrsaí sláinte nó airgeadais – i gceist má tharlaíonn scannal eile atá bainteach le seirbhísí idirlín a bheith ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí le fógróirí.
roinnt cumhachta power sharing
" Maítear gurbh é an IRA a mharaigh an fear óg agus más fíor é an líomhain sin, b’fhéidir go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ann don roinnt cumhachta ó thuaidh.
á roinnt sharing
" Ba fhoireann iontach iad John is Colm, ag sealaíocht ar a chéile agus na múrtha eolais a bhí acu faoi gach gné d’fhíon á roinnt acu linn.
ag roinnt cairr car-sharing
" Is nós le Comhairleoirí áirithe taisteal chuig an chomhdháil is faide as baile (ag roinnt cairr in amanta) agus bille deas a chur chuig an Chomhairle dá dheasca.
ag roinnt eolais sharing information
" Éireannaigh iad ar fad a bhí ag roinnt eolais de gach sort in 140 carachtar nó níos lú.
roinnt na cumhachta power sharing
" Tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach.
mhéid na roinnte the amount of sharing
" Is féidir gach rud a roinnt ar na líonraí sóisialta ach níl an oscailteacht chéanna ar mhéid na roinnte atá ar siúl, .
roinnt na ngrianghraf photo sharing
" Roinn go Fial Iad ========= Tharla an chaint ar líonraí sóisialta, bíonn iomaíocht mhór i réimse roinnt na ngrianghraf freisin.
Roinnt an Eolais i dTír Aineoil sharing info in a strange country
"Roinnt an Eolais i dTír Aineoil ================= Dá gcasfadh stráinséirí ar a chéile idir Munich agus Cologne, nó idir an Ghinéiv agus Milan, ní húdar iontais a bheadh ann.
ag roinnt scéalta sharing stories
" Mí ina dhiaidh sin, bhíos ag caint le B’leáth Cliathach eile sa Cholóim, ag roinnt scéalta faoinár gcuid taistil agus d’inis sé dom go ndearna sé Potosi chomh maith, ach é ag léimt na bearna céanna, níor bhain sé an taobh eile amach agus thit sé amach sa duibheagán, agus bhí sé ag luascadh ar an téad tarrthála go dtí gur tharraing triúr fear aníos é.
in aontíos house sharing
" Chaith sé roinnt blianta ina chónaí in aontíos leis an racghrúpa cáiliúil *The Grateful Dead* freisin; tá tagairtí ómóis dó i roinnt amhrán leo, rud eile a chuirfeadh ar do shúile duit go raibh saol rómánsach, fiáin an *rock-and-roller* aige.
ag roinnt a thuairime sharing his thoughts
" Ní raibh aon ionadh orm mar sin nuair a tháinig scéal *‘Kony2012’* chun cinn go raibh geocach ríomhaire ar an idirlíon láithreach, ag roinnt a thuairime ar an ábhar.
ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta sharing their specialized technological knowledge
" Bhí mic léinn, iarchéimithe agus ollúna ann ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta, innealtóireacht leictreonach agus eolaíochta.
fiú a roinnt libh worth sharing with you
" Cúpla nasc a luaigh an bheirt seo ar an oíche gur fiú a roinnt libh: (Gaelport.
Ag Roinnt an Eolais sharing the knowledge
" ”
 Ag Roinnt an Eolais ======== Ach níorbh é an chead duine é a chonaic é féin sna téarmaí cuimsitheacha sin.
chomh maith le heolas a roinnt linne as well as sharing information with us
" Chuir siad fáilte mhór romhainn agus bhí siad an-fhiosrach i gcónaí faoinár nósanna cultúir, faoinár dteangacha is aroile, chomh maith le heolas a roinnt linne faoi Mheiriceá.
deir mo leathbhinseoir says the person sharing the bench with me
" “Níl a fhios agam céard a dhéanfas muid,” a deir mo leathbhinseoir.
ag roinnt na cumhachta sharing power
" Tá an bheirt, dar le Kelly, ag roinnt na cumhachta faoi láthair agus ag obair ar son na cathrach.
ag roinnt cumhachta leis sa Rialtas power sharing with the government
" Deir sé nach mbeidh sibh leath chomh holc leis na Cumannaigh sin atá ag roinnt cumhachta leis sa Rialtas.
ag roinnt tí le mic léinn eile sharing a house with other students
" An té a bhfuil cúram roinnt déagóirí faoi chaolachaí an tí nó níos measa fós, go bhfuil siad ag roinnt tí le mic léinn eile le linn freastal ar an ollscoil, rachaidh sé go maoil a mhainge soláthar mar ba cheart ar a theaghlach ar an meántuarastal tionsclaíoch.
lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre the Zionists were supposed to be sharing the country
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
ag roinnt an tsaibhris orainn sharing (their) wealth with us
" Chabhraigh muintir na Gaeltachta le gach éinne freisin, ag roinnt an tsaibhris orainn agus ag tabhairt cúnaimh dúinn nuair a bhí deacracht againn le teilgean cainte nó le heaspa cruinnis.
roinnt a gcuid gaoise sharing her wisdom
" Den dara mí as a chéile, tá an tAire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, ag roinnt a gcuid gaoise le Balor ina phluais.