Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lonnaithe settled
" Ach anois, agus na cuairteoirí ó Chríoch Lochlann lonnaithe iontu, tá seans go mbeidh athrú intinne ann.
chuireadar fúthu they settled
" Tháinig Liútaraigh as Siléis na Gearmáine a d'fhág a dtír dhúchais de bharr achrann creidimh agus chuireadar fúthu sa mBarossa Valley in aice le hAdelaide san Astráil Theas.
chuir siad fúthu they settled
" Tá cuid eile acu ina ndochtúirí; tháinig siad go hÉirinn mar mhic léinn agus ansin chuir siad fúthu anseo.
róshocair too settled
" Tá go leor le foghlaim againn ó na daoine seo, go mór mór nuair a bhímid ag éirí róshocair inár saol compordach gan bhuairt.
chuir siad fúthu they settled
" Nuair a bhí sí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus chuir siad fúthu i Milano.
agus chuir siad fúthu they settled
" D'fhág a theaghlach siúd Éire sa bhliain 1844, agus chuir siad fúthu i Séú Barda Nua-Eabhrac.
chuir siad fúthu they settled down
" I ndiaidh tamaill bhog siad go Tuaisceart Éireann agus chuir siad fúthu i gContae an Dúin.
chuir sí fúithi she settled
" Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!" Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
chuir sí fúithi she settled
" Tar éis na céime, chinn sí ar luigh isteach ar staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis agus chuir sí fúithi in Bordeaux le hiarchéim a bhaint amach sa teanga sin.
chuireadar fúthu anseo they settled down here
" Nílim cinnte cén fáth gur roghnaigh mo mhuintir féin an tír seo, ach stopadar in Éirinn agus chuireadar fúthu anseo.
chuir siad fúthu ansin they settled down there
" Tá siad díreach cosúil le go leor láithreán in Éirinn; is amhlaidh go raibh an cultúr céanna le fáil ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, agus go deimhin tháinig tuatha ó Éirinn go hiarthar na Breataine Bige agus chuir siad fúthu ansin.
socraithe síos settled down
" B’fhéidir nuair a rachaidh an t-alt seo amach ar an idirlíon ar fud an domhain go mbeidh gach rud socraithe síos ach faoi láthair, agus sinn ag druidim i dtreo dheireadh mhí na Samhna, tá an domhan tré chéile.
réitithe settled
" Ní chreidimse go bhfuil sé sin fós réitithe, ní cheapaimse gur chóir go mbeadh ar shé mhíle bean, nó deich míle bean, nó cibé uimhir atá i gceist, dul thar lear.
a chuir fúthu ann who settled there
" B’as Oileán Sgitheanach na hAlban iad na chéad Eorpaigh a chuir fúthu ann san 18ú haois.
a chuir fúthu who settled
" Meascán de Chaitlicigh agus Protastúnaigh go príomha a chuir fúthu i Wisconsin ar dtús, iad ag teitheadh ó dhíoltas na rialtas tar éis éirithe amach 1848 timpeall mhór-roinn na hEorpa.
an baile is faide áitrithe the longest settled town
" Scrios spéirling ollmhór Pensacola ina iomláine i 1561, ach cuireadh bunús maith faoi St Augustine (nó San Agustín, mar ab fhearr aithne ar an áit ag an am) agus is í an chathair sin anois an baile is faide áitrithe sna Stáit Aontaithe.
lonnaithe settled
" Cé go raibh sólás le fáil i muintir a thuismitheoirí a bheith ag teacht as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath chun cónaithe timpeall ar na Muiríosaigh eile a bhí lonnaithe i Manchain cheana féin, i ndeireadh na dála níorbh as an tír chéanna dá ghaolta agus de féin.
atá ag cur fúthu anois who are settled now
" Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe.
socraithe ar ár gcúrsa settled on our course
" ’ “Bhí an chéad bhliain go leith thar a bheith dian ach, ina dhiaidh sin, bhí muid féin níos socraithe ar ár gcúrsa agus, chomh maith leis sin, bhí ár misneach ag neartú.
ag cur fúthu go buan permanently settled
" Bhí Spáinnigh ag cur fúthu go buan in Florida ó 1565 amach, agus Francaigh ar abhainn San Labhrás (i gCeanada an lae inniu) ó 1535 amach.
atá i ndiaidh curtha fúthu who have settled
" I measc na ndaoine atá i ndiaidh curtha fúthu go sásta ansin bhí Lotte Glob, Danmhargach ar ealaíontóir criadóireachta í.
áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu. where most of the Irish settled.
" An amhlaidh – agus níl anseo ach buille faoi thuairim – gur cuireadh an focal isteach mar aitheantas don chanúint áitiúil? Ní focal é a shamhlaíonn tú le cathracha na Stát, áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu.
ag cur fúthu settled
" Is beag Éireannach sa lá atá inniu ann nach bhfuil aithne aige ar Pholannach amháin ar a laghad agus daoine den chine sin ag cur fúthu i ngach baile, idir bheag is mhór, ó cheann ceann na hÉireann.
chuir Bishop faoi Bishop settled
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
curtha fúthu ansin settled there
" I dteach an tsagairt áitiúil, tá grianghraf le feiceáil d'Éireannaigh a bhí curtha fúthu ansin in éineacht le hÉamon De Valera.
chuir mé fúm I settled
" Chun an clár “Faoistin Favela” a dhéanamh, chuir mé fúm i mbruachbhaile bocht – Favela – i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle.
sular chuir muid fúinn abhus before we settled over here
" In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
Chuir sé faoi he settled
socrófar shall be settled
" " Tá a fhios ag an domhan, ar ndóigh, go socrófar rud éigin i Washington, ach an cheist is mó atá ar bhéalaibh chosmhuintir Mheiriceá anois ná "an acmhainn do Mheiriceá iad a shábháil?" agus más ea, "an rachaidh an tír síos leo?"
socraithe settled/decided
" Bhí sé socraithe agam an pátrún a bhriseadh anuraidh agus vótáil ar son Conradh Liospóin, go dtí gur chuala mé Catherine Connolly ag plé Conradh Liospóin ar Raidió na Gaeltachta le linn an fheachtais.
chuir fúthu settled down
" Tugtar ‘Aotearoa’ ar an Nua-Shéalainn i Maorais, teanga na bPolainéiseach a chuir fúthu inti corradh is míle bliain ó shin.
ag cur fúthu living, settled
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
réiteofar shall be settled
" Cén chaoi a réiteofar an fhadhb murar féidir, ar ndóigh, a bunchúis a aithint.
go réiteofaí would have been settled
" Tosaíodh stailc ocrais i bpríosún na Ceise Fada le stádas polaitiúil a bhaint amach i 1980 agus creideann cimí go réiteofaí an chéad stailc ocrais sin go macánta ach gur bualadh bob orthu agus gur Thatcher a bhí taobh thiar de sin.
bunaithe settled
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
rabhas socraithe I was settled
" D’fhear Sarah Schedl, dalta óg Artificial Eye, fáilte chroíúil roimh ‘Kino’ agus níorbh fhada go rabhas socraithe isteach go cáiréiseach i dteannta haiceannaí cruabhruite na ceannchathrach - gloine fíona réasúnta sibhialta sa láimh amháin agam agus peann le pár sa láimh eile.
Shocraíos I settled
" Shocraíos isteach i seanbhruíon mhaorga na mbrionglóidí ar Shráid an Mhargaidh chun bata tomhais a cur ar obair l’enfant terrible cineama na Breataine sna seascadaí, Ken Loach.
socraithe settled
" Sa ré réamhchoilíneach tháinig pobail socraithe i gceannas ar an Réigiún Mór-Lochanna.
ag cur fúthu settled
" Tá na hOgoni ag cur fúthu sa Deilt Nigéireach le breis is cúig chéad bliain.
shocraigh settled
" Nuair a bhog mé chun an bhaile, shocraigh mé síos i mBothúna, leis na ‘Bothúna Boys’, Caomhán Ó Scolaí, Ciarán Ó Cofaigh, Darach Ó Scolaí agus Pat Simmons as an Nua-Shéalainn, Gaeil uilig.
lonnaithe settled, living
" Bhí an pobal Mandaean lonnaithe timpeall ar Bhagdad, an phríomhchathair, díreach roimh thitim Saddam.
chuir muid fúinn we settled
" Míshásamh Bíodh is go bhfuil ardmheas ag muintir na hAstráile ar Lá Anzac faoi láthair, níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí nuair a chuir muid fúinn abhus go luath sna seachtóidí.
lonnaigh settled
" Tháinig an deirfiúr, lonnaigh in Iosrael agus d’fhoghlaim sí Eabhrais go han-sciobtha.
socracht settled nature
" Is tréith de chultúr cathrach iad siúd a léiríonn stuaim, cur chuige agus socracht na ndaoine ann.
chuir muid fúinn we settled down
" Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
socraíodh settled
" Ach is léir ó bhreithiúnas na cúirte (agus i gcás eile dá chineál a socraíodh taobh amuigh den chúirt agus a bhain leis an Roinn Oideachais) go raibh faillí á déanamh ag Ranna Rialtais áirithe sa bhealach go raibh córas na marcanna breise do chumas i mBéarla agus i nGaeilge i gcomórtais inmheánacha á chur i bhfeidhm acu.
lonnaithe settled
" Caithfidh sé gur daoine seiftiúla iad an Masai a bhfuil scileanna ársa in úsáid acu mar ní raibh puinn féir le feiceáil sa cheantar ina raibh siad lonnaithe, dar linne, ach bhí siadsan in ann maireachtáil ar an talamh dhearóil sin.
cur fúthu i dtithe settled in houses
" Dá thoradh sin, tá na treibheanna níos socraithe síos i gceantair ar leith sa lá atá inniu ann, díreach mar atá baill áirithe den lucht siúil in Éirinn tar éis cur fúthu i dtithe le blianta beaga anuas.
socraíodh were settled
" 
Ba é an aidhm a bhí ag an CRD ná ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha coimhthíocha a raibh coimhlintí iontu a socraíodh trí idirbheartaíocht agus iad a chur in oiriúint d'Éirinn, thuaidh agus theas.
lonnaigh settled
" Is é sin, áit ar bith ar lonnaigh na Gaeil.
chuir fúthu settled
" Bhí Éireannaigh go leor i measc na saighdiúirí agus na gcoilíneach ar an gCéad Loingeas freisin, áfach, agus i measc na gcoilíneach a chuir fúthu de bhonn tola ina dhiaidh sin.
chur fúthu ann settled there
" Chothaigh na Gaeil a chur fúthu ann machnamh ar neamhspleáchas, ar cad atá cothrom sa saol agus cad ná fuil.
shocraíomar we settled
" Tugadh ciseán míre don bheirt againn agus shocraíomar síos i lúib dheas den trá chun ár scíth a ligean tar éis ghníomhaíochtaí na maidine.
buanlonnaithe settled
" Rugadh Mary i gcampa ar thaobh an bhóthair os cionn leathchéad bliain ó shin agus tá cuimhne an-mhaith aici ar an saol crua a bhí ag an Lucht Siúil amuigh faoin dtuath, go mór mór sa tréimhse sin idir na Ceathrachaidí agus na Seascaidí – ar ndóigh ba ag deireadh na Seascaidí a thosaigh tréimhse an-chorraitheach i saol an Lucht Siúil in Éirinn – bhog formhór an Lucht Siúil Éireannach isteach sna bailte móra ag an tréimhse sin agus shocraigh a bhformhór ar shaol níos “buanlonnaithe” a bheith acu – an pobal ag dul chun cónaithe ar shuíomh champála agus i dtithe ar bhonn níos fadtéarmaí.
Chuir muid fúinn we settled
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
réitithe settled
" Níl ceist aistriúchán taifead an tionóil réitithe fós agus tá an chonspóid ag leanacht ar aghaidh.
ag cur fúthu ó thuaidh settled in the north
" An Seicteachas agus an Ciníochas ================== Do dhream a bhfuil dearcadh an imhshuí go láidir iontu, ní hiontas ar bith é go mothódh dílseoirí inmíoch le méadú mór (ó bhun thar a bheith íseal) ar líon na gcoimthíoch atá ag cur fúthu ó thuaidh, ach tá an críochachas go láidir sa dá phobal ó thuaidh.
lonnaithe settled
" Is deacair a rá áfach an raibh Gaeilge ag Kelly féin, ábhar a bhfuil taighde déanta ag Cóilín Ó Riain air (Gaeilgeoir eile atá lonnaithe i gcathair Melbourne).
socair arís settled again
" - (iii) Tríú céim na foghlama is ea gáire a dhéanamh nuair a deir lucht bainc, airí airgeadais, baill rialtais, agus bíodh sé le rá, ball de mhóramh an chine daonna go bhfuil an ‘cúlú thart is go bhfuil ‘na margaí socair arís’.
shocraigh settled
" Sa mheabhrán chomhthuisceana a shocraigh rialtas Cowen leis an Troika (CAI, BCE agus An Coimisiún Eorpach) ghlac an rialtas air féin go gcuirfí táille tí i bhfeidhm.
chuir siad fúthu they settled
" Sa 12ú aois déag, le linn do Geisa II a bheith ina rí ar an Ungáir, nuair a bhí cogadh na croise á chur ar Ioslam, tháinig pobal ó cheantar an Réin in iarthar na Gearmáine agus chuir siad fúthu sa Transalváin.
réitíodh were settled
" Fuaireas an-léargas uaidh ar Kant inar réitíodh cruacheisteanna go léir na fealsúnachta ach faraor níl dóthain spáis anseo agam chun é sin ar fad a mhíniú duit.
Shocraigh a bhformór most of them settled
" Shocraigh a bhformór ina dtír altramais, phós siad agus tháinig ar cuairt nó dhó ar ais go hÉirinn sula bhfuair siad bás.
Chuir muid fúinn we settled
" Chuir muid fúinn san Astráil sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach roinnt míonna sa tír nuair a bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil.
chuir faoi he settled
" Sé bliana déag ó shin, thug sé cúl lena bhaile dúchais, sheol na ba roimhe, agus chuir faoi ar deireadh 500 míle ó dheas i gceantar Dan Bassa.
coilínigh a chur fúthu iontu colonists who settled there
" Bhí siad araon daite dearg ar an léarscáil, mar a bhíodh na tíortha eile sa Chomhlathas Briotanach ar fud na cruinne, agus ba de shliocht Briotanach iad na coilínigh a chur fúthu iontu.
gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo till the day came that I settled here
" Mar sin féin, aineolach mo dhóthain a bhíos ar an gcathair agus ar an gcúige seo gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo.
shocraíomar ar luach we settled on a price
" Rinneamar roinnt stangaireachta, shocraíomar ar luach agus gan aon ní seachas mo sheoladh r-phoist, sheol mo chara nua le nós cniotála uafásach $45 chugam trí *PayPal*.
chuireamar fúinn we settled
" Bhí sé beartaithe againn, agamsa ar aon nós, gan dul thar n-ais, agus nuair a thánamar abhaile go hÉirinn as na Stáit Aontaithe, is i mBéal Feirste a chuireamar fúinn.
ag cur fúthu settled
" Insíonn Leanne Best an scéal le blas Scouse ar a cuid cainte, ach níl Learpholl luaite sa dráma a chor ar bith, agus thiocfadh leis an scéal a bheith as cathair ar bith i Sasana ina bhfuil na hÉireannaigh ag cur fúthu.
shocrófar shall be settled
" Tarraingt na gCos ======== Gan a mhacasamhail de reachtaíocht is i gcúirteanna na tíre a shocrófar aighnis den chineál seo.
chuir fúthu de bhonn tola settled down by their own design
" Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.
Chuir muidne fúinn abhus we settled here
" Chuir muidne fúinn abhus an bhliain chéanna agus is iontach an t-athrú atá le sonrú i gcúrsaí inimirce in imeacht na mblianta ó shin i leith.
cúrsaí litrithe agus gramadaí gan a bheith socair literacy and grammar not being settled
" Ceann de na dúshláin ná cúrsaí litrithe agus gramadaí gan a bheith socair.
Réitigh settled
" Réitigh an Jim Larkin Society an rún seo nuair a fuair siad cóip den chlárú beireatais ón chlárlann i Learpholl: rugadh James Larkin ar 4ú Feabhra 1874 ag 41 *Combermere Street*.
stádas níos socra a fháil obtain a more settled status
" Ag deireadh 2005, d’fhonn stádas níos socra a fháil, rinne an tUasal Mallak iarratas ar dheimhniú eadóirseachta, rud a dhéanfadh saoránach Éireannach de.
tar éis cur fúthu have settled
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
atá lonnaithe sa tír cheana who are already settled in the country
" Is amhlaidh go bhfuil na Stáit bainte amach ag formhór na n-inimirceach atá ann de bharr nasc teaghlaigh le saoránaigh nó inimircigh atá lonnaithe sa tír cheana.
ba ghairid gur shocraigh an dís síos the two settled down shortly
" D’ith siad agus d’ól siad a sáith agus ba ghairid gur shocraigh an dís síos le bheith ag meabhrú os cionn na tine.
Chuir muid fúinn we settled
" Chuir muid fúinn in Canberra, príomhchathair na hAstráile, bunáite ceathracha bliain ó shin agus is breá linn an chathair dheas seo.
ní mór réiteach a fháil orthu they have to be settled
" Scéalta móra iad seo ar fad agus ní mór réiteach a fháil orthu.
nuair a chuir mé fúm anseo when I settled here
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
réitithe nuair a thit Balla Bheirlín settled when the B. Wall came down
" Nár cheap an fealsúnaí Francis Fukuyama go raibh na ceisteanna faoin chaipitleachas agus faoin liobrálachas réitithe nuair a thit Balla Bheirlín.
réitigh settled
" Ghnáthdhaoine ab ea iad, agus iad uilig ag iarraidh freagra ar an cheist shimplí: “cén fáth a rinne sí amhlaidh?” Saorfhiontraíocht ====== De réir cuid de na tráchtairí den eite dheis, réitigh Thatcher fadhbanna a bhí sa gheilleagar, mar shampla barraíocht stailceanna.
Chuir sé faoi he settled
" Chuir sé faoi i “*Petts Wood in Kent*” (lch.
a chuir fúthu who settled
" Ar an dea-uair, tá leabhair scríofa ag beirt de na dídeanaithe a tháinig trí Learpholl in am an Drochshaoil agus a chuir fúthu i Lancashire: Mícheál Dáibhéid (1846-1906) agus Marcas Ó Roighin (1844-1940) , beirt a bhí bródúil i gcónaí as a dteanga dhúchais agus a thug tacaíocht do Chonradh na Gaeilge nuair a bunaíodh é 1893.
Chuireamar fúinn i we settled into
" Chuireamar fúinn i gceantar bocht i Mazabuka na Saimbia.
chuir na coilínigh fúthu the colonists settled
" Tús Fuilteach Leath an Chogaidh ========== Cuireadh tús leis an gcogadh beagnach a luaithe is a chuir na coilínigh fúthu in Sydney i mí Eanáir 1788, nuair a mharaigh muintir na háite beirt fhear geal.
fós le réiteach yet to be settled
" Má thosaigh an Afraic Theas go maith, cén dóigh a bhfuil sí inniu agus céard atá i ndán di? Tá fadhbanna móra fós le réiteach ag an tír.
Chuir muid fúinn san we settled in
" *’ Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach gearrthamall sa tír nuair a chuala mé ár ngearrchailí ag canadh an ghligín fógraíochta thuas.
a bhí socair ann féin who was settled in himself
" Castar ar an gcóisir ansin uirthi fear a raibh luan áirithe leis, fear a bhí socair ann féin.
nuair a bhíonn áireamh nó ceist chasta le réiteach when mathematics or a difficult problem needs to be settled
" Go minic is é córas 1 a chuireann tús leis an obair ach iarrann sé cuidiú ó chóras a dó nuair a bhíonn áireamh nó ceist chasta le réiteach.
réitíomar an cheist we settled the matter
" Ach, réitíomar an cheist sa chaoi is nár ghá dul chun na cúirte.
a chuir fúthu who settled down
" Ghlac Cox le páirt Éireannach eile sa tsraith sin, páirt Jack Langrishe, bainisteoir cáiliúil ar troupe d’aisteoirí a chuir fúthu ag Owáyasuta sna *Black Hills* i *South Dakota* le linn fuadar an óir tar éis Chogadh na gCarad.
lonnaithe settled
" Ní raibh mé lonnaithe sa Ghaeltacht ach beagán le cois bliain, nuair a eagraíodh príomhfhéile na Gaeilge ar leic an dorais agam.
bpobal suite settled community
" Ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine thóg tuismitheoirí ón bpobal suite a gcuid páistí amach as dhá bhunscoil i gContae Luimnigh.
gur chuir sé faoi until he settled
" Níor thuig Alan Desmond chomh tógtha is a bhí na Polannaigh leis an bPápa Eoin Pól II go dtí gur chuir sé faoi i dtír dhúchais an Phápa.
gur chuir sé faoi until he settled
" Níor thuig Alan Desmond chomh tógtha is a bhí na Polannaigh leis an bPápa Eoin Pól II go dtí gur chuir sé faoi i dtír dhúchais an Phápa.
ag cur fúthu settled
" Tá breis is 100,000 Polannach ag cur fúthu in Éirinn anois ach is beag duine acu a bhfuil oiread aithne air is atá ar Izabela Chudzicka.
Lonnaigh settled
" Lonnaigh an Gael-Mheiriceánach sin in Éirinn dhá bhliain déag ó shin agus chuaigh Seosamh Mac Muirí chun cainte leis i nGaillimh le déanaí.