Agus coiste an Erectus ag iarraidh a bheith comhbhách, comh-mheasach, chomh hamaideach agus a thiocfadh leo a bheith, chuir siad na fógraí poiblí in Ultais! Anois, a léitheoirí, an dtuigeann sibh cad é an rud é Ultais? Ní thuigeann? Go maith! Nó ní thuigeann duine ar bith eile.
Chaith sé roinnt blianta ina chónaí in aontíos leis an racghrúpa cáiliúil *The Grateful Dead* freisin; tá tagairtí ómóis dó i roinnt amhrán leo, rud eile a chuirfeadh ar do shúile duit go raibh saol rómánsach, fiáin an *rock-and-roller* aige.