Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á brú chun tosaigh pushing her forward
" Ar ndóigh, d'fhéadfadh Rodgers fanacht sa bhaile agus gan baint a bheith aici leis an pholaitíocht níos mó ach bhí rud éigin á brú chun tosaigh.
brú millteanach terrible pushing
" Ba é sin an phríomhchúis gur tharla an tubaiste, mar níor thug ceannaire na bpóiliní, an Ceannfort Duckenfield, aon orduithe nó treoracha do na póilíní a bhí istigh i Leppings Lane, áit a raibh brú millteanach cheana féin.
ag brú pushing
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
treabhadh pushing on, ploughing
" Mar sin, le roinnt blianta, tá muid ag treabhadh ár n-iomaire féin.
ag stocaireacht pushing, making noise
" ’S iad ceardchumainn na státseirbhíseach agus an Language Freedom Movement (LFM) ba mhó a bhí ag stocaireacht ar an rialtas deireadh a chur leis an riachtanas seo.
ag iompar na bhfód ‘pushing up daisies’
" Ag ráta 100 saighdiúir marbh gach bliana, beidh 400 ball breise de arm Shasana ag iompar na bhfód faoin am sin.
Bíonn Rath ar Ropaire pushing ahead regardless is the way to go
"Bíonn Rath ar Ropaire' ============= **MDH: An bac é ar fhoghlaimeoirí má smaoiníonn siad ar chúrsaí gramadaí i gcónaí?** CL: Sílim gurb é.
ag brú anuas orainn pushing down on us
" An pobal agus an lárnachas seo ag brú anuas orainn.
eagraíocht stocaireachta the organization which was pushing
" Bhí an Feachtas Náisiúnta Teilifís, an eagraíocht stocaireachta ar son na teilifíse, buartha faoin moill a d’fhéadfaí a bheith curtha ar bhunú TnaG, dá mbeadh comhairleoir as an nua le ceapadh ag an Aire nua.
Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta conceiving and pushing stories
" Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta ================= D’eagraigh Terry preasagallamh ag am amháin inar labhair sé mar a bheadh sé fós i gceannas ar an bhfoireann.
ag brú an mhúnla nua pushing the new formula
" Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil.
ag brú uisce na farraige isteach pushing the sea water in
" Bhí an stoirm seo ag casadh tuathal, agus ó bhí croí na stoirme ag teacht i dtír i gceantar Atlantic City, bhí taobh thuaidh na stoirme ag brú uisce na farraige isteach i gCuan Nua-Eabhrac.
ag brú na ceiste seo chun cinn pushing the matter ahead
" Baineann sé seo le daoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo agus tá roinnt seanadóirí againn atá ag brú na ceiste seo chun cinn ins an Seanad.
ag brú reifreann teorann pushing the border referendum
" Táimid ag brú reifreann teorann chun cinn, ach an rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh roimhe sin ná an díospóireacht a chothú, gur féidir na hargóintí ó thaobh geilleagair, cúrsaí sóisialta agus mar sin de a chur chun cinn le rá agus le taispeáint go mbeadh chuile dhuine sna Sé Chontae ar fad níos fearr as ó thaobh Éire a bheith aontaithe.
i gcónaí ár mbrú chun cinn always pushing us ahead
" “Mo mháthair ach go háirid, bhí sí tiomanta go mbeadh oideachas orainn agus í i gcónaí ár mbrú chun cinn.
ag brú na ceisteanna seo pushing these matters
" ach tá an chuma ar an scéal ó chuile dhuine ar labhair mise leo nach bhfuil tada tarlaithe sa sé mhí sin agus go bhfuil súil ag daoine go bhfaighfidh an scéal seo bás mar a déarfá; nach leanfaidh daoine a bheith ag caint ar an ábhar agus ag brú na ceisteanna seo.
raibh mé ag cur brú uirthi I was pushing the car
" Tá an locht ormsa nach bhfuair mé an cineál sin míleáiste aisti, is dócha, toisc go raibh mé ag cur brú uirthi.
ag stocaireacht selling, pushing
" **CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?** AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist.
cúis na hÉireann á brú chun cinn pushing Ireland's case forward
" ) Tá eolas ar Gladstone in Éirinn ós é a bhí ina Phríomh-Aire ar chríocha na Breataine nuair a bhí Charles Stuart Parnell ina fheisire Pairliminte agus cúis na hÉireann á brú chun cinn aige.
ag gobadh aníos pushing up
" D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim.
is minic an t-idirlíon á thiomáint the internet is often pushing it
" Cé nach féidir an claonadh nua seo i SAM i dtreo an rud a dtugtar ‘minimalism’, nó íostachas, air a rangú mar ghluaiseacht ar bhonn oifigiúil, is cinnte go bhfuil rud éigin suntasach ag tarlú, agus is minic an t-idirlíon á thiomáint.
ag brú na leasuithe pushing the amendments
" Bhí na leasuithe ullmhaithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí Joe Mc Hugh fíordhíograiseach ag brú na leasuithe ar urlár an tSeanaid.