Pota Focal Intergaelic
bush | gush | hush | plush | posh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mo bhealach a dhingeadh push my way
" B'éigean dom féin mo bhealach a dhingeadh trí na daoine le mo thicéad a dhéanamh bailí.
conas na cnaipí a bhrú how to push the buttons
" Mar shampla, níor thuig roinnt vótóirí conas na cnaipí a bhrú ar na gléasanna agus bhí ar dhaoine a bhí in aice láimhe cabhrú leo a vóta a chaitheamh.
á brú chun tosaigh pushing her forward
" Ar ndóigh, d'fhéadfadh Rodgers fanacht sa bhaile agus gan baint a bheith aici leis an pholaitíocht níos mó ach bhí rud éigin á brú chun tosaigh.
go mbrúfar é until he is pushed
" Chomh luath is a bheidh siad sin thart, ní theastóidh ach an rud is lú le tabhairt ar gníomhú agus rogha a thabhairt don Uasal Ahern greadadh leis nó fanacht go mbrúfar é," arsa iaraire amháin le *Beo!.
brú millteanach terrible pushing
" Ba é sin an phríomhchúis gur tharla an tubaiste, mar níor thug ceannaire na bpóiliní, an Ceannfort Duckenfield, aon orduithe nó treoracha do na póilíní a bhí istigh i Leppings Lane, áit a raibh brú millteanach cheana féin.
an chnaipe a bhrú to push the button
" Níl le déanamh aige ach cuimhneamh ar an chnaipe a bhrú! Míbhuntáistí? ======= Ach an bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint leis an chóras digiteach? Is léir go bhfuil an córas digiteach níos saoire, níos fusa a úsáid, níos solúbhtha mar mheán cumarsáide ná na seanmhodhanna grianghrafadóireachta, ach an bhfuil fadhbanna i gceist chomh maith? Tá saineolas de dhíth le húsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua.
an chnaipe a bhrú to push the button
" Níl le déanamh aige ach cuimhneamh ar an chnaipe a bhrú! Míbhuntáistí? ======= Ach an bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint leis an chóras digiteach? Is léir go bhfuil an córas digiteach níos saoire, níos fusa a úsáid, níos solúbhtha mar mheán cumarsáide ná na seanmhodhanna grianghrafadóireachta, ach an bhfuil fadhbanna i gceist chomh maith? Tá saineolas de dhíth le húsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua.
á mbrú isteach i dtrí mhórcheantar being pushed into three large areas
" Tá na haontachtaithe á mbrú isteach i dtrí mhórcheantar in oirthear na Sé Chontae.
á mbrú being pushed
" Le linn an chluiche bhí teagmháil phearsanta an-trom agus láidir i geist idir imreoirí, rud atá coitianta go leor, le fírinne, ach níos mó ná uair amháin bhí doirne á gcaitheamh, geansaithe á dtarraingt, daoine á mbrú agus á leagadh le linn na himeartha agus nuair nach raibh an imirt ar bun.
brúdh ar ais iad they were pushed back
" Thógadar an cnoc a bhí mar sprioc acu, ach gan saighdiúirí chun é a choimeád, chailleadar arís láithreach é, agus brúdh ar ais iad.
brúdh daoine amach people were pushed out
" Fiú amháin, brúdh daoine amach as an scoil siocair nár fhóir siad ar chúis amháin nó ar chúis eile don scoil.
ag brú pushing
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
Bhrúigh sin mé i dtreo na Gaeilge níos mó. That pushed me more towards Irish.
" Bhrúigh sin mé i dtreo na Gaeilge níos mó.
brúite pushed
" **Mary Hanafin **(Lántosaí ar dheis): Í brúite i dtreo an chúinne.
ró-ardnósach too push
" Bhí scig-gháire ag dul ar aghaidh thart orm – bhí mo dheirfiúr agus a cuid cairde den bharúil go raibh mé ró-ardnósach le taisteal ar Greyhound.
brúfaidh siad ar aghaidh they'll push on
" Ina áit sin, brúfaidh siad ar aghaidh, cuirfidh siad an locht ar an tír seo amháin agus fanfaidh siad caoch ar imní an phobail Eorpaigh.
an clár a bhí á bhrú the agenda being pushed
" Ba é an clár a bhí á bhrú ag Manitou ná rialachas domhanda i leith cúrsaí comhshaoil.
a bhrú timpeall ar phláta le forc to push around the plate with a fork
" Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, tá siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe.
cén duine a bhrúigh an tionscadal seo chun cinn who pushed this project to the fore
" Ní gá a rá, áfach, cén duine a bhrúigh an tionscadal seo chun cinn.
nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne when push comes to shove
" Ní hamháin sin ach teastaíonn meon ar leith ón duine a dteastaíonn uaidh buaic na glóire a bhaint amach – meon diongbháilte, láidir a chuireann ar chumas an duine roghanna deacra a dhéanamh, roghanna a chinnteoidh nach dtitfidh sé i leataobh nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne sna dúshláin mhóra a bhaineann le gach aon spórt.
tháinig an crú ar an tairne when push came to shove
" ”Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, loic an t-uachtarán nuathofa.
tiomáint to push, drive
" Síltear leis an dearcadh sin, más féidir an geilleagar a tiomáint go dtí go dtarlóidh fás agus borradh faoin ngeilleagar go dtarraingeoidh sé sin an tsochaí agus an pobal aníos leis chomh maith.
am an ghátair when push comes to shove
" Is mithid dúinn mar phobal teanga ceist an chaiteachais ar an teanga le linn am an ghátair a chíoradh go cúramach seachas a bheith de shíor ag ionsaí an té atá ag tabhairt an teachtaire.
sonc a dig, a push
" Dráma a thug sonc ar aghaidh chomh maith d’fheachtas tithíochta Chiarraíoch óg sagairt i Slough Shasana san am, fear a thuill gean na n-imirceach Éireannach uile, an tAth.
brúite pushed
" An té a scríobh an píosa seo, bhí sé in achar leathshoicind do bheith brúite isteach ar inneall a chairr féin ag tiománaí jíp ollmhór a bhí i mbun téacs gutháin a léamh ag 60 m.
bhrú push
" Bhí mé réidh le mo bhealach a bhrú amach fríd an ocht milliúin duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic mé fógra mór os mo chomhair amach: An Ghaeltacht.
treabhadh pushing on, ploughing
" Mar sin, le roinnt blianta, tá muid ag treabhadh ár n-iomaire féin.
chur ar leataobh push you aside
" níl a fhios agat, b’fhéidir go mbeadh fear éigin ann an tseachtain seo chughainn chun tú a chur ar leataobh.
tháinig an crú ar an tairne push came to shove
" Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne níor ghlac an eite dheis dá pháirtí lena chomhairle.
An Crú ar an Tairne push comes to shove, on the spot
" An Crú ar an Tairne Tá Clare líofa san Ollainnis anois, agus múineann sí Béarla i meánscoil san Ísiltír.
bhrú to push
" Ansin tá teicneolaíocht go hiomlán difriúil eile arís ag *OceanEnergy*, a bhaineann úsáid as na tonnta chun aer a bhrú trí thuirbín chun an leictreachas a ghiniúint.
bhrú ar ais push back
" Is é ár mian, na haintoiscigh a bhrú ar ais.
ag stocaireacht pushing, making noise
" ’S iad ceardchumainn na státseirbhíseach agus an Language Freedom Movement (LFM) ba mhó a bhí ag stocaireacht ar an rialtas deireadh a chur leis an riachtanas seo.
ag iompar na bhfód ‘pushing up daisies’
" Ag ráta 100 saighdiúir marbh gach bliana, beidh 400 ball breise de arm Shasana ag iompar na bhfód faoin am sin.
Thit an crú ar an tairne push came to shove
" Thit an crú ar an tairne agus an lug ar an lag faoi dheireadh.
Bíonn Rath ar Ropaire pushing ahead regardless is the way to go
"Bíonn Rath ar Ropaire' ============= **MDH: An bac é ar fhoghlaimeoirí má smaoiníonn siad ar chúrsaí gramadaí i gcónaí?** CL: Sílim gurb é.
Brúnn pushes
" Brúnn an ceol chun na haille arís is arís eile.
nuair a tháinig an crú ar an tairne when push came to shove
" Ceist eile ar ndóigh ná an fiú athbheochan a dhéanamh ar bhlaganna na Gaeilge nó ar cheart glacadh leis gur claonadh sealadach, gearrshaolach a bhí i mblagadóireacht na Gaeilge a d’imigh le sruth nuair a tháinig an crú ar an tairne.
ag brú anuas orainn pushing down on us
" An pobal agus an lárnachas seo ag brú anuas orainn.
eagraíocht stocaireachta the organization which was pushing
" Bhí an Feachtas Náisiúnta Teilifís, an eagraíocht stocaireachta ar son na teilifíse, buartha faoin moill a d’fhéadfaí a bheith curtha ar bhunú TnaG, dá mbeadh comhairleoir as an nua le ceapadh ag an Aire nua.
Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta conceiving and pushing stories
" Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta ================= D’eagraigh Terry preasagallamh ag am amháin inar labhair sé mar a bheadh sé fós i gceannas ar an bhfoireann.
tiomáineann pushes
" Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige *‘cobbler’* a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach.
ag brú an mhúnla nua pushing the new formula
" Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil.
nuair a thagann an crú ar an tairne when push comes to shove
" In ainneoin na hiompairce thuasluaite, is dlúthchairde iad an dá thír nuair a thagann an crú ar an tairne.
ar bhrú cnaipe at the push of a button
" !) Agus ar bhrú cnaipe is féidir teacht ar léirmheasanna, grianghrafanna, sainsuíomhanna, blagmhíreanna agus ar eolas beo go deimhin trí *Twitter, Flickr, Instagram, Facebook* agus a leithéid eile.
Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh they push the limits forward
" Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh agus cuireann siad féidireachtaí nua ar fáil.
Ní haon dóichín an bheirt seo these two are no push overs
" Ní haon dóichín an bheirt seo.
ag brú uisce na farraige isteach pushing the sea water in
" Bhí an stoirm seo ag casadh tuathal, agus ó bhí croí na stoirme ag teacht i dtír i gceantar Atlantic City, bhí taobh thuaidh na stoirme ag brú uisce na farraige isteach i gCuan Nua-Eabhrac.
Bhrúigh sí roimpi she pushed ahead
a brúdh tríd which was pushed through
" Achainí ar Aontas na hEorpa: ============ Níl aon dóchas agam as an gcomhrialtas, de bharr an Acht Gaeltachta a brúdh tríd an Oireachtas faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh.
ag brú na ceiste seo chun cinn pushing the matter ahead
" Baineann sé seo le daoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo agus tá roinnt seanadóirí againn atá ag brú na ceiste seo chun cinn ins an Seanad.
ag brú reifreann teorann pushing the border referendum
" Táimid ag brú reifreann teorann chun cinn, ach an rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh roimhe sin ná an díospóireacht a chothú, gur féidir na hargóintí ó thaobh geilleagair, cúrsaí sóisialta agus mar sin de a chur chun cinn le rá agus le taispeáint go mbeadh chuile dhuine sna Sé Chontae ar fad níos fearr as ó thaobh Éire a bheith aontaithe.
chur chun cinn go feidhmiúil to push forward effectively
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
brúdh was pushed
" Nuair a chuaigh an Bille ar ais ag an Dáil, níor léirigh mórán Teachtaí Dála spéis ann ar chor ar bith agus sa deireadh brúdh an Bille tríd gan aon díospóireacht cheart ar na leasaithe a bhí molta.
agus é ag brú a bhealaigh while he pushed his way
" Bhí Balor ag ceol amhrán na Beatles agus é ag brú a bhealaigh trí na sluaite a bhí taobh amuigh den siopa: “Michelle, ma belle, sont des mots qui vont tré bien ensemble, ma Michelle.
má dhéantar é a shá isteach faoin if it is pushed in under
" Níl duine ar bith i saol na Gaeilge ag ceapadh go gcuirfear le cumas COGG aon cheo breise a bhaint amach, má dhéantar é a shá isteach faoin NCCA, dream a rinne praiseach iomlán de churaclam Ghaeilge na hArdteiste.
brúitear leas an tsaoránaigh ar leataobh the citizen’s welfare is pushed to one side
" Agus brúitear leas an tsaoránaigh ar leataobh.
Tá an teorainn brúite siar the boundary is pushed back
i gcónaí ár mbrú chun cinn always pushing us ahead
" “Mo mháthair ach go háirid, bhí sí tiomanta go mbeadh oideachas orainn agus í i gcónaí ár mbrú chun cinn.
nuair a thagann an crú ar an tairne when push comes to shove
" Ag Athrú Taoibh ===== Níor chomharba aiceanta é, ach nuair a thagann an crú ar an tairne .
ag brú na ceisteanna seo pushing these matters
" ach tá an chuma ar an scéal ó chuile dhuine ar labhair mise leo nach bhfuil tada tarlaithe sa sé mhí sin agus go bhfuil súil ag daoine go bhfaighfidh an scéal seo bás mar a déarfá; nach leanfaidh daoine a bheith ag caint ar an ábhar agus ag brú na ceisteanna seo.
raibh mé ag cur brú uirthi I was pushing the car
" Tá an locht ormsa nach bhfuair mé an cineál sin míleáiste aisti, is dócha, toisc go raibh mé ag cur brú uirthi.
chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig matters are pushed to the completely ridiculous
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
brúdh tríd was pushed through
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
ag stocaireacht selling, pushing
" **CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?** AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist.
ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo did he push out these developments
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
cúis na hÉireann á brú chun cinn pushing Ireland's case forward
" ) Tá eolas ar Gladstone in Éirinn ós é a bhí ina Phríomh-Aire ar chríocha na Breataine nuair a bhí Charles Stuart Parnell ina fheisire Pairliminte agus cúis na hÉireann á brú chun cinn aige.
ag gobadh aníos pushing up
" D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim.
is minic an t-idirlíon á thiomáint the internet is often pushing it
" Cé nach féidir an claonadh nua seo i SAM i dtreo an rud a dtugtar ‘minimalism’, nó íostachas, air a rangú mar ghluaiseacht ar bhonn oifigiúil, is cinnte go bhfuil rud éigin suntasach ag tarlú, agus is minic an t-idirlíon á thiomáint.
Caithfidh gur shaighdigh sé sin that must have pushed (you)
" Bhí sé mar chuid de mo shaol agus mé ag fás aníos agus ag plé drámaíochta agus scéalta, ag plé aisteoirí agus carachtairí Tionchar na Drámaíochta ======= **SMM: Caithfidh gur shaighdigh sé sin thú i dtreo na scríbhneoireachta agus na teilifíse?** ANGBh: Go cinnte! Gan amhras ar bith agus crothnaím go mór m’athair anois, ar na mallaibh ansin, bhí mé ag cur iarratas le chéile le cur isteach ag TG4.
dá mbuafá cnap mór euro were you to push a button
" Bí ag léamh ar líne i gcónaí agus sa deireadh thiar thall is é cleachtadh a dhéanann máistreacht!” Mar fhocal scoir, tá freagra na ceiste ag Clarke ach cad a dhéanfá dá mbuafá cnap mór euro? Ná bíodh aon drogall ort d’fhreagra a fhágáil sna nótaí tráchta!
rachaidh sé go maoil a mhainge it’ll really push him
" An té a bhfuil cúram roinnt déagóirí faoi chaolachaí an tí nó níos measa fós, go bhfuil siad ag roinnt tí le mic léinn eile le linn freastal ar an ollscoil, rachaidh sé go maoil a mhainge soláthar mar ba cheart ar a theaghlach ar an meántuarastal tionsclaíoch.
Tháinig an crú ar an tairne push came to shove, matters came to a head
" ‘Is Tír Í Québecois’ ======== Tháinig an crú ar an tairne agus fuair lucht na gceisteanna an freagra a bhí uathu nuair a ainmníodh Pierre-Karl Péladeau mar iarrthóir an Páirtí Québecois roimh an toghchán.
brúite isteach ar mullach a chéile pushed in on top of each other
" Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.
ag brú na leasuithe pushing the amendments
" Bhí na leasuithe ullmhaithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí Joe Mc Hugh fíordhíograiseach ag brú na leasuithe ar urlár an tSeanaid.
saighdte amach encouraged, coaxed, pushed out
" Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.
níorbh aon ribín réidh it was no push over
" os cionn farraige, óir níorbh aon ribín réidh an sliabh céanna.