gléasta chun gnímh
prepared for action
D'fhágfadh san go raibh, ar a laghad, píolóta amháin acu
gléasta chun gnímh ag an am sin.
chomh hullamh don saol
as prepared for life
Measaim nach mbíonn siad chomh forbartha mar dhaoine agus
chomh hullamh don saol is a bhíonn mic léinn tar éis dóibh oideachas tríú leibhéal a fháil in Éirinn.
á réiteach
being prepared
Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar
á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
réitithe
prepared
Fillfidh mé ar an gceist a chuir mé níos luaithe, mar sin: cé chomh
réitithe is atá an tír seo chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach ag Sellafield? Chuir Joe Jacobs scanradh ar a lán nuair a labhair sé ar chlár Mharion Finucane anuraidh faoin bPlean Náisiúnta Éigeandála.
ullmhaithe
prepared
Cé go ndúirt na polaiteoirí, ar a laghad míle uair, go raibh gach deis acu an íle a stopadh, tá sé soiléir don saol anois nach raibh tada
ullmhaithe acu an uair seo ach an oiread.
ullamh
prepared
Bíonn sé
ullamh ansan le bualadh le daoine.
á réiteach
being prepared
Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair?
Tá úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, *Cailíní Beaga Ghleann na mBláth*, á phoibliú againn; tá eagar á chur ar leabhar faoi stair an mhúinteora in Éirinn le Caoimhe Martin; tá fadhbanna teicniúla a roinneann le foilsiú innéacs 500 leathanach don *Chlaidheamh Soluis *ar CD-ROM
á réiteach; tá ábhar á sholáthar againn do thionscadal de chuid ITÉ (corpus Gaeilge), tá clúdaigh á ndearadh, tá ábhar breise
á réiteach don suíomh gréasáin, srl.
sa gcáipéis a réitigh an chomhairle
in the document prepared by the council
Moltar táillí eile ann chomh maith, mar shampla, táille €3,600 ar áiteanna páirceála do charranna, cé nach dtugtar mórán eolais faoi sin
sa gcáipéis a réitigh an chomhairle.
réitithe
prepared
Thosaigh an fiosrú i 1999, agus faoin am a tháinig deireadh leis anuraidh, bhí 22 comhad
réitithe le seoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
ullamh
prepared
Cé nach raibh na húdaráis i Learpholl
ullamh do shlua mar seo, ní bhfuair ach dhá dhuine is fiche acu bás le hocras, de réir an chláir oifigiúil.
réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh
they prepared the finished version for broadcast
Rinne Telegael an eagarthóireacht ar na pictiúirí, chuir siad fuaimrian leis, mheasc siad an fhuaim agus
réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh.
ullmhaithe roimh ré
prepared in advance
Roghnaíonn Sinn Féin iarrthóirí óga atá cliste, dóighiúil, fuinniúil agus atá ábalta dul de réir na foirmle a bhíonn
ullmhaithe roimh ré ag ceannairí an pháirtí.
á réiteach
being prepared
Níl aon teist níos fearr orthu ná an chaoi a ndéileálfar leis an Tionscnamh Iompair Tuaithe agus Leabhar na Meastachán
á réiteach do cháinaisnéis na bliana seo chugainn.
réitíodh bia agus deoch dóibh
food and drink were prepared for them
"
Agus lean Micí Mealltach Mímhúinte agus Bertie Buíoch Beannachtach Balor Fáidh isteach sa tábhairne agus
réitíodh bia agus deoch dóibh, agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith, agus dúirt go raibh méid an bhia agus méid na dí de dhíth, agus bhí.
níos réitithe
more prepared
Tá sé ráite ag an rialtas freisin go bhfuil an Astráil
níos réitithe ná tír ar bith eile ar domhan má tharlaíonn a leithéid.
ullamh
prepared
B’fhéidir go bhféadfadh imreoir é féin a ullmhú níos fearr roimh chluiche uaireanta, ach mura bhfuil an fhoireann
ullamh nó réitithe i gceart, nó traenáilte nó aclaí go leor, tá cuid mhór den locht ar an mbainisteoir.
ullamh
prepared
Ní raibh mé
ullamh don fhreagra.
atá á hullmhú
which is being prepared
Tá siadsan ag fanacht le go bhfeicfidh siad an reachtaíocht
atá á hullmhú ag rialtas Blair maidir le cúrsaí póilíneachta, a bheihd ar fáil an mhí seo chugainn.
ullamh
prepared
Ní raibh mé
ullamh don fhreagra.
bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart
it was very important that I was properly prepared
Bhí ana-chuid ama agam leis an taighde a dhéanamh agus leis an ullmhúchán a dhéanamh ach ní raibh an oiread sin ama agam chun an taifeadadh a dhéanamh *so*
bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart.
ar na bacáin
being prepared for
Ach le holltoghchán
ar na bacáin, b’fhiú don rialtas cuimhneamh ar a raibh le rá ag Jim Hacker ón chlár teilifíse “Yes Minister”: “The opposition are the opposition in exile, the Civil Service are the opposition in residence.
réitithe
prepared
“*Gaeilge 2010* an teideal atá ar an bplean seo agus táimid ag súil, faoi dheireadh Mheán Fómhair, go mbeidh plean
réitithe ag gach pobal don tréimhse suas go 2010, go mbeidh spriocanna ann do gach aon bhliain, go mbeidh na cúrsaí faoi lán seoil agus go gcuirfear leis na himeachtaí de réir a chéile.
ar na bacáin
being prepared for
Agus olltoghchán
ar na bacáin is cúrsaí polaitíochta, níos mó ná rud ar bith eile, a bhí ag teacht idir Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach agus codladh na hoíche le mí anuas.
ar na bacáin,
being prepared for,
Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán
ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
réitithe
prepared
Seó den scoth
réitithe againn.
Ullmhófar na rannpháirtithe
the participants will be prepared
Ullmhófar na rannpháirtithe freisin le haghaidh chomórtas iarratais an Aontais Eorpaigh (AE).
ar na bacáin
being prepared
Saol le maireachtaint, scannáin fós
ar na bacáin aige.
freagra réamhullmhaithe
pre-prepared answer
Nuair a chaitheann foireann bainistíochta in eagraíocht ar bith déileáil le cás géarchéime nach bhfuil
freagra réamhullmhaithe acu fána choinne is minic a thugtar ‘fire fighting exercise’ air.
ar na bacáin le tamall anuas,
being prepared for some time
Tá na jócanna
ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann.
á ullmhú
being prepared
Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis
an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán
á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
sásta a admháil
prepared to admit
Mura bhfuil Aontachtaithe
sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin?
Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson
comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
réitithe
prepared
Is bean óg dhathúil í Cathy Jordan, bail ó Dhia uirthi, ach is bean tráthúil í fosta, mar bhuail sí
isteach san óstán a bhí ceaptha go díreach san am a bhí ceaptha agus í
réitithe chun cainte.
iomairí fataí réitithe
potato ridges prepared
Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan,
iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
ullmhú
prepared
Tá an baol ann, in éagmais a leithéid de chíoradh, go gcuirfidh ceisteanna airgid smál ar sheoladh na straitéise 20 bliain atá á
ullmhú faoi láthair ag an rialtas don teanga chomh maith lena bplean tarrthála don Ghaeltacht.
dheasaigh
prepared
Nuair a bhain sé an áit amach, áfach, ní raibh rud ar bith ag tarlú agus dá bharr sin
dheasaigh sé an grianghraf go bréagach.
ullmhaithe
prepared
Tá achainí
ullmhaithe ag Guth na Gaeltachta ina míníonn siad an tábhacht a bhaineann le cosaint na gcúig phrionsabal seo a leanas:
1.
Réitigh
prepared
Réitigh an cinneadh seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí.
Ullmhaíodh
was prepared
Ullmhaíodh ‘Plana Gàidhlig Riaghltas na h-Alba’ faoi théarmaí Achd na Gàidhlig (Alba) 2005.
d’ullmhaigh
prepared
”*
Ach má tugadh an t-eiteachas don mholadh sin, ba léir ó mheamram a
d’ullmhaigh an Lár-Choiste Forbartha don rialtas go raibh fadhbanna fuinnimh ina gcrá chroí ag na hoileánaigh a bhí ina gcónaí amach ó chósta an iarthair.
ullmhaithe
prepared
Bhí bricfeasta
ullmhaithe dúinn agus gan tada le déanamh don lá iomlán ach a bheith ag breathnú amach ar an Amasóin.
réitigh
prepared
Sa bhliain 1996,
réitigh meitheal smaointe Iosraelach páipéar dar teideal *“A Clean Break: A New Strategy for Securing the Realm”* le haghaidh an Phríomh-Aire nuathofa Benjamin Netanyahu.
d’ullmhaigh
prepared
De thoradh brú ón Uachtarán,
d’ullmhaigh an tArd-Stiúrthóir, Páraic Ó Dufaigh, plépháipéar ar an ábhar agus nochtadh é le déanaí.
oscailt amach chuige
to be prepared for it
Is fánach an áit a gheobhfá breac, ach
oscailt amach chuige.
réiteofar
shall be prepared
Is deacair dom a shamhlú go mbeidh an ‘phríomheagraíocht cinnireachta’ a roghnófar in ann tacaíocht agus comhoibriú a fháil ó na eagraíochtaí eile sa gceantar, chun go
réiteofar ‘plean teanga cuimsitheach agus córasach’.
réitithe
prepared
Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-ábhar a bheith
réitithe a’t ó thaobh fuaime agus eile de, ó thaobh fiú amháin bheadh ort an dialogue a scaradh ón gcuid eile don fhuaim.
nuachóirithe
prepared anew
, Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494260
Eagrán
nuachóirithe den treoirshaothar do na meáin chumarsáide Gaeilge ina gcuirtear forbairtí nua san earnáil, na meáin nua, plé ar chursaí eagarthóireachta agus gnéithe eile san áireamh.
Eagrán nuashonraithe
a newly prepared edition
Eagrán nuashonraithe den saothar bunaidh Ar an Taifead a mbaintear an-leas as ar chúrsaí oiliúna sna meáin chumarsáide Ghaeilge.
grágheal a réitigh
beloved who prepared
Cuireadh Máire Óg chun suain síoraí i nGlas Naíon na laochra an Déardaoin beag tharainn, i mbaclainn Ruairí arís, an
grágheal a réitigh an ród roimpi, tá sé bliana anois ann.
níos oilte
more prepared
Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann
níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
hullmhaíodh an chéad eagrán
the first edition was prepared
Nuair a d’fhoilsigh an Rannóg Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil i 1947, dúradh sa réamhrá:
‘Is mar threoir don chaighdeán litrithe atá ceaptha le húsáid i ngnóthaí oifigiúla a
hullmhaíodh an chéad eagrán den lámhleabhar seo, a foilsíodh Mí Iúil, 1945, ach socraíodh ar é a chur ar fáil don phobal le súil go gcabhródh sé chun litriú na Gaeilge i gcoitinne a chaighdeánú’ (CO 1947, vi).
ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe
a reformed version was prepared in a draft
Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus
ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi .
bheith réidh le teacht roimh
to be prepared for
Is féidir na fadhbanna seo a sheachaint trí aire cheart a thabhairt do do charr – agus a
bheith réidh le teacht roimh na fadhbanna.
d'ullmhaigh feidhmeannaigh
prepared by officials
*"
Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a
d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh:
"*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.
nach raibh siad réidh leanúint ar aghaidh
they weren’t prepared to continue
D’fhógair ochtar de na hairí i rialtas Gillard, lena n-áiríodh daoine de na hairí ba shinsearaí ann,
nach raibh siad réidh leanúint ar aghaidh faoi cheannaireacht Rudd.
Réitigh siad
they prepared
Réitigh siad couscous dom, agus bhí mairteoil bhlasta faighte acu le cur leis na meacna agus leis na hoiniúin.
a ullmhaíodh do bhall
which were prepared for a member (of
Tugann an fo-alt seo cosaint do thaifid Rialtais, cáipéisí
a ullmhaíodh do bhall den Rialtas ar mhaithe le cruinniú Rialtais agus a bhfuil dlúthbhaint acu le cruinnithe Rialtais agus le cumarsáid idir beirt bhall den Rialtas.
fonn troda ar dhaoine
people (are) prepared to fight
Is fiú troid bheag a chur suas in aghaidh an méid atá ag tarlú agus is léir anois go bhfuil
fonn troda ar dhaoine.
an coincheap ullmhaithe i gceart
the concept prepared properly
Le teacht Péladeau, fear gnó a bhfuil na billiúin gnóthaithe aige sa teileachumarsáid, os comhair an phobail, ní raibh an dara rogha ach ag Marois reifreann ar scarúntacht a phlé - agus ba léir nach raibh
an coincheap ullmhaithe i gceart aici.
ullmhaithe ag
prepared by
Bhí na leasuithe
ullmhaithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí Joe Mc Hugh fíordhíograiseach ag brú na leasuithe ar urlár an tSeanaid.
tá tuarascáil nua ar na bacáin
there’s a new report being prepared
D’fhoilsigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ‘Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe in Éirinn’ i mí na Bealtaine 2008 agus mar sin,
tá tuarascáil nua ar na bacáin anois.
gléasta
prepared
Bás nó biseach a thabharfas an vacsaín ar ulpóg na muc duit? Tá do phosóid
gléasta romhat má théann tú i muinín an vacsaín nár tástáladh i gceart, dar le Maidhc Ó Cathail.
ullamh
(to be) prepared
Is ceart a bheith
ullamh, ach is fearr a bheith
ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.
réiteach
getting prepared
, seolta a chuideos leat
réiteach le haghaidh na Nollag.
I bhfianaise na tuarascála a réitigh
in light of the report prepared by
I bhfianaise na tuarascála a réitigh Stillwater Communications do RTÉ, breathnaíonn Donncha Ó hÉallaithe ar a bhfuil ann maidir le straitéis RTÉ i leith craolacháin i nGaeilge.