Cé hé féin, Pádraig Ó hEaráin, agus cad chuige a gcuirfeadh duine ar bith spéis ann ar chor bith?
Bhuel, is fiú spéis a chur ann mar go bhfuil idir bheathaisnéis agus scéal pobail scríofa ag Aodh Ó Canainn agus an té ar spéis leis foghlaim faoin am atá imithe le go dtuigfidh sé an t-am atá ann anois agus an t-am atá le teacht, b'fhiú dó cuntas eolach tuigseach
pléisiúrtha seo Uí Chanainn a léamh.