Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sócamhach roimh an dócamhach pleasure before business
" Thug sí cúpla casadh dó agus dúirt, "Anois, ní chuirfidh muid an sócamhach roimh an dócamhach.
ba phléisiúr it was a pleasure
" Ach an dream gairmiúil a bhí ag aisteoireacht an oíche cheana mar chompántas na Taibhdheirce, bhíodar thar barr ar fad agus ba phléisiúr bheith ina láthair.
scódaí súgach merry pleasure-seeker
" " As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann, fríd na tuillte agus na stoirmeacha, fríd an anfa agus an doineann ar dlúthchuid iad de shamhradh gruama na hÉireann.
pléisiúr soineanta innocent pleasure
" Tríd is tríd níl aon dochar iontu agus is minic go dtugann siad pléisiúr soineanta agus bealach éalaithe ó chuid den teannas agus strus a mbíonn orainn go léir déileáil leo ó lá go lá.
sóchas pleasure
" " Seo mar a thosaíonn an dán "Bealtaine 1916": I Sasana i gcéin ó Éirinn bhúidh Do chaitheas-sa tréimhse i ngéibhinn dlúth Ag Gallphoic ghránna sáite i ndaorbhroid De dheascaibh mo ghrá do Chlár geal Éibhir Mar bhí mo dhúil ó thús mo shaoil I saoirse, i gclú 's i sóchas Gael.
suáilcí simplí an tsaoil the simple pleasures of life
" "D'imigh an lá a raibh páistí ábalta am a bhaint as suáilcí simplí an tsaoil.
dia an phléisiúir the god of pleasure
" I *Bacchus* (1595-6), feiceann muid dia an phléisiúir ár mealladh le bheith ina chomhluadar.
néaróga a pléisiúir the nerves of her pleasure
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
an méid pléisiúir the amount of pleasure
" Is cinnte nach raibh a fhios acu ag an am cé chomh híocónach is a bheadh na cartúin seo agus an méid pléisiúir a thabharfadh siad dá lucht féachana líonmhar sa bhaile agus i gcéin.
is iomaí nóiméad pléisiúir many's the minute of pleasure
" Tógadh an sráidbhaile timpeall ar ghalfchúrsa, agus is iomaí nóiméad pléisiúir – agus péine – a thug an cúrsa céanna dom.
an pléisiúr a thagann leis sin. the pleasure which comes with that
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
gurbh é an pléisiúir is mó that the biggest pleasure
" I ndáiríre, caithfidh mé a rá gurbh é an pléisiúir is mó a bhain mé as an bpróiseas taifeadta ar fad ná na hamanna a shuigh mé istigh sa seomra taifeadta leis na ceoltóirí oilte seo ar fad.
oiread pléisiúir so much pleasure
" Deir sé nach n-éireoidh sé as cúrsaí ceoil go dtí go “stopfaidh an t-airgead a theacht isteach!” Is dea-scéala é sin dóibh siúd a bhfuil a bhfuil suim acu i gceol dúchasach na hÉireann agus a bhfuil oiread pléisiúir faighte acu ó shaothar Dhonal Lunny le daichead bliain anuas.
pléisiúr pléascach explosive pleasure
" Tá a fhios agat: rumpaí pumpaí; an siar aniar; an suas anuas; an *wham bam* go raibh maith agat, *mam*; an ó ó ó ó *seeeaaaa*!!!; an síneadh go spéir; an gníomh Gaelach; marcaíocht na mbolg; camchuairt na gcíoch; taiscéaladh an teasa; an cumann lúthchleas leapa; an pléisiúr pléascach; an is binn béal i do bhéal; an coinnigh ort; an ní craiceann go cur le chéile; an ní tír gan teanga.
schadenfreude pleasure from another%u2019s displeasure
" Suíomh idirlín Slugger O Toole Ag amharc ar an tuairimíocht i Slugger, is léir go bhfuil cuid de mhuintir an tuaiscirt an-tugtha don schadenfreude, ag baint suilt as cruachás daoine eile, go háirithe más deisceartaigh ardnósacha iad.
lán taitnimh great pleasure
" Bhaineamar go léir a lán taitnimh as taithí na hEoraifíse agus bhí sé go hiontach go dtí go dtáinig na vótaí isteach.
an-sult great pleasure
" Bhain mé féin an-sult as an cholún seo, agus bhí an-tuiscint aige faoin dara glúin.
tsiamsaíocht pleasure
" Imeachtaí Oifigiúla Chomh maith leis an tsiamsaíocht thuas, bíonn imeachtaí oifigiúla ar siúl freisin ar 26 Eanáir.
ana-shásamh great pleasure
" Bhaineamar ana-shásamh as an dtírdhreach álainn timpeall an tí ar maidin.
soilbhreas pleasure
" Sin an leagan scéil a mhothaím tráthnóna ag na meáin agus ní thugann sé soilbhreas ar bith dom éisteacht leis.
sult pleasure
" Ach bhí sí chomh suaite sin lena sult féin gur lean sí uirthi dá buaicphoinnte, in ionad an chontúirt don leanbh a aithint.
aoibhneas pleasure
" Ar aon chaoi, bainim aoibhneas as an léitheoireacht ó shin i leith.
Nár mhéanar wasn't it a pleasure
" Nár mhéanar do Shéamas II agus dá chúirt a bheith ar dídean ina leithéid d’áit.
sult pleasure
" Tá spórt agus sult agus sú an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin anó, aimléis agus faoi ainnise.
sult pleasure
" Bhí oscailt oifigiúil Cultúrlann Uí Chanáin ina hábhar mór gliondair ag pobal Dhoire ar na mallaibh agus tháinig idir óg agus aosta le chéile ar an oíche le gloine a ardú ina hónóir agus sult a bhaint as an cheol agus as na himeachtaí spleodracha a bhí ann leis an fhiontar bhreá nua seo a cheiliúradh.
ana-thaithneamh great pleasure
" Bhaineas ana-thaithneamh as ar fad.
lúcháir pleasure
" Nach maith an rud é go bhfuil Questions & Answers thart, nó cé a dtiocfadh leo áit Willie Cointinneach Ciapálach a ghlacadh le dúshlán John Bowman, agus dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt? Cé eile a dtiocfadh leo olc a chur ar leath na tíre agus lúcháir a chur ar an leath eile le habairt bheag bhídeach ainbhiosach aineolach amháin? Seanchara dílis do Bhalor ab ea Willie, agus cuireann sé isteach go mór ar Laoch na Litríochta go bhfuil greann gáirsiúil á scaipeadh thart ar na gutháin phóca agus eile faoina sheanchomrádaí.
fíorthaitneamh real pleasure
" Scannán é seo a mbainfidh idir thurasóirí, lucht oideachais agus an gnáthphobal fíorthaitneamh as.
suáilce pleasure
" Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.
Bhí sé d’áineas orm I had the pleasure
" Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí).
taitneamh pleasure
" I gcúrsaí spóirt, tugann grianghraif cluichí, imreoirí, eachtraí agus pearsain chun cuimhne agus cuireann siad go mór leis an taitneamh a bhainimid astu blianta ina ndiaidh.
a lúcháir a cheilt hide his pleasure
" Feidhmíodh an Feidhmeannas Anois! ================== Ba dhoiligh ag an Rúnaí Stáit Coimeádach, Owen Paterson, a lúcháir a cheilt agus é ag maíomh gur faoin Fheidhmeannas amháin a bheas sé an córas uisce a chur ina cheart.
taitneamh pleasure
" Tá neart cumann ann inar féidir leis taitneamh agus tairbhe a bhaint as an ollscoil tríd na rudaí a gcuireann sé spéis ann, ón spórt go cúrsaí Gaeilge.
sásamh agus taitneamh pleasure and satisfaction
" Baineann daoine foladh agus ciall, sásamh agus taitneamh, as an obair dheonach a dhéanann siad – is é sin an íocaíocht is mó a bhíonn uathu i ndeireadh báire.
ar mhaithe le siamsa for the sake of pleasure
" Ach, gearrfar muirear mór millteach ar dhuine ar bith a bhaineann úsáid as oiread agus focal amháin Gaeilge ar mhaithe le siamsa.
tairbhe nó taitneamh as benefit or pleasure from
" Nuair a thugann tú d’éadaí ar aghaidh do chartharnacht, ag súil go mbainfidh duine éigin tairbhe nó taitneamh as na rudaí nach dteastaíonn uaitse a thuilleadh, is léir gur cheart a bheith cinnte gurb amhlaidh an scéal agus nach bhfuil tú ag cabhrú le hoilbhéim dhomhanda de chalaois, de mhí-úsáid daoine agus de thuilleamh brábúis do lucht gnó saibhir.
taitneamh agus tairbhe benefit and pleasure
" Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.
taitneamh as an mbreithiúnas ait sin pleasure from that strange judgment
" Rith sé liom le déanaí agus cás cúirte tábhachtach fé reifrinn á léamh arís, Crotty v An Taoiseach, go mbainfeadh an sagart céanna taitneamh as an mbreithiúnas ait sin ós rud é gur ceiliúradh é in áiteanna ar chearta na nDaoine.
airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir money which shall bestow as much pleasure
" Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
ardtaitneamh agus sásamh great pleasure and satisfaction
" Sílim gur bhain Páidí Ó Sé ardtaitneamh agus sásamh as na coimhlintí sin toisc gur iontu a bhí na dúshláin agus na trialacha ba ghéire a bhí le fáil aige mar pheileadóir.
tugann sé sásamh ar leith it gives a certain pleasure
" Ní bhíonn ach achar gearr ama idir an coincheap agus an tseilf agus tugann sé sásamh ar leith don innealtóir an táirge a dhear sé a fheiceáil ag an phobal.
pléisiúr thar a bheith ciontach as a really guilty pleasure out
" Bhí eagla mo chraicinn orm go mbainfeadh Ó Gallchóir agus bhain mé pléisiúr thar a bheith ciontach as an bhobghaiste meafarach a leag Mc Guinness síos dó.
an tsiamsaiocht chorparáideach corporate pleasure
" Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.
go fial, fonnmhar at length and with pleasure
" D'inseoinnse an scéal ó thús deireadh go fial, fonnmhar, ach bhí daoine eile sa gcomhluadar, cuntasóir Béarlóra as Baile Átha Cliath, agus beirt as Londain, rud a thug orm freagra gonta a thabhairt ar an gceist ar fhaitíos go gcuirfinn bréantan ar an gcóisir le saineolas.
sásamh agus taitneamh ar leith a special satisfaction and pleasure
" Scoth na bPeileadóirí le hAirgead na hEorpa ===================== Rud eile ná go mbaineann daoine sásamh agus taitneamh ar leith as tacaíocht a thabhairt d'fhoireann a dtíre atá déanta don chuid is mó d’imreoirí a rugadh sa tír nó, i gcás Phoblacht na hÉireann, d’imreoirí a bhfuil baint éigin acu leis an tír.
Níorbh é for agus fónamh it wasn’t C.M.S.’s pleasure and delight
" Níorbh é for agus fónamh Cholm Mhic Shéalaigh a bheith ag amharc ar Chorn an Domhain, d’uireasa na himeartha is na heachtraíochta.