Bhíodh mo chroí i mo bhéal agam i gcónaí ar bhóithre thuaisceart na hIodáile ach ba chosúla le tiománaithe Iarthar na hÉireann iad tiománaithe Abruzzo – ligfidh siad amach thú ag gabhal bóthair agus ní scallann siad na soilse le do chúl ag iarraidh thú a
scoitheadh!
Cathair Pescara
========
Tá an chathair Pescara cois trá, agus is baile deas é fá choinne siopadóireachta nó fá choinne béile.