Tá go leor cúiseanna gur cheart dúinne mar thír a bheith báúil le Meiriceá: an idirghabháil thar na blianta i dTuaisceart Éireann; na milliúin Éireannach a chuaigh ar eisimirice go dtí an tír; an infheistíocht ollmhór atá déanta ag comhlachtaí Meiriceánacha anseo le roinnt mhaith blianta anuas.
do luachanna na headrána agus na measarthachtathe values of mediation and moderation
Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
Tá sin ar na fáthanna go bhfuil an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair chomh malltriallach sin, táthar ag dul i ngleic le mórtas cine dhá dhream atá in iomaíocht lena chéile le corradh le 200 bliain.
Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
córas eadrána náisiúntaa national mediation system
Ar ndóigh, tá córas eadrána náisiúnta i bhfeidhm sa tír ón bhliain 2004, tráth ar bhunaigh an tIar-Aire Éamon Ó Cuív Comhairle na Tuaithe le réiteach a aimsiú ar aighnis idir feirmeoirí agus siúlóirí agus le clár oibre náisiúnta a chur ar bun ina leith.
go rachaidís i mbun idirghabhála lethat mediation be entered with
Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
moltaí idirghabhála an Iarthairthe West’s advice of mediation
Faitíos ba bhun le seasamh seo na Rúiseach, faitíos nach raibh i moltaí idirghabhála an Iarthair ach cleas chun a gcuid cumhachta sa réigiún a leathnú faoi bhrat na síochána, cumhacht a d’úsáidfí ina gcoinne arís amach anseo.