Pota Focal Intergaelic
ait | áit | bit | fit | hit
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur gá that it's necessary
" Nuair a tharlaíonn sé go mbíonn drochaoibh ar dhuine acu, bíonn a fhios ag an chuid eile gur gá é nó í a sheachaint go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí.
rith sé liom it occured to me
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
báúil léi sympathetic with it
" Ait go leor, de réir fhigiúirí an daonáirimh dheireanaigh, is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne! Cé gur deacair é a chreidiúint, léiríonn an t-eolas seo go bhfuil na Déisigh bródúil as an nGaelainn agus báúil léi.
tuairiscíodh it was reported
" Nuair a cuireadh Michael Dwyer in 1825 agus a bhean Mary in 1898, tuairiscíodh go raibh breis is 200,000 duine i láthair ag an tsochraid ó lár na cathrach.
chlis ar it failed
" Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet.
Tá sé ar nós It's as if
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
bhí an chuma ar an scéal it seemed
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
níl sé inmholta it is not advisable
" Ach fiú má bhíonn tú bréan de bheith ag féachaint air faoi dheireadh do shaoire, níl sé inmholta aon rud diúltach a rá faoi.
bhí sé níb áisiúla it was more convenient
" Ach in imeacht na mblianta, nuair a bhí iriseoirí ag tagairt do Thriail na nArm bhí sé níb áisiúla tagairt a dhéanamh don bhreithiúnas seachas na fíricí ar fad a chur i láthair arís.
dearbhaíodh it was confirmed
" Deich lá ina dhiaidh sin, ar an chéad lá de mhí an Mhárta, aimsíodh an galar crúibe agus béil i Magh i gContae Ard Mhacha; 21 lá ina dhiaidh sin, dearbhaíodh go raibh an galar ar chaoirigh ar leithinis Chuaille, Contae Lú.
aistríonn sé it transfers
" Tógálach ======= Tá an galar crúibe agus béil an-tógálach mar aicíd agus aistríonn sé go gasta ó ainmhí go hainmhí; bíonn tréimhse goir idir dhá lá agus lá is fiche aige.
luaitear it is mentioned
" Sa leabhar *The Last of the Name* a scríobh Charles McGlinchey faoi bhéaloideas Inis Eoghain, luaitear go ndearna fear áitiúil, Eoin O'Kerrigan, fiosrú faoi ráig den ghalar crúibe agus béil i mBun Cranncha.
Táthar ag dúil It is expected
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
nach dtig a iomrá 'fhad le Balor without word of it reaching Balor
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
Maítear it is stated
" Maítear ar an chéad leathanach go dtabharfaidh an iris cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí.
Síneann sí it extends
" Síneann sí, ar feadh daichead míle, ó Ghleann na nGealt go Dún Chaoin agus thairis sin siar go dtí na Blaoscaodaí.
déanamh dá ceal do without it
" Ach tá rogha le déanamh ag an bpobal maidir leis an oidhreacht luachmhar shainiúil seo a bhuanú sa leithinis nó déanamh dá ceal.
an aon ionadh é is it any wonder
" Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh? B'fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis.
bíonn an dealramh air it appears
" Nuair a léann tú giota eolais mar sin i nuachtán bíonn an dealramh air nach bhfuil ann ach comhtharlúint shuimiúil.
Fiuchaim é I boil it
" "Fiuchaim é agus cuirim i mbuidéal sa chuisneoir é.
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air get that off, it looks terrible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
cnapann sé it shrinks
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
níl agat ach amharc air you only have to look at it
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
Ní aon aistíl it is no strange thing
" Ní aon aistíl an aidiacht a bheith ina hainmfhocal mar ainm abhann: tá an Bhodhair, an Dubh/an Duibh ann, fágaim agus eile.
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air get that off, it looks terrible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
cnapann sé it shrinks
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
níl agat ach amharc air you only have to look at it
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
ba léir it was obvious
" "Am amú," a dúirt sé agus ba léir go raibh sé go hiomlán in aghaidh ár gcultúir dhúchais.
Nach bhfuil sé tuillte againn? don't we deserve it?
" "Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
ormsa an ceann seo it's my round
" "Suí ar do thóin anois," arsa Síle, "ormsa an ceann seo" agus suas léithi i dtreo an bheáir.
Áirítear it is reckoned
" Áirítear go bhfuil neamhaird déanta ar réimsí eile de shaol na cathrach a bhféadfaí dul i bhfeidhm orthu.
spreagann sé it provokes
" Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
Maítear it is claimed
" Maítear go bhfuil sé seo ag tarlú mar go bhfuil a fhios ag daoine anois na teorainneacha a bhaineann le WAP sna gléasanna reatha.
dealraíonn sé it appears
" Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go mbeidh na déantóirí agus na soláthraithe seirbhíse aontaithe faoi chomhchaighdeán.
Nach bhfuil sé tuillte againn? don't we deserve it?
" "Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
ormsa an ceann seo it's my round
" "Suí ar do thóin anois," arsa Síle, "ormsa an ceann seo" agus suas léithi i dtreo an bheáir.
Fógraíodh it was announced
" Fógraíodh, áfach, ag deireadh na héisteachta go raibh cinneadh déanta ag an mBord Pleanála gur trí mheán na Gaeilge a bheadh na héisteachtaí poiblí feasta i gceantair Ghaeltachta.
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
cuirtear i bhfeidhm go tréan í it is strictly enforced
" Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
a ghoradh a dhéanamh leis warm himself by it
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
chloígh leis stuck to it
" Tá siad ag iarraidh pilleadh ar an *nirvana* aontachtach sin réamh-1969 nuair a thuig náisiúnaithe a stádas sa tsochaí agus chloígh leis.
Is mairg it's a pity
" Is mairg go bhfuil dream amháin nach bhfuil sásta dul ar an turas.
níos fearr chuige better at it
" Tá sé an-tábhachtach bealaí a aimsiú chun é seo a dhéanamh agus tá mná níos fearr chuige ná fir.
a ghoradh a dhéanamh leis warm himself by it
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
is ar éigean gur fiú é a lua it's barely worth mentioning
" Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua.
gur toghadh é that it was chosen
" Ach tá clú an Chaitliceachais ar Bhaile an Chaistil agus sin an fáth gur toghadh é don léirscrios seo.
fúithi about it
" Taobh istigh de chúpla bliain, áfach, bhuaigh Bobby Sands toghchán, chuaigh na poblachtánaigh le polaitíocht thoghchánach agus iad níos dáiríre fúithi ná mar a bhí Bernadette féin, fiú.
n-ídíonn sé it wears out, expends
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
Tá sé d'éileamh ar it is claimed that
" Cléire Chiaráin ======= Tá sé d'éileamh ar Chiarán naofa gur thug sé an Chríostaíocht go Cléire sarar tháinig Pádraig go hÉirinn.
ba mhithid it was about time
" Má ba mhall, ba mhithid agus, gan aon amhras, faigheann pobal na tíre luach a gcuid airgid ó RnaG.
beidh an craiceann agus a luach aige he'll have it both ways
" Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
Tá sé iontach sásta it's very handy
" Tá sé iontach sásta," arsa Rita.
á bualadh amach printing it out
" Bhí an litir scríofa agus ní raibh le déanamh ach á bualadh amach.
seo a bhfuil ar a shon agat this is all you have to show for it
" Bhí trí lá agat lena dhéanamh agus seo a bhfuil ar a shon agat.
níor ghá it wouldn't be necessary
" Ní bheadh barántas ag dream ar bith ar cheann de na suíocháin seo agus níor ghá gurbh iad an cúig dream céanna a bheadh i gceist i ndiaidh gach toghcháin.
Cé gur dúradh although it was said
" Cé gur dúradh go poiblí go raibh seasamh neodrach ag Éirinn sa dara Cogadh Domhanda, tá fianaise láidir ann gur tugadh tacaíocht do na comhghuaillí a sheas an fód i gcoinne na Gearmáine sa chogadh sin.
is í mo thírse í it's my country
" Pé scéal é, is í mo thírse í, cibé atá déanta aici.
an té a thuigfeadh é he who could understand it
" Bhuel, ba bhreá an dán é, an té a thuigfeadh é, ach níor thuig mé féin focal ar bith, agus ní raibh mé in ann na focail scríofa agus na fuaimeanna a fhreagairt dá chéile! "Seo do dhúshlán," a shíl mé.
Dá mba thimpiste é had it been an accident
" Dá mba thimpiste é b'fhéidir go bhféadfaimis ciall de shórt éigin a bhaint as, ach níorbh ea.
Murach if it wasn't for
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
Goilleann sé go mór ar go leor daoine it bothers a lot of people
" Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
ag cur chuige going about it
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann he wouldn't have the courage to tackle it
" Thosaigh sé ar an chisteanach nó bhí a fhios aige mura dtabharfadh sé aghaidh air sin ar tús nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann tráthnóna.
ní raibh sé ag déanamh lá difir it wasn't making any difference
" Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
Nár aifrí Dia orm é may God forgive me for saying it
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
Is mór an gar it's very fortunate that
" "Is mór an gar go bhfuil mé réidh, sin a dtig liom a rá.
dealraíonn sé it appears
" Bhuaigh an Iarmhí craobh pheile na hÉireann i ngrád na mionúr agus faoi 21 ó shin agus dealraíonn sé go bhfuil siad sách maith leis an gcraobh Shinsear a bhuachan ach beagán eile taithí a fháil.
Murach if it wasn't for
" Murach an cat sin, a raibh sé de nós aige fanacht ag an bhfuinneog ní thabharfadh aon duine faoi deara go raibh tada as cor.
Bhí an chuma ar an scéal it seemed
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh achan duine i Londain an-bhuartha go dtitfeadh eitleán orthu gan choinne le beannachtaí ó Osama bin Laden, agus anois tá siad buartha faoin antrasc fosta.
Ba dheas it was nice
" Ba dheas bualadh le roinnt de chéad choiste Mhainistir na Féile, a bhuaigh an phríomhdhuais an chéad dá bhliain, ag ócáid ceiliúrtha a bhí againn ansin an mhí seo caite.
murach if it wasn't for the fact
" Ní bheadh Fianna Fáil ábalta é seo a dhéanamh murach go raibh an Lucht Oibre ann gach uair go raibh gá leo chun na figiúirí a dhéanamh suas.
fá dtaobh de about it
" Rud ar bith a chuireann comhaoibhneas ar an cheathrar sin ní miste a bheith amhrasach fá dtaobh de," dar le fear na Súile Nimhe.
ní raibh maith a bheith léi it was no use talking to her
" Rinne Nuala tréaniarrachta cur in iúl do Shinéad gur iomaí bean a bhí mar seo i ndiaidh an linbh ach ní raibh maith a bheith léi.
Rachadh sé fríot it would go right through you, i.e. it was very loud
tá romhat you've got it all to come
" Féadann tú tú féin a chroitheadh suas nó tá romhat.
Nach méanar domh Isn't it great/dandy (used sarcastically here)
Is mór an gar It's a good thing
" "Is mór an gar," arsa Sinéad.
Níl tú ina cheann i bhfad You haven't been at it long
" Níl tú ina cheann i bhfad.
Dhealródh sé it would appear
" Dhealródh sé nár tugadh mórán airde ar na fíricí seo.
Cheansaigh na sean-Éigiptigh é the ancient Egyptians domesticated it
" Cheansaigh na sean-Éigiptigh é, agus thug na Rómhánaigh go dtí an Eoraip é.
Is deacair á shárú It's hard to beat
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
Is mé atá ag tnúth leis I'm really looking forward to it
" " "Is mé atá ag tnúth leis," arsa Daire.
Dealraíonn sé It seems
" Dealraíonn sé go bhfuil earraí agus seirbhísí níos daoire freisin, ámh.
murach an nua if it wasn't for the new
" Thar aon cheantar eile Gaeltachta tá Corca Dhuibhne tar éis an-mheascán den sean agus den nua a bhaint amach di féin agus murach an nua, seans nach mbeadh éinne ina chónaí ann ach lucht saoire samhraidh.
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
níl a fhios agam cé a lean tú, ach níor lean tú mise cibé I don't know who you took after, but it wasn't me anyway
" "An bhfuil tú dall? Nach bhfeiceann tú an casán? Bhuel, níl a fhios agam cé a lean tú, ach níor lean tú mise cibé," arsa a athair.
Níl sé leat go fóill You haven't got it yet
" "Níl sé leat go fóill, a mhic.
mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith just as you'd like it
" Bhí gach rud ag feidhmiú mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith: na solais treo, an solas cúlaithe, na ceannsolais, agus na solais chliatháin.
Tháinig sé crua ar Chian It was difficult for Cian
" Tháinig sé crua ar Chian soc an chairr a fheiceáil, chan amháin a bheith ag caint ar chúlú thart an coirneál.
Tá tú ar rothaí anois You've made it
" "Tá tú ar rothaí anois, a mhic.
í a leigheas solve it
" Mura n-aithníonn muid an fhadhb cad é mar is féidir í a leigheas? Na mílte ar na sráideanna ======= Nuair a maraíodh Danny McColgan, agus nuair a thosaigh an foréigean ag dul ó smacht, tháinig na mílte oibrí amach sa doinnean lena nglór a thógáil in éadán an tseicteachais.
á ghríosú urging it
" Lean mé liom á ghríosú ar ais chun na linne agus d'éirigh liom sa deireadh, más ar éigean é.
Chonacthas dom it seemed to me
" " "Chonacthas dom gur siombail den intleachtaí aonair uaigneach a bhí sa phocaire gaoithe.