"Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
Bhí Meaney an-tógtha leis an scéal agus d’aithin sé na carachtair ann mar gur chaith sé féin seal ag obair i Londain, ní ar na láithreáin tógála, ar ndóigh, ach in amharclanna na príomhchathrach.
Beidh an Rialtóir freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéim tharrthála a d'fhógair an rialtas an mhí seo caite agus ba mhaith leis an Uasal Neary cur ina luí ar an phobal go mbeadh an Rialtóir cumasach agus é ag tabhairt faoin obair sin.
Tá na hamhráin go léir ina theanga dhúchais agus chuaigh siad i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile, agus ar dhaoine thar lear nuair a chuala siad an fear óg eisceachtúil á gcanadh.
Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.