Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An-iomanaí a bhí ann he was a great hurler
" An-iomanaí a bhí ann agus ba mhinic é ag bualadh ar dhoras theach na mBráithre chun iarraidh ar an mBráthair Ó Grádaigh teacht amach agus "cúpla poc" a bhualadh in éineacht leis.
iománaí hurler
" Deir na himreoirí a bhí ann ag an am, leithéidí Gerry McEntee agus Mick Lyons, gur beag aithne a bhí acu ar Sheán Boylan, é sin nó ní raibh aithne dá laghad air! An t-aon aithne a bhí ag go leor air ná gur iománaí cuibheasach maith a bhí ann! Is é an bealach a ndeachaigh Seán i gcion ar na himreoirí i dtosach ná tríd an meas a léirigh sé orthu, trí aire a thabhairt dóibh i slite éagsúla agus trí bheith ag éisteacht leo, go mórmhór leis na seanfhondúirí ar nós Joe Cassells agus Gerry McEntee.
an t-iománaí sciliúil the skillful hurler
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
iománaí hurler
" Ní gá ach breathnú ar ar fhoilsigh nuachtán áirithe Domhnaigh faoi shaol pearsanta an iománaí DJ Carey an mhaidin a bhí craobh iomána na hÉireann le himirt, lena aithint go bhfuil géarghá le struchtúr a dhéanfadh monatóireacht ar na meáin.
an t-iománaí ab fhearr the best hurler
" Tar éis an tsaoil, ba é Setanta an laoch nua óg i gCorcaigh - an t-iománaí ab fhearr b'fhéidir ó chroch Jimmy Barry Murphy féin a chamán faoin staighre (nó cibé áit ina gcrochann sean-iománaithe a gcuid camán nuair a éiríonn siad as!).
iománaí óg na bliana young hurler of the year
" Réalt agus iománaí óg na bliana ag deireadh an tséasúir.
Báireoir hurler
" Báireoir nó peileadóir iontach a chonaic gasúr den chéad uair agus a chuaigh i bhfeidhm ar bhealach domhain ar an ngasúr sin.
iariománaí former hurler
" Ba é an Loingseach an chéad cheannaire de chuid Fhianna Fáil nach raibh riamh ceangal aige féin ná ag a mhuintir leis an IRA agus mar gheall air sin bhí cuid mhór den pháirtí nach raibh muinín acu san iariománaí ó Chorcaigh.
iománaí hurler
" Tá portráid chumhachtach ríoga cruthaithe ag Robert Ballagh den iománaí Christy Ring, a théann leis an dán den ainm céanna leis an fhile Seán Ó Tuama, agus tá an rud céanna déanta ag John McNaught lena shaothar siúd a théann leis an dán “Turas Dhomhnaill do Glaschu” le Niall MacLeoid, a thugann rabhadh do mhná glice.
iománaí speisialta special hurler
" Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
sáriománaí excellent hurler
" Bhí sé de phribhléid agus d’onóir agam an sáriománaí agus an laoch Criostóir Ó Rinn a fheiceáil ag imirt uair amháin.
iománaí hurler
" Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile.
sáriománaí a super-hurler
" Idir mhagadh is dáiríre, is ceart aird a thabhairt ar thuairim Bhabs Céitinn, sáriománaí lena linn féin mar imreoir agus mar bhainisteoir a threoraigh Tiobraid Árann as an bhfásach i 1987, ach ceart nó mícheart, faoi dheireadh an chluiche ní raibh idir na foirne fós ach dhá chúilín, Cill Chainnigh chun tosaigh mar a bhí ag leath ama.
iar-iomanaí ex-hurler
" Agus mar is dual don iar-iomanaí contae seo as Cill Chainnigh, tá an diongbháilteacht go smior ann.
sáriománaí hurler par excellence
" Tá seo déanta ag an imreoir Henry Shefflin, sáriománaí Chill Cheannaigh, sa ghlúin chlé faoi dhó agus d’éirigh leis a bheith ar ais taobh istigh den naoi mí an dá am.
an t-iománaí óg the young hurler
"an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil.
iománaí hurler
" Is ó bhéal Dan Shanahan, iománaí Phort Láirge, a tháinig cuntas an leabhair.