Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
Ní i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.