Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaibhte siar gone back
" Tá muid gaibhte siar i mbliana go dtí lár na míosa (15 - 16 Bealtaine).
as loic ar na geallúintí for going back on the promises
" Ba léir ó na cláracha raidió le linn na bliana go raibh an pobal an-díomách leis an rialtas as loic ar na geallúintí a rinneadar roimh an toghchán deireanach.
a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige that I would totally refuse to go back to
" D'oibrigh mé i seacht n-áit éagsúla, agus níl ach post amháin a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige.
théinn ar ais I used to go back
" Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile.
théimis ar ais we used to go back
" Níor labhair duine ar bith sa bhaile í agus díreach tar éis imeacht ón scoil gach lá théimis ar ais go dtí an Béarla.
nuair a théinn ar ais when I used to go back
" Sular tháinig mé go dtí an Nua-Shéalainn, bhí neart failleanna agam cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh, ach ó tháinig mé anseo ba bheag seans a bhí agam sin a dhéanamh, ach amháin nuair a théinn ar ais go hÉirinn ar laethanta saoire.
dul thar n-ais to go back
" Bhíos féin ansin cúpla uair ag damhsa agus theastaigh uaim dul thar n-ais le grúpa ceoil.
go dotharraingtsiarach in a way that couldn't be gone back on
" Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh: “Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
Gabhfaidh mé amach an doras cúil. I'll go out the back door.
" (*Ag dul amach an doras cúil*) Gabhfaidh mé amach an doras cúil.
fadhbanna seanbhunaithe infrastruchtúir agus geilleagair infrastructural and economic problems that go back a long way
" Measann cuid de na daoine gur bob eile atá ann “an réadúlacht eacnamaíoch” a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí sin atá ag iarraidh moll mór airgid le fadhbanna seanbhunaithe infrastruchtúir agus geilleagair a leigheas.
ag dul anonn is anall going over and back
" Bhíodh an-chuid taistil á dhéanamh agam thart fán am sin agus nuair a bhíonn tú ag dul anonn is anall idir do bhaile agus an Astráil, an tSeapáin agus an tSín go minic – agus obair le déanamh agat chomh luath is a thig tú den eitleán ar an taobh eile – creideann tú go bhfuil grád gnó tuillte agat agus, i ndáiríre, ar an rud is bunúsaí a thiocfadh le d’fhostóirí a thabhairt duit.
dul ar ais to go back
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
siar sa stair going back in time
" **SMM: Ab é gur dream briste cloíte iad muintir na hÉireann?** SÓC: Riamh, cheapfainn! Thosaigh mo mhac, atá san ollscoil, ag plé an scéil lá amháin, siar sa stair.
gabháil siar cúpla glúin go back a few generations
" Dá mbeadh a fhios acu stair na Gaeilge, thuigfeadh siad nár ghá dhóib ach gabháil siar cúpla glúin go raibh a muintir féin ag labhairt i nGaeilge, go raibh an Ghaeilge lárnach i stair na tíre ó thaobh na lámhscríbhinní móra, i Leabhar Laighean agus mar sin de, go dtáinig an Ghaeilge, stair na tíre agus spiorad na tíre againn tríd an nGaeilge.
Nár loic tú ar an ghealltanas didn’t you go back on the promise
" Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?” “Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo.
ar shiúl ar ais has gone back
" Tá an Fear Dearg diabhalta sin ar shiúl ar ais go dtí an áit a dtáinig sé as; tá cac na réinfhianna glanta suas agus maisiúcháin na Nollag bainte anuas.
nach bhfuil aon chúlú siar that there’s no going back
" Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.
siar go dtí cearnóg a haon to square one go back (we)
" Bíonn an chraic anseo nócha! Tá a gcroí san áit cheart, agus níl sé ina mbróga! An dtuigeann tú, a Bhaloir? Is maith liom an jóc sin! Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil do na tuismitheoirí anseo, agus téann muid siar go dtí cearnóg a haon.
imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill to leave the present and go back to the various branches of the O N. family
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
Níl Aon Dul Siar there’s no going back
" ”* Níl Aon Dul Siar ====== Tá Nick Taylor den tuairim nach bhfuil aon bhealach ar ais ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, cé go raibh sé deacair i mbliana leis na hagóidí faoin bhrat an aontais i mBéal Feirste: *“They cost the economy millions.
Bím ar ais ansin go rialta I go back there regularly
" Bím ar ais ansin go rialta anois.
Caithfidh muid dul i bhfad siar we have to go a long way back
" Caithfidh muid dul i bhfad siar le theacht ar na caidrimh chlainne sin féin,” arsa Guillermo.
ag gabháil siar going back
" (gáire) Sin ag gabháil siar 1996.
chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin she went back on a pre-election statement
" Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an dóigh a bhfuil Príomh-Aire na hAstráile ag snámh in aghaidh easa ó chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin a bhí tugtha aici.