Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
Fuarthas amach bréagach iadthey were got out in their lie
Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
Tugann Linda caint dar teideal ‘Hidden History of Protestants and the Irish Language’ ina gcuireann sí síos ar na nascanna a bhíodh is atá idir an Ghaeilge agus Protastúnaigh, ó Arm na Breataine (‘Fág an Bealach’ rosc cath nó mana na Connaught Rangers) go dtí paraimíleataigh dhílseacha féin (‘Lámh Dearg Uladh’ mana na Red Hand Commandos, scaifte taobh istigh den UVF).
tíocht as an tsáinn ina bhfuil siadto get themselves out of a fix
Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.