Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ligthe le let out to
" Tá an chuid is mó den talamh a fuair na teaghlaigh díolta nó ligthe le feirmeoirí móra na háite.
go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht that we are letting our debts get out of control
" Ach tá fianaise ann go bhfuil muid ag ligean dár bhfiacha imeacht ó smacht.
Scaoileadh amach ar bannaí é he was let out on bail
" Scaoileadh amach ar bannaí é le haghaidh scrúdú leighis agus sin an dóigh ar chas mé féin air.
Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach. I'm trying to let the song come out.
" AÓF: Nuair a bhíonn tú ag canadh céard leis a mbíonn tú ag éisteacht, taobh istigh de d'intinn féin? ENíC: Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach.
ag scaoileadh amach letting out
" "Is cuid den chultúr é"; "Níor gortaíodh éinne"; "Ní raibh ann ach fir óga ag scaoileadh amach a gcuid teannais".
ar deacair iad a scaoileadh that are difficult to let out
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú. that I shouldn't even let him out of my sight
" Ba í an treoir a tugadh dom ná go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú.
scaoilfear amach shall be let out
" B’fhéidir go ngearrfar tréimhse ghairid air agus go scaoilfear amach go ciúin é i gceann cúpla bliain, nó b’fhéidir go ndéanfar sampla de agus go gcaithfidh sé an chuid eile dá shaol leis an bpláta beag.
oibríodh siad amach let them work out
" Suíodh ionadaithe an Oird agus ionadaithe na n-áitritheoirí síos le chéile agus oibríodh siad amach cén bealach is fearr a bheadh oiriúnach don dá dhream.
Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin the F. let the wind out of that journal’s sails
" Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile.