Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
orduithe díshealbhaithe eviction orders
" In eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua, bhailigh breis agus 400 duine le chéile, iad ag cur i gcoinne orduithe díshealbhaithe a d'eisigh an Tiarna Talún Kirwan.
díshealbhú indíreach indirect eviction
" Níl i ndán do na mílte duine ach díshealbhú indíreach agus bochtanas - smaoiním go háirithe orthu siúd atá "róshean" (os cionn 50 bliain d'aois) le go bhfostódh éinne iad.
ag éalú ó dhíshealbhú escaping eviction
" Ina dhiaidh sin, chuaigh na mílte Híleantóir go Nova Scotia, ag éalú ó dhíshealbhú nó ó dheacrachtaí geilleagracha.
i gcoinne díshealbhaithe, against eviction,
" Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
díshealbhú talún land eviction
" Ar an 15 Deireadh Fómhair, tháinig 50-70 póilín agus chuir bloic bhóthair in aice na líne *autaki* (áit ar tharla díshealbhú talún san am atá caite).
as an díshealbhú sin. for that eviction.
" Agus, mar aon le roinnt *iwi* eile, tá na *Tūhoe* ag lorg cúitimh ó Bhinse Fiosraithe Waitangi as an díshealbhú sin.
ndíshealbhú eviction
" Féachann siadsan air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.
díbeartha eviction, clearance
" Cé go bhfuil Batwa áirithe á bhfostú mar lorgairí sna páirceanna seo, tá an t-eolas a bhí acu ar shaol na foraoise á chailleadh de dheasca na díbeartha.
díshealbhú eviction
" Sciúirse na gCoimhlintí Anuas ar an díshealbhú atá á dhéanamh ar na Batwa le fada, ar ndóigh, fulaingíonn siad chomh maith de dheasca na gcoimhlintí atá is a bhí mar sciúirse ar thíortha Réigiún na Mór-Lochanna.
díbirt expulsion, eviction
" Is cinnte go bhfuil an moladh deireadh iomlán a chur leis an Roinn ar a raibh príomhfhreagracht don teanga, agus díbirt an Aire ó bhord an Rialtais ina chomhartha soiléir ar threo na smaointeoireachta agus ar thosaíochtaí údair na tuarascála i leith na Gaeilge.
díbirt eviction
" Cuireadh an taisce faoin chréafóig idir 903 agus 910, tar éis díbirt na Lochlannach as Baile Átha Cliath i 902.
fógraí díshealbhaithe eviction notices
" Chuir Pádraig Ó Loingsigh, cathaoirleach an Chlub Éireannaigh, fáilte roimh an Uactharán i nGaeilge, rud a thaitin leis, mar dúirt sé: “Tá sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil ar bhruach an Mersey” agus labhair sé faoin dóigh go raibh na fógraí díshealbhaithe i gcónaí i mBéarla, teanga nach raibh ag an chuid is mó de na daoine a díbríodh go Learpholl.