Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thograigh siad féin they themselves chose
" Má tá moill ag baint lena gcuid oibre, is i ngeall ar gur thograigh siad féin jab críochnúil a dhéanamh, ní i ngeall ar mhoill ó thaobh an stáit de.
a roghnaigh muid féin that we chose ourselves
" Mar shampla, sula ligeann siad dúinn leabhar a roghnaigh muid féin a cheannach bíonn orainn féachaint trí liosta de scata leabhar a cheannaigh daoine eile.
a roghnaigh muid féin that we chose ourselves
" Mar shampla, sula ligeann siad dúinn leabhar a roghnaigh muid féin a cheannach bíonn orainn féachaint trí liosta de scata leabhar a cheannaigh daoine eile.
roghnaíomar we chose
" Dúradh linn cuireadh a thabhairt do cheoltóir a roinnfeadh an oíche linn agus roghnaíomar Oki.
gur roghnaigh sé an suíomh seo that he chose this site
" Is cinnte gur roghnaigh sé an suíomh seo mar gur áit an-straitéiseach í.
an brú óige a roghnaigh mé the youth hostel I chose
" Faraor, bhí an brú óige a roghnaigh mé brocach (bhí blatóga coiteanna mar chomhluadar agam sa chistin), ach seachas sin, is cathair an-deas é Sydney.
Roghnaigh muid we chose
" Roghnaigh muid amhráin agus liricí a bhí ar ardchaighdeán, seachas amhráin a chur ar an albam díreach toisc go raibh siad i nGaeilge.
roghnaigh sé he chose
" Chomh maith leis sin roghnaigh sé imreoirí a raibh meon láidir agus cur chuige acu, imreoirí nach ngéillfeadh do fhreasúra ar bith.
roghnaigh siad ceathrar they chose four people
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
roghnaigh na teagascóirí the tutors chose
" Duine ar dhuine, b’éigean dúinn dul síos fána speisialta sciála a bhí socraithe do thosaitheoirí agus roghnaigh na teagascóirí na ranganna cuí dúinn.
dá roghnófá dathanna áirithe if you chose certain colours
" Ma bhaineann tú úsáid as an bhfeidhmchlár seo, is féidir leat buille faoi thuairim a fháil roimh ré maidir leis an gcuma a bheadh ar do sheomra dá roghnófá dathanna áirithe – agus ní gá duit pingin a chaitheamh!MousePainterBainim féin úsáid as an tseirbhís MousePainter atá curtha ar líne ag Dulux (www.
roghnaigh tú you chose
" Fuair tú an liosta de na gnáthrudaí a fuair gach duine eile agus roghnaigh tú ceann acu sin.
a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí. they chose the contents of their bags
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
roghnaíomar we chose
" Tar éís an iliomad carranna a thriallthiomáint suas síos bóithre Nua-Gheirsí, roghnaíomar táirge na Seapáine i ndeireadh báire.
roghnóidh who('ll) chose
" Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
roghnaigh sé he chose
" Bhí orm a rá leis caol díreach gur roghnaigh sé an duine contráilte – gur mise duine acu sin a bhíos ag rothaíocht.
Roghnaigh chose
" Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois.
roghnaigh chose
" Cén fáth gur roghnaigh sé an tsaighdiúireacht mar shlí bheatha? “Bhuel, thug sé deiseanna dom scileanna ceannaireachta a fhoghlaim agus chuir an tArm oideachas tríú leibhéal ar fáil,” ar sé.
roghnaigh chose
" Agus cá bhfágfaidh sé seo na mic léinn as Éirinn atá ar bliain Erasmus in ollscoileanna na Fraince? De réir staidrimh ón Údarás um Ard-Oideachas in Éirinn don bhliain acadúil reatha (2008/2009), as an 1,514 mac léinn as Éirinn a bhí páirteach sa chlár Erasmus i mbliana, bhí 408 acu a roghnaigh teacht go dtí an Fhrainc, i bhfad chun tosaigh ar an Spáinn (269) agus ar an nGearmáin (226).
thogh chose, voted for
" Reachtáladh an toghchán is mó ar an domhan chláir nuair a thogh muintir na hIndia rialtas úr an mhí seo caite.
roghnaigh siad they chose
" San olltoghchán roghnaigh siad, le chéile, páirtí atá ag brath ar vótaí ó gach aicme, páirtí a bhfuil daoine leathanaigeanta agus cliste i gceannas air.
roghnaigh chose
" Níl mórán ball acu i Learpholl, agus mar sin roghnaigh siad an dáta Márta 14ú, an lá cluiche sacair idir Everton FC agus Stoke City.
Thograíos I chose
" "Nach tusa a tháinig i bhfad! Sínigh leabhar na gcuairteoirí!" Thograíos gan a rá léi gurbh as Nua-Gheansaí a d'eitlíos! "Rothaíocht sa chathair? An bhfuil tú cinnte nach bhfuil carr agat?" Is ea, lánchinnte.
Roghnaigh chose
" Roghnaigh críostaithe an fhéile seo mar fhéile na Nollag – an tráth a dhéantar comóradh ar lá breithe Chríost.
thograigh chose
" Mar atá an córas i láthair na huaire, tá idir 25 agus 50 milliún duine i Meiriceá nach bhfuil árachas ar bith acu mar dhiúltaigh na comhlachtaí árachais iad, nó thograigh siad gan árachas a cheannach.
roghnaigh chose
" ” B’iad na húdair, áfach, a roghnaigh “*linguistic elite*” a lua i dteideal dá bpáipéir seachas “*linguistic advantage*” nuair a foilsíodh é in “*The Economic and Social Review*, Eagrán 40, Uimhir.
thograigh chose
" Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
Thograigh chose
" Thograigh mé cuairt a thabhairt ar an gClub agus iad i mbun plé i leabharlann an Lárionaid Dé Sathairn te amháin ag deireadh mí Meithimh.
roghnaigh chose
" Ach, roghnaigh siad gan aon pháirt a ghlacadh bealach amháin nó bealach eile i gcinneadh an réiteora.
roghnaigh mé I chose
" Bhí suim agam i stair na hÉireann, roghnaigh mé stair chomhaimseartha na hÉireann mar ábhar tráchtais MA is theastaigh uaim an Ghaeilge a fhoghlaim chun na hainmneacha go léir a bhí á léamh agam a thuiscint.
roghnaigh chose
" Dúirt údar an taighde sin, Don Tapscott, gur roghnaigh na daoine seo idir 16 is 29 bliain d’aois an t-idirlíon thar an teilifís toisc go raibh teilifís aon bhealach is éighníomhach.
roghnaigh siad they chose
" ’* Shíl mé go raibh sé ait gur roghnaigh siad suíomh os comhair doras na hInstitiúide, cé go raibh Gunner William Connolly VC (Bengal Artillery) 1857 agus Captain Paul Kenna VC (21st Lancers) 1898 ar an liosta ag bun na deilbhe.
thograigh chose
" Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí.
roghnaigh chose
" Turas na Tarrthála ========= Ba as Gort an Chrainn > Gurtuchrane, in aice le Abhainn an Scáil i gCiarraí é, Tom Crean (1877-1938) agus roghnaigh Shackleton é, agus ceathrar eile, le dul ar turas tarrthála leis, 800 míle ó Elephant Island go hOileán South Georgia ar bord bád tarrthála, an James Caird.
thograíos I chose
" Ní raibh eitiltí díreach go meániarthar Mheiriceá ag an am, agus thograíos eitilt go Nua-Eabhrac mar sin agus leanacht ar aghaidh ar an traein nó ar an mbus.
Roghnaigh chose
" Roghnaigh an Washington Post an staraí Síónach Walter Laqueur le géarmheas gairid dímholta a scríobh air.
roghnaigh chose
" Is iad mórchuid na ndaoine a roghnaigh an rialtas roimhe seo agus a roghnóidh an rialtas seo chugainn.
roghnaigh siad they chose
" D'fháiltigh sí rompu agus mhínigh go raibh mórtas uirthi gur roghnaigh siad Éire mar mhúnla, go dtí gur shoiléirigh siad an scéal.
Thograíos I chose
" Thograíos breathnú air, i ndeireadh báire.
roghnaigh sé he chose
" Ní hiontas é go bhfuil an oiread sin páipéarachais cruinnithe ag an Uigeannach a bhí ina léachtóir ollscoile ar feadh i bhfad go dtí gur roghnaigh sé bealach na polaitíochta.
roghnaigh chose
" D’fhanfadh Mary Travers i measc na marbh dearmadta ach gu’b é gur roghnaigh Sinn Féin Mary McArdle mar chomhairleoir speisialta do Charal Ní Chuilin, an tAire úr Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta san Fheidhmeannas úr.
roghnaigh chose
" Gan urlabhraí a d’fhéadfadh cás an UVF a chur chun cinn faoi bhrat na polaitíochta, roghnaigh na paraimílitigh an seanbhealach traidisiúnta le haird a tharraingt ar a n-éileamh - rinne siad ionsaí ar Chaitlicigh, baiclí de bhuachaillí óga, neamhoilte, dífhostaithe feargacha mar cheithearnaigh acu.
thograigh na húdaráis the authorities chose
" Cé gur thóg sé fiche bliain dul tríd na hachomhairc go léir, thograigh na húdaráis an daorbhreith a choinneáil.
roghnaigh chose
" Fine Gael ===== **SMM: Cén fáth gur roghnaigh tú gabháil le Fine Gael an chéad lá riamh le hais páirtí polaitíochta ar bith eile?** DMFh: Sin ceist mhaith anois.
roghnaigh mise I chose
" Ba nós nuair a bhí muid inár mic léinn san ollscoil, go gcuirfí siar go dtí an Ghaeltacht muid agus roghnaigh mise Conamara agus chaith mé coicís ar an gCnocán Glas sa Spidéal.
plus ca change, plus cést la meme chose everything is changed and all is just the same
" Mar a deir na Francaigh – “plus ca change, plus cést la meme chose”!
a roghnaigh muid which we chose
" I mo thuairim tá an stíl a roghnaigh muid níos tarraingtí ná an bealach traidisiúnta le sraith faisnéise stairiúil a léiriú, ar nós The Story of Ireland ar RTÉ.
roghnaigh chose
" Dá gcuirfí na foinsí agus an staidreamh agus na giotaí próis ar leith dar roghnaigh an tUachtarán sna haithisc sin ar leathtaobh, d’fheicfí creathlach traidisiúnta ós do chomhair amach.
Roghnaigh chose
" Crosleac Reachlainne =========== Roghnaigh Ó hOireachtaigh lá socair, ciúin don turas seo mar sin agus mhothaigh muid slán faoi chúram na mbádóirí áitiúla, Síol gColla nó clann Mhic Uidhir.
Plus ça change, plus c’est la même chose the more things change, the more they stay the same
" Plus ça change, plus c’est la même chose.
roghnaigh chose
" Tá sé ráite gur roghnaigh Joseph Ratzinger ainm éarlaimh na hEorpa, Benedict, cionn is go raibh sé mar aidhm aige an Eoraip a athshoiscéalú.
roghnaigh chose
" Tá aitheantas faighte acu anois ó roghnaigh Pinterest hRecipe mar cheann de na formáidí a aithneoidh an suíomh.
mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe they chose a small pedestrian street
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
roghnaigh chose
" Iarracht Luachmhar ========= I mbliana áfach, roghnaigh Corcadorca téama níos pearsanta príobháideach ná cruachás Shylock agus sáinn an adhmadóra ó Nazareth.
Roghnaigh siad féin they themselves chose
" Roghnaigh siad féin an Ghaeilge.
Roghnaigh chose
" Roghnaigh Schama agallamh corraitheach le Sigmund Freud ar an mBBC ó 1938 mar sheoladh isteach don chéad chlár aige, rud a bhíog croí an lucht féachana.
Roghnaigh chose
" Roghnaigh an Tea Party na Poblachtánaigh, agus thosaíodar ag rith iarrthóirí i dtoghcháin inmheánacha an pháirtí féin agus sna réamhthoghcháin chun iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
roghnaigh chose
" Ba é an chláirseach a roghnaigh Úna.
ba é a rogha they chose
" Thiocfadh leo dul in airde ar rothar agus rothaíocht leo ar bhóthar fíorgharbh ach ba é a rogha an turas a dhéanamh sa bhád.
Plus ça change, plus c'est la même chose it’s the same old story
" Plus ça change, plus c'est la même chose mar a deir an Fhraincis.
an fáth gur roghnaigh na húdaráis the reason the authorities chose
" Agus sin an fáth gur roghnaigh na húdaráis cás John Downey le scéal na On the Runs a scaoileadh.
cén fáth ar roghnaigh why (Bruton) chose
" ”* Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaigh Bruton an Piarsach bocht faoina bheith ar son foréigin, nuair a bhí mórán chuile cheannaire ag an am ar son an réitigh mhíleata.
thogh chose, voted for
" Ba chóir dúinn súil níos géire a choinneáil ar thoghcháin mhóra an domhain.
roghnaigh chose
" Chomh gliceach le sionnach, dar le PJ Mac Gabhann, roghnaigh Sarkozy ceist aois an phinsin leis an bhfreasúra a chniogadh.
Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh a politician is free to chose any route he may wish
" Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.