Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur toghadh é that it was chosen
" Ach tá clú an Chaitliceachais ar Bhaile an Chaistil agus sin an fáth gur toghadh é don léirscrios seo.
roghnaithe chosen
" Leanfadh an córas clarúcháin ar aghaidh de réir phrionsabail na vótála cionmhara go dtí go mbeadh na toghlaigh ar fad roghnaithe.
a roghnaítear which is chosen
" Chun cuntas a oscailt, caithfear Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí (seanuimhir RSI) a sholáthar don institiúid a roghnaítear.
pioctha go paiteanta chosen well/with care
" Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
roghnaithe chosen
" Tá an suíomh roghnaithe againn, agus tá an t-úinéir toilteanach é a dhíol linn go réasúnta saor.
roghnaithe chosen
" Tá fáilte mhór curtha ag pobal na Gaeilge roimh cheapadh an Choimisinéara Teanga agus meas curtha in iúl ar an duine atá roghnaithe.
roghnaíodh Wilkins Wilkins was chosen
" Lena chois sin, roghnaíodh Wilkins mar dhuine den deichniúr bainisteoir is fearr i stair an NBA.
roghnaithe chosen
" Fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite go bhfuil Proinsias Ó Maonaigh as Gaoth Dobhair roghnaithe mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004.
nuair a roghnaíodh í when she was chosen
" Chaith sí go leor dua le bunú cumann úr fud fad na Sé Chontae agus aithníodh an tsárobair a rinne sí i 1978 nuair a roghnaíodh í mar chathaoirleach ar an pháirtí, an chéad bhean a bhain cathaoirleacht amach i bpáirtí ar bith polaitíochta ó thuaidh.
a roghnaítear na saothair a thaispeántar that the works that are shown are chosen
" An tslí a roghnaítear na saothair a thaispeántar ná go gcruinníonn ochtar nó mar sin de na hacadamhaithe le chéile chun iad a mheas.
á roghnú being chosen
" Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.
á roghnú being chosen
" Nuair a bhíonn ceamara á roghnú, tá sé tábhachtach go mbeadh lionsa maith ann, rud a bhíonn i bhformhór na gceamaraí a dhéanann na comhlachtaí traidisiúnta ceamaraí a tháirgeadh.
roghnaithe chosen
" Tar éis duit na grianghraif atá roghnaithe agat a sheoladh chucu thar an idirlíon is féidir iad a íoc le cárta creidmheasa chun na híomhánna a chlóbhualadh duit agus a sheoladh ar ais sa phost chugat.
roghnaithe chosen
" De réir na stráitéise náisiúnta sin ba chóir go mbeadh ospidéal réigiúnach nó áitiúil sna molbhailte atá roghnaithe.
roghnaithe chosen
" Is í Cathair Chorcaí atá roghnaithe mar chathair chultúrtha na bliana seo agus beidh tús oifigiúil á chur le "Corcaigh 2005, Cathair Chultúrtha na hEorpa", go luath.
a roghnófar that will be chosen
" Ar aon nós, tá súil againn nach é oráiste an dath a roghnófar an chéad Lá Fhéile Pádraig eile, is cuma cén t-imeacht nó cúis atá oifigeach éigin sa DOE ag iarraidh a phoibliú.
roghnófar na buaiteoirí the winners will be chosen
" Míníodh don slua a bhí bailithe i Milwaukee don ócáid go bhfuil na hiarratais le bheith istigh faoin 2 Nollaig 2005 i mbliana, agus roghnófar na buaiteoirí tar éis do scrúdú bheith déanta ar thuairiscí scríofa ó na coistí a bheas rannpháirteach sa chomórtas.
roghnaithe chosen
" Níor phreasócáidí iad seo; thug sé na hóráidí (ar mar an gcéanna iad go léir, nach mór) den chuid is mó ar maidin lá dálaigh os comhair lucht féachana a bhí roghnaithe go hiomlán ó fhórsaí armtha na tíre.
roghnaithe chosen
" AÓF: Cén chaoi a dtosaíonn tú ansin? An dtagann an ceol nó na focail chugat ar dtús? CÓD: Ní féidir liom focal a scríobh gan fonn a bheith roghnaithe nó cumtha agam i dtosach.
roghnaítear an rialtas the government is chosen
" In Éirinn, roghnaítear an rialtas as baill an pháirtí (nó na bpáirtithe) a fuair móramh Dála i dtoghchán, agus sa chás sin is ionann comh-aireacht agus rialtas.
go fánach a roghnaíodh na láithreacha the sites were chosen randomly
" Ceann de na fadhbanna a bhaineann le sin ná gur go fánach a roghnaíodh na láithreacha a bhí le sochar a bhaint as an dílárú.
a roghnaíodh don tseirbhís nua that was chosen for the new service
" Raidió na Life an t-ainm a roghnaíodh don tseirbhís nua agus tar éis feachtas láidir leanúnach, chuaigh an stáisiún ar an aer ar an 25 Meán Fómhair 1993 le ceadúnas ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann.
dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino if the likes of Marino College were chosen
" Ní bheadh aon chostas breise ar an stát dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino mar an coláiste oiliúna Gaeilge, rud a bheadh tábhachtach do rialtas a bheadh sásta seo a bhrú ar aghaidh.
roghnaithe chosen
" Táthar ag tabhairt "an I-65 Superbowl" ar an gceann seo, ó ainm an bhóthair idir Siceágó agus Indianapolis, na cathracha arb as an dá fhoireann atá roghnaithe i mbliana – na Chicago Bears agus na Indianapolis Colts.
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh. two teams are chosen for the final.
" Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
roghnaithe, chosen,
" Nuair a nochtadh freagracht theoranta an Údaráis, d’éirigh an cathaoirleach a bhí roghnaithe, an tOllamh Margaret O’Mahony ó Choláiste na Tríonóide, as a post.
cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla why English words were chosen
" Bíodh sin mar atá, ní dócha go bhfuil call leis agus chuirfeá ceist ort féin cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla thar cinn Ghaeilge i gcásanna áirithe.
roghnaithe ag an Urramach Paisley chosen by the Reverend Paisley
" Agus cé atá roghnaithe ag an Urramach Paisley le hagallamh a chur air i dteanga na nGael? Cé eile ach Balor na Súile Nimhe agus na Saoithiúlachta Stuama.
roghnaithe chosen
" Ach, ag an am chéanna, is rud dearfach é a bheith roghnaithe mar sin agus a bheith ag traenáil le traenálaí gairmiúil.
roghnaithe chosen
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
Roghnaíodh an t-ainm seo This name was chosen
" Roghnaíodh an t-ainm seo mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna.
dá roghnófaí tú if you were chosen
" Ba é *ethos* na scoile ná gur scoil rugbaí í agus go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid a bheith i láthair dá roghnófaí tú d'fhoireann na scoile.
roghnaíodh é mar chúl báire! he was chosen as a goal-keeper
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
roghnaíodh chosen
" De réir na litreach a fuair mé ó chomhlacht darbh ainm dó Grupo Eulen Security Company SA, roghnaíodh m'ainm mar chuid den “*international promotion programme*” atá acu.
á roghnú. being chosen
" De réir bhunreacht na tíre, is faoi mhonarc na Ríochta Aontaithe é ard-ghobharnóir na hAstráile a cheapadh, ach glacann sé nó sí le comhairle phríomh-aire na hAstráile i dtólamh agus an t-ionadaí á roghnú.
ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú a better time couldn't be chosen
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
Roghnaítear na rincí the dances are chosen
" Roghnaítear na rincí as an leabhar *Ár Rince Foirne* den chuid is mó agus dar le Ní Mhearraí, tá siad i ndiaidh cúpla seanrince a athbheochan chomh maith.
cine tofa Dé chosen or elected race of God
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
Roghnaítí Used to be chosen
" Roghnaítí Liam agus beirt dhalta eile má bhí pictiúr ar bith le déanamh.
a roghnaíodh who was chosen
" Ina measc siúd a roghnaíodh roimhe seo le bheith ina Marianne, bhí leithéidí Brigitte Bardot (1968) agus Catherine Deneuve (1985).
roghnaithe chosen
" Cé go gcuideoidh PIGWS leis na ceithre thír a bhí roghnaithe le bheith páirteach ann, is ríléir go mbeidh an-chabhair eile ag teastáil uathu, má tá siad le dul i ngleic lena bhfadhbanna dífhostaithe agus tearcfhostaíochta.
thaghadh chosen
" Thèid aon bhuidheann a thaghadh air an oidhche le bhòt poblach, a' cleachdadh bhòt eadar-lìon agus bhòt pàipeir anns an talla.
thaghadh chosen
" Thèid aon bhuidheann a thaghadh air an oidhche le bhòt poblach, a' cleachdadh bhòt eadar-lìon agus bhòt pàipeir anns an talla.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh an dáta seo mar an lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil ar 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig an chéad chabhlach i dtír i gCuan Sydney.
roghnaithe have been chosen
" Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
roghnófar shall be chosen
" Tá sé oscailte do dhuine ar bith atá ina chónaí sa Bhreatain agus ba mhaith leis an ealaíontóir go mbeadh meascán daoine le feiceáil iontu siúd a roghnófar, a bhéarfaidh léargas cothrom ar réigiúin éagsúla na Breataine agus a mbeidh cothroime ann ó thaobh mionlaigh chine agus inscne.
roghnaíodh was chosen
" Ní trí thimpiste a roghnaíodh an áit áirithe seo chun a leithéid de chuimhneachán a thógáil.
roghnaíodh was chosen
" ” Cuirim i gcuimhne di gur roghnaíodh í mar Miss Cork cúig mhí ó shin.
roghnaíodh was chosen
" Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
roghnaíodh was chosen
" com/watch?v=r_e1Ughougc&feature=related) Ceist ag Balor an Bleachtaire oraibh, a léitheoirí cliste: bhur mbarúil cad tuige gur roghnaíodh an dá áit sin? Bhur bhfreagraí, le bhur dtoil, scríofa go soiléir ar nóta caoga Euro chuig Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil faoi dheireadh na míosa seo, le bheith istigh ar sheans duais mhór a bhaint: deireadh seachtaine Gaeltachta san Iarthar.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh an scoil de bharr go raibh cúlra eitneach na ndaltaí mar an gcéanna leis an meán i Sasana.
fíreannaigh chosen(few)
" Scríobh sé féin doiciméad tábhachtach i Laidin ar a dtugtar an Confessio, a thosnaíonn leis an abairt seo: ‘Mise, Pádraig peacadh, an té is tuathaighe agus is lugha de sna fíreannaigh go léir, as is táir ag a lán mé.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh Simon Le Bot, fear as an mBriotáin, ina imreoir is fearr don bhliain 2009 ag ócáid mhór cheiliúrtha a bhí ag an gclub i mí na Nollag seo caite.
roghnaithe chosen
" Tá páirc an áir roghnaithe ag Sarkozy don chéad toghchán uachtaránachta eile.
roghnaítear is chosen
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh Doire mar Chathair Chultúrtha na Ríocht Aontaithe don bhliain sin agus beidh Comórtas Turner mar cheann amháin de lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
toghadh was chosen
" Dúradh linn gur toghadh an múinteoir as mná óga na treibhe, ach níor luadh rud ar bith faoin mbean seo a bheith oilte ar an múinteoireacht.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh an Ghaeilge mar chomhartha neamhspleáchais ag an Saor-Stát nua siar sna 1920í, agus cuireadh béim uirthi mar chuid dár bhféiníomhá náisiúnta.
roghnaithe chosen
" Is ábhar misnigh do lucht Fhianna Fáil go raibh Mícheál Martin roghnaithe ag 31% de na vótairí mar Thaoiseach i gcomórtas le 24% i bhfábhar Gilmore agus 19% i bhfábhar Enda Kenny! Cé nach bhfuil ach 16% ag admháil faoi láthair go vótálfaidh siad d’iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghcháin, creidim go mbeidh an leibhéal tacaíochta níos airde ná sin ar an lá agus go bhféadfadh vóta Fhianna Fáil a bheith gar do 25% sa toghcháin, rud a thabharfas 35+ suíochán dóibh.
Roghnaíodh were chosen
" Roghnaíodh iad, is cinnte, mar gur beirt iad a mhúsclódh comhbhá an lucht féachana.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh an dáta seo don lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.
roghnaíodh was chosen
" Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
roghnaithe chosen
" Leisce orm Dóchas a chur i Dinny: =================== Tá Dinny Mc Ginley sa gcás céanna anois is a bhí Éamonn Ó Cuív i 1997: é roghnaithe ina Aire Sóisearach i gcomhrialtas nua, le freagrachtaí na Gaeilge is na Gaeltachta ar a ghualainn.
thoghtar is chosen
" **Tar éis athbhreithniú a bheith déanta ar theorainneacha na Gaeltachta ba cheart tabhairt faoi Údarás na Gaeltachta a athrú ó bhun go barr:** an bealach a thoghtar an Bord a leasú sa gcaoi is nach mbeidh forlámhas a thuilleadh ag na páirtithe polaitíochta ar an bpróiséas.
Roghnaíodh were chosen
" au/exhibitions/irish_in_australia/personal_stories/) Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint.
iarrthóir tofa chosen candidate
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
Má roghnófar é if he’s chosen
" Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige? “B'fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
roghnófar shall be chosen
" An mhí seo, roghnófar 108 ball Tionóil agus leanfaidh siad leo ag cur dúnghaoisí nualiobrálacha i bhfeidhm mar a rinne gach rialtas Stormont roimhe seo.
roghnaíodh an triúr páistí the three children were chosen
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
Roghnaíodh was chosen
"Roghnaíodh Collins mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiún Comhionannais sa tuaisceart i 2005, ceapachán nár thaitin le hAontachtaithe cionn is gur tugadh an post do “choimhthíoch”, fear “not likely to command the confidence of the majority community in Northern Ireland," mar a thug Peter Robinson air.
Roghnaíodh was chosen
" Roghnaíodh an dath seo de bharr gur léirigh taighde gurb é seo an dath ba lú tarraingt do chaiteoirí tobac.
roghnaithe chosen
" Tá ealaíontóirí roghnaithe ag Castro agus Viveros- Fauné atá clúiteach ina gcáilíocht féin agus a bhfuil dearcadh domhanda ag baint leis an leagan amach saíochta agus polaitíochta atá le fáil ina saothar.
d’ábhar roghnaithe chosen material
" 99 Eolas faoi oidhreacht an Riadaigh: Chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an Riadaigh, tá Gael Linn ag foilsiú bailiúchán de thrí dhlúthdhiosca d’ábhar roghnaithe óna shaothar.
Roghnaíodh was chosen
" ) Roghnaíodh córas coistí i Libia leis an tír a rialú.
roghnaithe chosen
" Is léir ó na comhaid go ndearna an chéad Phríomhfheidhmeannach a bhí ag an Údarás iarracht tionchar a imirt ar cé a bheadh roghnaithe ar bhord na heagraíochta.
Roghnaítear is chosen
" Roghnaítear cúlra an Fhómhair leis an gceiliúradh a chur ar bun mar tagann claochló ar an timpeallacht i rith na ráithe sin ar an oileán.
scríobhtar nó a roghnaítear written or chosen
" Déanann an breiseán téarmaí Gaeilge agus Béarla a scríobhtar nó a roghnaítear i gcáipéis Word a chuardach go huathoibríoch ar an dlúthdhiosca, rud a fhágann nach gá cóipeáil agus greamú.
roghnófar shall be chosen
" Gona Laigí ===== Maidir leis an bpróiséas pleanála teanga féin, níl mórán seans go n-oibreoidh an cur chuige atá fógraithe ar roinnt cúiseanna: - (i) Deirtear go roghnófar ‘príomheagraíocht cinnireachta amháin’ i ngach ceantar chun an phleanáil a dhéanamh.
réimse tionscadal a roghnaíodh a range of projects which were chosen
" Múscailt an tSamhraidh ========= Beidh leath d'airgead an Redadeg (timpeall €60,000) ag dul chuig Diwan, agus an leath eile chuig réimse tionscadal a roghnaíodh ag 'kuzul ar re fur' (comhairle na ngaoiseach), comhairle speisialta eagraithe ag foireann an Redadeg le daoine ón earnáil cultúrtha nó teagaisc.
roghnaítear iad they’re chosen
" Is Mór an Ní a Bheith Ann ============ Dea-theist arís ar ghluaiseacht an gCluichí Oilimpeacha ná go mbíonn deis ag lúthchleasaithe as gach tír ar domhan páirt a ghlacadh sna cluichí a fhad is a shroicheann siad bunchaighdeán a bhíonn leagtha síos ag na heagraíochtaí spóirt iad féin agus go roghnaítear iad ar fhoireann Oilimpeach a dtíre féin.
Roghnaítear cathracha éagsúla different cities are chosen
" Roghnaítear cathracha éagsúla gach ceithre bliana, agus tá Tampa, Florida roghnaithe ag na Poblachtánaithe i mbliana agus tá Charlotte, North Carolina roghnaithe ag na Daonlathaigh.
cé atá roghnaithe aige who he has chosen
" Coicís roimh na coinbhinsiúin, fógraíonn ardiarrthóir an pháirtí cé atá roghnaithe aige mar iarrthóir leasuachtaránachta.
roghnaíodh seacht gcas seven cases were chosen
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
roghnaithe chosen
" Tharla macasamhail seo in áiteanna eile timpeall na tíre a raibh antoiscigh roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtánach, agus b'é bun agus barr an scéil gur choinnigh an Páirtí Daonlathach greim daingean ar an Seanad, rud nach rabhthas ag súil leis.
Bhí sé d’ádh ormsa gur roghnaíodh mise I had the luck to be chosen
" Bhí sé d’ádh ormsa gur roghnaíodh mise mar theagascóir ICUF i mbliana.
Roghnaítear is chosen
" Roghnaítear an lá sin ionas go mbíonn muintir na cathrach in ann an lá breithe a cheiliúradh sa dóigh fhíor-Astrálach: thar deireadh seachtaine fada! Déanta na fírinne, tapaíonn daoine go leor in Canberra an deis an deireadh seachtaine fada a chaitheamh ar chósta theas New South Wales, cúpla uair an chloig soir uainn, le héalú ó bhrú na cathrach agus ó bhrothall an fhómhair.
roghnaíodh was chosen
" Léiríodh míshástacht faoi Phríomh-Ionadaí Chomhthionóil an Chéid Náisiúin a roghnaíodh, Shawn Atloe, agus bheartaigh ceannairí ó Ontario agus Manitoba (dhá chúige i gCeanada) gan freastal ar an gcruinniú.
thoghtar is chosen
" Cinnte, tá easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a thoghtar an Seanad.
Roghnófaí na codanna sin those bits would chosen
" Roghnófaí na codanna sin den Phlean nach raibh aon chostas breise ag baint leo agus chaithfí an chuid eile i dtraipisí.
ní roghnóidís they wouldn’t have chosen
" Costas Nuachtán Clóite ========== Dá mba mhian le Foras na Gaeilge freastal ar an oiread daoine agus a b’fhéidir, ní roghnóidís formáid ar líne amháin.
roghnaíodh eagraíocht gan Ghaeilge an organization without Irish was chosen
" Cén léamh atá agat féin ar an scéal sin?** AÓC: Sílim go raibh sé tubaisteach gur roghnaíodh eagraíocht gan Ghaeilge le comhairle a chur ar eagraíochtaí Gaeilge.
fíréin the chosen ones
" Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill.
cogaí roghnacha thubaisteacha chosen disastrous wars
" Sna Stáit Aontaithe, tá siadsan ag suansiúl go bacach ó ‘aill fhioscach’ go géarchéim maoinithe (gan a bheith ag trácht ar na cogaí roghnacha thubaisteacha a tharraing siad orthu féin le deich mbliana anuas).
roghnaíodh mise I was chosen
" As sin, roghnaíodh mise agus, níl a fhios, b’fhéidir scór eile agus chaith muid roinnt deireadh seachtainí ag plé leis an scríbhneoireacht.
roghnaithe go cúramach chosen careful
" Tá achan uile fhocal agus achan uile líne roghnaithe go cúramach.
roghnaítear madra a dog is chosen
" “Lorgaítear an luach is fearr don mhadra ar mhian leo ceannach ach go minic roghnaítear madra nach bhfuil cláraithe ó dhuine gan cheadúnas oifigiúil.
tá sé nó sí sna firéin he or she is of the chosen people
" Más Giúdach é nó í, tá sé nó sí sna firéin.
roghnaithe ag chosen by
" Fágann an córas casta úr seo go bhfuil fear nach bhfuil tofa (Cathal Seoighe) roghnaithe ag Comhairle Contae Contae na Mí; fear nár sheas sna toghcháin áitiúla (Dáithí Alcorn) ag déanamh ionadaíochta ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus fear ar dhiúltaigh an toghlach dó (Seosamh Ó Laoi) ag freastal ar Ghaeltachta na Gaillimhe.
roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. chosen as the president of the festival.
" Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile.
fíréin the elect, chosen
" Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.