B’fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí a chinntiú anois, cuir i gcás, go mbeadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge mar chuid d’Aireacht eile - An Roinn Oideachais, Eolaíochta agus Gaeltachta b’fhéidir, cé go bhfuil go leor ann a chreideann gur buille tubaisteach eile a bheadh ann cúrsaí na teanga a chur faoi scáth Roinne a meastar nár léirigh ach
doicheall don teanga le blianta fada.