Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chiach sadness
" Bhí mé cinnte gur ag tagairt do chiach agus do chiamhaire agus do chian an amhráin a bhí siad, ach ní hea! Ag tagairt don spota buí ar thóin a dhráir a bhí siad! An duine nach raibh spota buí ar thóin a dhráir ariamh seasadh sé suas.
mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail I felt the numbing sadness of a people
" Scríobh an t-iriseoir Hugh Lunn: "Chonaic mé an t-imeacht sin, chonaic mé fimínteacht lucht polaitíochta an domhain, mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail agus cine eile ag glacadh seilbhe orthu.
cúis bhróid agus bhróin matter for pride and sadness
" " Tá rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.
idir fhearg agus bhrón both anger and sadness
" Tháinig idir fhearg agus bhrón orm, ach b’fhánach an rud agam é féachaint le cur ina luí air go raibh dul amú air.
Maolaíonn an brón. The sadness decreases.
rian den bhrón a trace of sadness
" “Agus idir an lá sin agus an lá a fuair m’athair bás, ceithre bliana ina dhiaidh sin, níor chiall sé oiread is cluiche amháin!” Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil nuair a bhí siad níb óige, is léir go bhfuil rian den bhrón ann mar sin féin.
Cúis mhór bhróin a great cause of sadness
" Cúis mhór bhróin do Gael Linn é bás Riobard Mhic Góráin, fear a thug seirbhís saoil don eagras agus don Ghaeilge.
ag tabhairt údar bróin giving a cause for sadness
" Mar sin, d’iompaigh na mic a máthair sa chaoi is nach mbeadh a haghaidh ag tabhairt údar bróin dá fear céile.
ba chúis bhróin é it was a cause of sadness
" Ach ba chúis bhróin é céad mhór-eachtra na bliana nuair a fuair David Ervine, ball den PUP a raibh ardmheas air, bás ar an 8 Eanáir.
go leor bróin agus fulaingthe a lot of sadness and suffering
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
cumhaidh sadness
" An saibhreas aisteach Gaeilge sin a tharraing scoláirí isteach an taobh tíre sin le casadh leis na sárchainteoirí, John hInnéirí agus Seán Ó Dochartaigh (Pumps) i gCill Ghallagáin, Johnny Burns, Stanton agus daoine nach iad, grásta ó Dhia orthu, caithfidh sé go dtuigeann tusa an cailleadh saibhris atá ag imeacht le gach glúin mar sin agus an gcuireann sé cumhaidh ort?** BNC: Cuireann.
dobrón great sadness
" Tá sé beo beathach inár measc sa dobrón a mhothaíonn daoine na deicheanna de bhlianta i ndiaidh duine a raibh grá acu dó nó di a bheith maraithe, gan aon chúis go minic.
Uaigneas an ghrá leatromaigh the sadness of unrequited love
" Uaigneas an ghrá leatromaigh an téama is mó a fhaightear ina cuid filíochta.
Is le brón a fógraíodh was announced with sadness
" Is le brón a fógraíodh an mhí seo caite go bhfuair an t-ealaíontóir iomráiteach, Éamonn Ó Dochartaigh bás i ndiaidh dó a bheith tinn seal fada le hailse.
Bhí smúid bróin orm I was upset with sadness
" Bhí smúid bróin orm ag imeacht tar éis mo chuid ama ina measc, agus ba dheacair slán a rá le mo chairde nua (an peata moncaí san áireamh), ach amháin go raibh mé sásta mo dhroim a chasadh le míoltóga marfacha na háite, na *mosquitos*.
droim dubhach sadness, melancholy
" Tá ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’.
bhrón agus uafás na bhfírinní móra sadness and horror of the great truths
" Um baist!!! Má d’fhág *‘The Tree of Life’* le Terence Malick iarrachtín neamhshásaithe mé (‘The Tree of Life’, Eagrán 125 ‘Beo’, Meán Fómhair 2011) do líon ‘Melancholia’ le gliondar bhrón agus uafás na bhfírinní móra mé, fiú más dubh é an gliondar céanna.
gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air he felt a dead and heavy sadness overcoming him
" Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis.
tréimhsí dobhróin agus uaignis periods of sadness and loneliness
" Cén fáth a mbeadh dúil ag daoine in íomhá chomh duairc sin? An é go bhfuil an pictiúr seo uathúil do dhaoine mar go léiríonn sé pianpháis an chine dhaonna ar dhóigh sothuigthe soiléir? Éamh an Eich ====== Deir an tOllamh David Jackson, Ollamh le Stair Ealaíne na Rúise agus Chríoch Lochlainn in Ollscoil Leeds, go bhfuil saothar suaite Munch purgóideach agus gur rud é seo a thuigeann an chuid is mó againn, mar go mbíonn tréimhsí dobhróin agus uaignis i saol achan duine againn.
Tubaiste agus ábhar dobróin a tragedy and a matter of great sadness
" Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é.
dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu sadness in all of their hearts
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
an greann agus an t-uaigneas comedy and sadness
" Tá an gol agus an gáire anseo, an greann agus an t-uaigneas agus, thar aon rud eile, ceiliúradh na beatha.
mothúcháin bhróin agus dúlagair feelings of sadness and depression
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
blaiseadh den bhrón orm feeling a touch of sadness
" Chodail mé seal faoi na flaithis, ach bhíos ag siúl go luath arís roimh éirí na gréine, blaiseadh den bhrón orm na dumhcha a fhágáil i mo dhiaidh.
an-bhrón go deo taobh istigh orthu a great sadness within them
" An amhrán dírbheathaisnéisiuil atá ann, a d'fhiafraigh mé de Julie? Daoine a Mhisniú ====== "Bhuel, san amhrán sin, bhí mé ag iarraidh sprid an tsóláis, sprid an fhaoisimh a chruthu agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil an-bhrón go deo taobh istigh orthu, agus chum mé an t-amhrán seo mar mhuirniú, mar chineál barróige ar dhuine le iad a shuaimhniú.
cumha na himirce the sadness of emigration
" Nuair a thosaigh mé á scríobh, chuaigh an siansa in aimhréidh agus nuair a bhí mé i Meiriceá, mhothaigh mé an chaointeacht sin arís – cumha na himirce, b'fhéidir agus tháinig gach rud le chéile ansin," ar sí.
i nduibheagán an bhróin in the depths of sadness
" “Bhí mé ag smaoineamh ar an fhear seo agus acmhainn iontach grinn aige, é iontach greannmhar, gealgháireach ach i ndiaidh bhás a chéadghrá, bhí sé i nduibheagán an bhróin.
Ba shiocair bróin dúinn it was a cause of sadness to us
" Ba shiocair bróin dúinn i Learpholl nuair a chaill muid an fidléir cáiliúil Seán Mac Con Mara (1928-2012) roimh Nollaig agus sciob an bhliain úr an Conraitheoir dílis Proinsias Mac Íomhair (1937-2013) uainn ansin.
uaigneas sadness
" Is beag nach mbeadh uaigneas ar dhuine i ndiaidh a leithéid ach leanann an saol ar aghaidh agus tagann laochra eile chun cinn.
an dobrón a chur dínn get rid of the immense sadness
" Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.
An Daonnacht i Lár an Uaignis humanity in the midst of sadness
" An Daonnacht i Lár an Uaignis ============ Oíche amháin, buailimid le Davis Mc Alary, DJ bocht a labhraíonn gan stad gan staonadh.
a chuid bróin agus dóláis a chur in iúl to express his sadness
" Tugann an t-amhrán misneach dó a chuid bróin agus dóláis a chur in iúl don chathair chromtha leis na focail chuí.
díomá nó brón disappointment or sadness
" Is cosúil áfach nach gann na gnéithe sin de scéalta an domhain nó na tíre a chuirfeadh díomá nó brón, míshásamh nó fearg agus fiú amháin, buille ar dhuine.
créacht agus loscadh cléibh eile another hurt and sadness
"créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.
Bíonn an Brón Siúlach sadness gets around
" Bíonn an Brón Siúlach ======== I ndiaidh don mhórshiúl athraitheach dul isteach sa trádstóras ollmhór seo, chomh mór le páirc peile, thosaigh an scaoileadh agus aisteoirí in éide saighdiúra ag rith amach is isteach ón scaifte, scaoileadh ard bodhrach urchair le cluinstin agus teannas inár measc.
cnead cumha as an tslua a gasp of sadness from the crowd
" Bhain scéala Louise Ní Fhiannachta faoi Pháidí Ó Sé cnead cumha as an tslua nuair a mhínigh sí go mbeadh Páidí 59 bliana d’aois an lá sin, dá mairfeadh sé, beannacht Dé leis.
ach tocht neamhbhuan just an ephemeral sadness
" Nuair a éiríonn an saol dúshlánach, brónach nó fiú amháin mí-ádhúil, sílim i gcónaí gur féidir linn glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán, nach mbíonn sa dorchadas ach seal agus nach mbíonn sa bhrón ach tocht neamhbhuan.
léiríonn Ignatieff cumha It shows sadness
" Cé go léiríonn Ignatieff cumha, macántacht agus cúthaileacht fiú agus an míniú á thabhairt, ní léir fé dheireadh an bhfuil freagra iomlán aige le tabhairt dá léitheoirí.
cumha sadness
" Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.