Bhí sé feicthe chomh minic ag Liam ó mhaidin go hoíche le trí nó ceithre lá gur faoiseamh dá shúile ab ea na maolchnoic ag síneadh ó dheas ar ardchlár na Tibéide.
Bhí sí romham arís, mullach bán uirthi mar a bheadh ar sheanóir ar bith agus rian na haimsire ar a craicinn, í ina seasamh go ciúin scéalach san áit ar cuireadh i dtalamh í míle go leith bliain ó shin.