Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
bhí mé sa bheár le cúpla cara agus bhí an chraic go hiontach
♦
I was in the bar with a few friends and it was great fun
♦
is beag baile i Meiriceá atá níos sine ná cúpla céad bliain
♦
there are very few towns in America that are older than a few hundred years
♦
Tá ollmhargadh agus cúpla monarcha in Indreabhán, ach ní baile fós é. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
There's a supermarket and a couple of factories in Indreabhán, but it isn't [what you would call] a town yet.
♦
Tá sé cúpla ciliméadar ón tsráidbhaile. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
It is a few kilometers from the village.
♦
níl ach cúpla nóiméad fágtha
♦
there only a couple of minutes left
♦
an mbeidh tú fós thart go ceann cúpla nóiméad eile?
♦
will you still be around for another few minutes?
♦
chuaigh mé thart ar an teach cúpla uair
♦
I went around the house several times
♦
Tá sé cúpla ciliméadar ón mBóthar Buí. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
It is a few kilometers from An Bóthar Buí.
♦
Chonaic mé í anseo cúpla uair le do mhac Dara. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I saw her here a couple of times with your son Dara.
♦
Cónaím cúpla ciliméadar soir an bóthar. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I live a couple kilometers up (eastwards) the road.
♦
Chas mé le cúpla seanchara as Baile na hAbhann nuair a bhí mé thall. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I met a couple of old friends from Baile na hAbhann while I was over there.
♦
Ní raibh saoire ar bith agam le cúpla bliain. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I have not had a holiday for a few years.
♦
Ar chas tú le cúpla seanchara? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Did you meet with a few old friends?
♦
Bhí sé fíordheas cúpla seachtain a chaitheamh anseo, ach beidh mé sásta a bheith ar ais sa mbaile mar sin féin. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
It was really nice to spend a few weeks here, but I will be happy to be back home all the same.
♦
Tá cúpla teach tábhairne ann, agus bíonn seisiúin cheoil ar siúl ag an deireadh seachtaine. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
There are a couple of pubs there, and there are often music sessions on at the weekend.
♦
Tá a bhean ag súil le páiste i gceann cúpla mí. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
His wife is expecting a child in a couple of months.
♦
Agus sin iad Seán agus Tomás - cúpla iadsan. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
And those are Seán and Tomás - they're twins.
♦
Anois, ba mhaith liom cúpla ceist eile a chur ort faoi chaitheamh aimsire. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Now, I'd like to ask you a couple more questions about pastimes.
♦
Tá mé i mo chónaí cúpla míle ó Ghaillimh. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I live a few miles from Galway.
♦
Tá áiseanna maithe ann: ionad siopadóireachta, cúpla teach tábhairne, bialann álainn, óstán agus linn snámha. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
There are good facilities there: a shopping centre, a few pubs, a lovely restaurant, an hotel and a swimming pool.
♦
Níl sé ach cúpla míle ó Ghaillimh. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
It's only a few miles from Galway.
♦
Níl siad ina gcónaí ach cúpla míle uaimse. 'Beo!', beo.ie
♦
They only live a couple of miles away from me.
♦
Is cosúil go raibh na hionsaithe seo á mbeartú ag saighdiúirí Osama Bin Laden le cúpla bliain. 'Beo!', beo.ie
♦
The attacks were apparently being planned by Osama Bin Laden's soldiers for several years.
♦
Ghortaigh mé mo mhuineál cúpla mí ó shin. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I hurt my neck a few months ago.
♦
Bhí mé ag machnamh ar seo cúpla lá níos déanaí. 'Beo!', beo.ie
♦
I was thinking about this recently.
♦
Ní raibh a bhean marbh ach cupla mí go rabhathas á rá i modh rúin go raibh sé ag smaoineamh ar cheann eile a tharraingt air. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
His wife was only dead for a couple of days when people started saying in secret that he was thinking of helping himself to a new one.
♦
Bhí an baile mór fá chupla céad míle dóibh. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
The city was a couple hundred miles away.