Pota Focal Intergaelic
bone | cone | done | hone | lone
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aicmithe zoning
" Tá cúrsaí aicmithe á socrú leis an chomhairle contae, cúrsaí bunreachta agus cúrsaí tógála (teachín folctha), agus tá pleanáil á déanamh don samhradh seo chugainn fosta.
as an "gcrios inimirce" from the 'immigration zone'
" Chomh maith leis sin, cuireadh reachtaíocht aisbhreathnaitheach i bhfeidhm a bhain Oileán Melville agus tuairim is 4,000 oileán eile i dtuaisceart na tíre as an "gcrios inimirce".
crios cogaidh war zone
" Agus cé go bhfuil liosta fada taismeach ag Arm Stát Aontaithe Mheiriceá agus ag Arm Shasana, tá Tony Blair ag iarraidh níos mó saighdiúirí a sheoladh amach go dtí an crios cogaidh.
ionaid choinbhleachta conflict zones
" Chaith sé tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí.
Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith the longest period that he was in a specific conflict zone
" Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith ná na blianta a chaith sé i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ní ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an *Observer* agus NBC.
lonnaithe i gCrioslach Glas Bhagdad based in the Green Zone in Baghdad
" Bhí Brownfield lonnaithe i gCrioslach Glas Bhagdad, ar ceantar faoi chosaint throm é.
Crioslach Glas Green Zone of Action
" Tá 110 saighdiúir lonnaithe i mBagdad, sa cheantar daingnithe ar a dtugtar an Crioslach Glas, le hAmbasáid na hAstráile a chosaint.
gcrios chumhdaigh protection zone
" Mheas muid go mbeadh an blár agus na bóithre ina gcrios chumhdaigh againn, agus go gceansófaí na lasracha sula sroichfidís ár dtithe.
dhírigh zoned in on
" org/wiki/Abbey_Street) Chuireas eagar ar dtús ar an gcleas – chaitheas méid áirithe ama ar gach guta agus ansin dhírigh mé ar pé amhrán nó ornáidíocht ar theastaigh uaim a fhoghlaim nó a chleachtadh.
teochrios tropical zone
" Faightear dhá shaghas crogaill san Astráil, an crogall fionnuisce agus an crogall inbhir, agus tá siad araon ina gcónaí sa teochrios.
criosanna maolánacha buffer zones
" Ar Cosaint ====== Tá criosanna maolánacha i dtaca leis na crogaill timpeall na limistéar uirbeach sa tuaisceart agus tá clár gaistithe ar siúl iontu.
bhearna bhaoil into the danger zone
" Is léir anois áfach, agus sinn ag amharc siar ar an fhiche bliain a chuaigh thart, go raibh an páirtí is mó sa tír ag sleamhnú isteach sa bhearna bhaoil i ngan fhios.
réimse intleachta intellect zone
" Chomh maith leis sin, an tábhacht atá ag baint leis an réimse intleachta, an íomhá d'Éirinn atá bunaithe ar an chultúr a chur ar aghaidh agus, ar ndóigh, beidh m’fheachtas bunaithe ar an taithí atá agam agus mé ag feidhmiú mar Aire in Éirinn agus thar lear agus ar an taithí atá agam ag troid ar son cearta an duine.
limistéar baolach danger zone
" Labhair mé leis tar éis an chluiche in aghaidh Manchain Aontaithe ag *Ewood Park*, nuair a chaill Rovers 0-2 agus thit siad isteach sa limistéar baolach, is é sin i measc ceithre fhoireann bun na sraithe.
bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh they live in a battle zone
" " Tá sé de rún ag lucht na ngunnaí cur ina luí ar dhaoine go bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh agus go gcaithfidh siad a bheith réitithe dó.
Crios Sómais an Duine a person’s comfort zone
" Crios Sómais an Duine ======== Meas tú cén fáth go bhfuil CLG chomh mór sin fós mar inspreagadh aige? Tá an freagra ag Steven Kernan, captaen fhoireann Chrois Mhig Lionnáin a bhuaigh Chraobh Club na hÉireann cúig huaire.
mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile the old school tie shall provide a comfort zone Níl tosaíocht tuillte ag a leithéid such people don’t deserve a precedence
" Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile.
toisc é a bheith sásta dul sa bhearna bhaoil because he’s willing to venture into the danger zone
" Saothar Dúshlánach Haneke ============= Is eisceacht shuntasach é Haneke toisc é a bheith sásta dul sa bhearna bhaoil agus na buncheisteanna sin a bhaineann le sochaí ár linne a chíoradh.
chur faoi chosc eitilte impose a no-fly zone
" Tháinig freagairtí ó thíortha an Iarthair ar an toirt: ba cheart rialtas Assad a bhuamáil; ba cheart an limistéar a chur faoi chosc eitilte; ba cheart airm breise a thabhairt do na ceannaircigh.
tuairiscí ó láithreacha cogaíochta reports from war zones
" Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.