Pota Focal Intergaelic
wield | bleid | dil | dile | eil
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toradh yield, return
" Is é seo an táirge is fearr ar an margadh le toradh ráthaithe le fada an lá.
má ghéilltear do na fórsaí sin if those forces are yielded to
" Tá imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain má ghéilltear do na fórsaí sin.
géilleadh to yield
" Cé go raibh feisire áitiúil, Bob Parry (nach maireann), i láthair agus ag argóint leis an chigire Owens, ní raibh seisean sásta géilleadh.
toradh yield
" Ach is é an córas is iontaofa, is fusa a úsáid, is saoire, agus is gaiste chun toradh a chur ar fáil an ceann atá le moladh, más ann dó! Agus mura bhfuil ann dó, an córas is mó a shásóidh an chuid is tábhachtaí de na coinníollacha sin.
ag géilleadh don dlí yielding to the law
" Tá an-suim aici sa mhéid daoine atá ag géilleadh don dlí ansin, mar admhaíonn sí go mbíonn a lán daoine i Learpholl ag caitheamh tobac in áiteanna a bhfuil cosc air faoi láthair, mar shampla i stáisiúin traenach.
géilleadh don to yield to
" Tharraing an robáil aird gach duine ón bhfíorfhadhb, is é sin le rá, cinneadh rialtas na Breataine uair amháin eile géilleadh don Dr.
géilleadh do to yield to
" Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair.
géilleadh yield
" Bhí sé toilteanach tréimhse a chaitheamh i gcarcair seachas géilleadh ar a chuid prionsabal.
ní a ghéilleadh to yield
" Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann aon ní a ghéilleadh do na meáin, gan srianta breise a chur orthu maidir le sárú príobháide.
géillstin yield
" “Ar an drochuair, níl a fhios agam cad é mar a deir tú le himam go gcaithfidh Ioslam – focal a chiallaíonn “géillstin” – géillstin do chearta daonna na Náisiún Aontaithe.
géilleadh to yield
" Seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin ach géilleadh ar an cheist seo agus ar oirniú na mban, mar nach léir go dtiocfaidh aon bhorradh faoi líon na n-ábhar sagairt amach anseo.
géilleadh an Pholainn do Stalin Poland was yielded to Stalin
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
ag géilleadh don mhinistir Baisteach yielding to the Baptist minister
" Níor lú an t-iontas a bhí orthu nuair a d'éirigh sé as an rás, ag géilleadh don mhinistir Baisteach Mike Huckabee a bhí i bhfad chun deiridh ar Romney féin agus ar an móriarrthóir, John McCain.
géilleadh dóibh to yield to them
" Sin an fáth a mbíonn siad ag tógáil ballaí thart timpeall orthu féin in áit dul i mbun díospóireachta le daoine nach n-aontaíonn leo, ach a bhíonn sásta géilleadh dóibh in amanna.
géillte yielded/accepted
" Tá an pointe sin géillte agus ní cúis dom a thuilleadh é.
géilleadh go grod yielding abruptly
" Am ar bith is maith leat, a mhórgacht!” Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh go grod d’údarás eagarthóir Beo Ar Éigean agus ag druidim a ghuthán póca le plimp.
ghéilleadh yield
" Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.
ag géilleadh yielding
" ” Seargluí an Mhílaochais ========== Fad is a bhí an comhrá seo ag dul ar aghaidh ar an ghuthán phóca, bhí an gheonaíl agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh arís agus arís eile d’údarás an eagarthóra.
dhéanann fulangach agus géilliúil muid makes us indulgent and yielding
" Deir Rauterberg go ndéanann fógraíocht ionradh den chineál seo maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail, rud a dhéanann fulangach agus géilliúil muid.
rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair they had yielded to Western pressure
" Ní raibh Moscó ná Béising sásta go mbeadh an chuma ar an scéal go rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair.
chaithfeadh duine amháin géilleadh one person would have to yield
" Bhí dhá sciúine ann, agus san áit a raibh cumar an dá shraith, chaithfeadh duine amháin géilleadh don té a bhí ag teacht ina choinne.
Níor ghéilleadar they didn’t yield
" Níor ghéilleadar don maistíneacht institiúideach, eaglasta.
géilleadh don éadóchas of yielding to despair
" An Turas Spleodair ======== Ach, má bhíonn leithéidí Lance Armstrong ann, bíonn na dea-scéalta ann freisin agus dóthain díobh sin le nach baol dúinn géilleadh don éadóchas.
go leor leor a ghéilleadh plenty to yield
" Bhí ar phoblachtánaigh go leor leor a ghéilleadh nuair a tugadh aitheantas do Thuaisceart Éireann, stát a rinne géarleanúint ar náisiúntóirí mar pholasaí.
deacair gan ghéilleadh hard not to yield
" Tuigim go bhfuil brú seasta ón mBéarla agus go bhfuil sé deacair gan ghéilleadh anois is arís don nath cainte nó don choincheap a thagann go saoráideach ón mBéarla.
beagán a ghéilleadh to yield a little
" 2m a chaitheamh ar an gcaoi sin ná é a bheith caite amú ag aistriú is ag cló leaganacha Gaeilge de thuarascálacha bliantúla agus de chuntais iniúchta, do 600+ de na heagrais éagsúla stáit? An bhfuil muid sásta an cheist a chíoradh go hoscailte? An mbeadh muid sásta beagán a ghéilleadh le mórán a bhaint amach?
mbeidh orthu géilleadh don gcóras sin they shall have to yield to that system
" Nuair a sheasann iarrthóirí i dtoghchán Dála tuigeann siad go bhfuil an córas seo i bhfeidhm agus go mbeidh orthu géilleadh don gcóras sin muna mbeidh ar a gcumas a dtuairimí féin a chur siar ar an bpáirtí go héiritheach i gcónaí.
ar tí géilleadh don tuirse about to yield to tiredness
" Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse, chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach.
líon a bhéarfas a number which shall yield
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
tá an tuiseal ginideach ag géilleadh the genitive is yielding
" Cinnte, tá an ghramadach ag athrú – tá an tuiseal ginideach ag géilleadh don tuiseal tabharthach, mar shampla – ach ta na hathruithe seo ag tarlú taobh istigh den teanga agus ní de bharr thionchar an Bhéarla.
a thálann aigéad which yields acid
" Níl meáin chumarsáide BhÁC chomh meallta ach oiread is a bhíodh na blianta ó shoin le coillte sitce, coill aon chineál síorghlas a thálann aigéad go seasta.
géilleadh ar yield in the matter of
" Ní féidir leis an rialtas géilleadh ar shocrú Bhóthair Haddington do cheardchumann amháin, gan na ceardchumainn a vótáil ar son an chomhaontú a chur in aer.
Ní féidir foras mar sin géilleadh an institution like that cannot yield
" Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla nó tá deireadh ar fad caillte.
ní féidir géilleadh one can't yield
" Ach ní féidir géilleadh don éadochas.
gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha not to yield to the sisters’ threat
" “*Fortified by one of Roy’s dangerously potent dry Martinis*”, mhol a chomhairleoir Anthony Lester don Stát-Rúnaí gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha go nglacfaidís lámha ina mbás féin muna gcuirfí iad siar go carcair Éireannach.
is doiligh gan ghéilleadh don tuairim it’s hard not to yield to
" Ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann le caitheamh leis mar ábhar práinne agus is doiligh gan ghéilleadh don tuairim go bhfuil a thuilleadh imeallú déanta ar an Ghaeilge sa státchóras.
ghéilleadh to yield
" Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.