scríbhneoirí na conspóidíochta
polemical writers
Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha,
scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.
scríbhneoir cónaithe
writer in residence
Chaith Cathal trí bliana mar
scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chúil Raithín agus in Ollscoil na Banríona idir 1992-95 agus ansin sé mhí i mbun an phoist chéanna i nGaillimh i 1996, an bhliain chéanna a ceapadh é mar bhall d'Aos Dána.
cumadóir amhrán
song writer
"
Chuir Peadar Tadhg Mac Dhonnagáin as Maigh Eo,
cumadóir amhrán do dhaoine fásta agus do leanaí, i dteagmháil le Nikki i 1998.
scoth na n-údar
the best of writers
Is é is sprioc do *Transcript *ná lucht léitheoireachta a aimsiú do
scoth na n-údar ar fud na hEorpa nach mbíonn díol an-mhór ar leabhra ina dteanga dhúchais.
scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha
energetic, challenging writers
Mar ar fud na hEorpa tá
scríbhneoirí fuinniúla, dúshlánacha ag inseacht scéal an duine.
scríbhneoir fógraí
sign writer
D'oibrigh Noonan mar mhaisitheoir agus mar
scríbhneoir fógraí agus bhí sé ina bhall den Transvaal '98 Centenary Committee - poblachtánaigh a bhí in aghaidh riail na Breataine San Afraic Theas.
scríbhneoirí físeacha
visionary writers
Tá sleachta as saothar
scríbhneoirí físeacha nua-aoiseacha mar Raymond Roussel agus Janis Karl Huysmans meascaithe isteach leis.
aos pinn agus aos scuaibe
writers and painters
Saothar iontach comhoibrithe idir
aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.
scríbhneoir aitheanta ar an cheist
a recognised writer on the matter
Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois?
"Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus
scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
cumadóir amhrán
song-writer
Nuair a bhí an feachtas toghchánaíochta deireanach ar siúl ag an SEA, chuir McCann féin dlúthdhiosca amach leis an cheoltóir/
cumadóir amhrán Peter O'Hanlon.
scríbhneoir den chéad scoth
a brilliant writer
Thug sé “
scríbhneoir den chéad scoth” uirthi.
scríbhneoir óráidí
speech writer
Gheobhaidh mé jab ceart litríochta duit: beidh tú mar
scríbhneoir óráidí domsa, agus mé mar Thaoiseach.
scríbhneoir an eagarfhocail,
the editorial writer,
“Tá na laethanta sin thart le fada,” arsa
scríbhneoir an eagarfhocail, ach mar a dúirt gníomhaí teanga amháin liom, tá an t-am a dtig le haontachtaithe a rá linn cad é le déanamh thart fosta.
faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil
under the leadership of the famous writer
B’as scríbhneoirí an cheantair seo, ar ndóigh,
faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil Langston Hughes, a d’eascair an “Harlem Renaissance” sna tríochaidí.
scriptscríbhneoirí
script writers
D’éirigh leis na
scriptscríbhneoirí Ian Clement agus Dick La Frenais, fir a bhfuil na sraitheanna teilifíse Lovejoy agus *Porridge *scríofa* *acu, an conradh a fháil.
ar shaothar an scríbhneora Chonallaigh seo
on the work of this Donegal writer
Ní thugann sé neamhaird
ar shaothar an scríbhneora Chonallaigh seo ach is ar an duine féin a dhíríonn sé den chuid is mó.
duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20ú haois,
one of the great Irish language writers of the 20th century,
Bhraith mé ag an am go raibh an fear seo,
duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20ú haois, ligthe i ndearmad agus gur chúis náire é gur tharla a leithéid.
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
writers haven't gotten rid of them
Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí,
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
scríbhneoir,
writer
An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag
foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an
scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta,
by the well known writer
Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo
regarding the personal view of this writer
Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir
maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
aos pinn na Gaeilge
Irish language writers
Ní hé nach mbaineann
aos pinn na Gaeilge úsáid as an seanchas agus ní hé nach léann daoine cnuasach seanchais nó scéalta traidisiúnta ó am go ham.
glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí
new generation of writers and journalists
Tháinig
glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí chun cinn a bhuíochas dó.
líon níb fhairsinge scríbhneoirí
a wider net of writers
Ní bheadh aon fhoilseachán eile i gcomórtas leis an nuachtán seachtainiúil ó thaobh léitheoirí nó fógraí a mhealladh agus bheadh
líon níb fhairsinge scríbhneoirí acu le tarraingt as.
chlóscríbhneora
type writer
Cuireadh mar a bheadh unicorn, nó aon bheann, ar a cheann agus sheasadh a mháthair taobh thiar dó ag coinneáil a chinn sochar fad is a threoraigh sé barr an unicorn i dtreo litreacha an
chlóscríbhneora - gach litir agus focal ag teacht uaidh go mall réidh.
scríbhneoir aithnidiúil
well-known writer
An Náire Shaolta
=========
Osclaíodh an taispeántas ar Lá Fhéile Pádraig agus rinne an
scríbhneoir aithnidiúil, Thomas Keneally, an oscailt oifigiúil.
na scríbhneoirí
writers’
Imeallachas
na scríbhneoirí, imeallachas an ghutha Ghaelaigh, imeallachas na Gaeilge agus cé déarfadh nach mionlach i gcónaí sinn in Éirinn na linne.
fhéile nua faoin scríbhneoir
new festival about the writer
Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an
fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain!
Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo
the splits in this really important generation of writers
D’éirigh leis insa leabhar seo fuinneamh, ionracas agus
scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo a scagadh go híogair.
na scríbhneoir cantail bunailt linn
the writers at the article bottoms
Gearáin
====
Is léir ó na daoine a ghearán roinnt de
na scríbhneoir cantail bunailt linn go gcaithfí gníomhú leis an scéal a réiteach luath nó mall.
ag scríbheoir aitheanta a thug breis agus
by a well known writer who spent more than
Músclóidh na nótaí léargasacha, scríofa
ag scríbheoir aitheanta a thug breis agus fiche bliain ag múineadh Ghaeilge go leibhéal na hArdteiste, paisean na mac léinn agus b’fhéidir léitheoirí breise, mar gur áis dhátheangach é.
bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir
the writer (LÓM) was jokingly
Ar ndóigh
bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir Liam Ó Muirthile nuair a bhaist sé an t-ainm sin air mar níl aon cheist ach go bhfuil ag éirigh thar cionn leis an chóras Gaelscolaíochta cumas i bhfad níos láidre sa teanga a thabhairt dá scoláirí ná mar a bheadh acu i scoileanna lán-Bhéarla.
a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht
which attempted to control the writer’s voice
Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “*paralysis*”, an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha
a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht.
ar nós an scríbhneoir cáiliúil
such as the famous writer
Bhí Fine Gael, faoi thionchar an Language Freedom Movement ag an am, dream a bhí nimhneach in aghaidh na Gaeilge ar an gcuid is mó acu, cé go raibh corrdhuine páirteach leo nach bhféadfaí sin a chur ina leith
ar nós an scríbhneoir cáiliúil ó Lios Tuathail, John B.
míshuaimhneas an scríbhneora
the writer's unease
com/articles/design-for-experience-promoting-empathy-for-users) le déanaí ba léir gur tháinig an t-alt in iomlán as
míshuaimhneas an scríbhneora le linn turas in ardaitheoir a bhí blaisín rófhada dó.
géarchúis an scríbhneora oilte
the trained writer’s sharp intellect
Muna bhféadfaí éalú ón namhaid, ar a laghad d’fhéadfaí é a chur fé scrúdú agus úsáid á bhaint as
géarchúis an scríbhneora oilte.
an staraí iomráiteach
the famous writer
Leabhar Reynolds
========
D’eisigh
an staraí iomráiteach, Henry Reynolds, an leabhar, *Forgotten War*, ar na mallaibh a tharraing aird nua ar an gcogadh.
ionad scríbhneoirí agus léinn
a writers’ and study centre
Is ann atá an áit a dtugann siad Tŷ Newydd air, an Teach Nua,
ionad scríbhneoirí agus léinn.
scríbhneoir scéinséiriúil
writer of thrillers
Arbh fhíor a rá go ginearálta gur
scríbhneoir scéinséiriúil thú a bhíos ag cíoradh ceist choimhthíos an duine?**
Séamas Mac Annaidh: Duine ón taobh amuigh, beagáinín aisteach, nach réitíonn leis na daoine eile atá thart air, tá imir de sin ann ceart go leor, ach leis an dá úrscéal sin, is dóigh go raibh mé ag iarraidh léiriú gur féidir leis an Ghaeilg cur síos ar aon tír, ar aon phobal, ar aon saghas duine.
gearrscéalaí
short-story writer
Seinneann Ó Snodaigh an fhliúit agus roinnt uirlisí eile, scríobhann sé ceol agus amhráin, is
gearrscéalaí é agus tá obair raidió déanta aige freisin.
gearrscéalaí
short story writer
Cé gur tógadh an
gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus léirmheastóir Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath tá oiread scríofa aici i nGaeilge is atá sa Bhéarla.
an scríbhneoir Maorach
the Maori writer
Tá cáil ar
an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta.
scríbhneoir céimiúil
distingushed writer
Úr te bruite! Tá éacht déanta ag (i)Beo!(/i) agus ag a
scríbhneoir céimiúil Balor.
údar cruthaitheach oilte,
a skilled creative writer,
Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar
údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí.
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir
our dreary world, the vale of tears, overcame the writer
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid.
scríbhneoir cáiliúil Béarla
famous english writer
Chas Tony Birtill leis an
scríbhneoir cáiliúil Béarla, Patrick McGinley, ina áit dúchais, Gleann Cholm Cille, an mhí seo caite.
cuairt an scríbhneora
the writer’s visit
D’fhág
cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.