Ní mhothainn an t-am ag dul thart go dtí go dtagadh a cúig a chlog agus ansin, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán le buidéal Rosé a shlogadh siar láithreach – bhínn traochta tar éis a bheith ag damhsa i rith an lae.
Tá carr, a scriosadh ina iomláine ag buama i mBaghdad roinnt blianta ó shin le feiceáil mar shaothar ealaíne san *Imperial War Museum* i Londáin faoi láthair.
Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair.
Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh *The Exmouth of Newcastle* 28/4/1848.