Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhúta worthless person
" Dónal ina mhúta ar chúl an chuntair, áit nach bhfaca mé riamh cheana é.
bheagmhaitheasach worthless
" Ach cad é "teanga gan úsáid" ar aon nós? Níl a leithéid de rud is "teanga gan úsáid" ann, ná a leithéid de rud is teanga "luachmhar" i gcomórtas le teanga "bheagmhaitheasach".
féirín a useless/worthless thing
" Nach agat atá an féirín, a Áine.
nach fiú cros na cianóige é that is totally worthless
" “Tá mé dubh dóite, dóthanach, tinn tuirseach agus bréan den phoiblíocht uilig atá á fáil ag an leabhar sin nach fiú cros na cianóige é, *Eats Shites and Leaves*,” a mhaíonn Balor na Súile Nimhe, Laoch na Litríochta.
gan fiúntas worthless
" Labhair sé ar an easpa muiníne a bhí aige as féin, an dóigh ar shíl sé é féin bheith gan fiúntas.
beagmhaitheasach worthless
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
gan luach, worthless,
" Samhlaigh chomh huaigneach agus éadóchasach is a bhraith an páiste sular mharaigh sí í féin – caithfidh gur bhraith sí go raibh sí gan luach, gan chara, gan mheas, gan ghrá ina saol.
níl aon mhaith in ailt bhunreachta chapters in the constitution ar worthless
" Ach níl aon mhaith in ailt bhunreachta mura bhfuil cúram leighis ar fáil do pháiste, mura bhfuil tacaíocht acu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu sna scoileanna, nó mura bhfuil na háiteanna cuí ann d’ógánaigh a chur faoi choinneáil.
bheagmhaitheasach seo this worthless (r.)
" Is straitéis idé-eolaíoch í an reitric bheagmhaitheasach seo d’fhonn aineolas is corrabhuais a chothú d’aon ghnó i measc an phobail Éireannaigh.