Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
géaraíonn ar an gcoimhlint the conflict worsens
" Aibreán 2016: géaraíonn ar an gcoimhlint idir iascairí na Spáinne agus iascairí na Portaingéile, agus cuirtear bád iascaigh go tóin poill.
imithe in olcas worsened
" Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
imithe in olcas worsened
" Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
ag dul in olcas worsening
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
chun donachta worsen
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
imithe chun donais worsened
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
rudaí imithe in olcas matters have worsened
"rudaí imithe in olcas sa chathair, ar an drochuair, ó scríobh mé an t-alt sin faoi Rhys Jones i 2007.
tá rudaí ag dul in olcas matters worsen
" “Is éigean é a dhéanamh, ar son na bpáistí, tá a fhios agat, is cuma faoin chostas” an dearcadh atá ag daoine atá ar beagán airgid agus dóibh siúd agus dóibh sin a bhfuil a gcuid postanna i mbaol, tá rudaí ag dul in olcas.
chuaigh an scéal in olcas worsened
" Thosaigh na hoilbhéimeanna seo ag teacht chun solais le linn aimsir Eoin Paul II, ach chuaigh an scéal in olcas le roinnt blianta anuas.
théann cúrsaí geilleagair in olcas economic matters worsen
" Bhí siad cinnte go dtagann borradh faoi líon na gcoireanna nuair a théann cúrsaí geilleagair in olcas.
ag dul in olcas worsening
" Cúig bliana caite ar an ollscoil agus an ghéarchéim gheilleagrach ag dul in olcas lá i ndiaidh lae.
chuaigh gnóthaí in olcas matters worsened
" An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air =============== Idir an dá linn chuaigh gnóthaí in olcas.
imithe chun donais worsened
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
I ndonas a théann worsen
" I ndonas a théann fadhbanna Alina agus í ag cur fúithi sa mhainistir ghruama, a bhfuil cuma na hinstitiúide uirthi.